Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Meisgeóir

Title
An Meisgeóir
Author(s)
Cúchulainn,
Pen Name
Cúchulainn
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Meisgeóir



Bhí fear ann tráth. Meisgeóir mór do b'eadh é.
Bhí punt tuarasdal 'sa tseachtmhain aige dá thuilleamh.
Ba ghnáth leis dul gach aon oidhche Dia Sathairn, agus gach
aon Domhnach 'sa bhliadhain go tigh tábhairne a bhí i ngar
dó. Bhí sé ag caitheamh a thuarasdail go léir nach mór
ann.



Aon Domhnach amháin do rug sé leis ceann dá
pháistibh go dtí an tigh tábhairne. Cheannuigh buillín
aráin dó, agus d'fhág 'na shuidhe i n-aice na teineadh é agus
chuaidh sé féin i dteannta a chómhluadair ag ól.



Ní raibh m'fhear macánta ró-fhada ag ól, nuair
d'airigh sé a leanbh ag gol. Tháinig sé aníos agus d'fiaf-
ruigh de cad do bhí air.



"Do bhuail bean a tighe mé," ar seisean.



"Cad 'na thaobh ariú" ars an t-athair.



D'innis an leanbh dó an sgéal mar leanas. Bhí an
leanbh bocht ag ithe a bhuillín aráin cois na teineadh agus bhí
corcán mairt-fheóla agus anbhruithe 'na aice. Do chúm sé
an t-arán ins an anbhruith. Chonnaic bean an tighe é, agus
thug sí buille dhó do leag beag nach sa teinidh é.
Ní dubhairt m'fhear focal, acht do rug ar láimh a mhic.
As an doras amach leis, agus treasna na sráide go tigh
an bhróthaire. Cheannaigh sé píosa feóla agus chuaidh sé
abhaile.



Do leath a' súile ar a mhnaoi nuair chonnaic sí ag
teacht chómh moch sain é, agus nuair connaic sí an fheóil bhí
iongantas níos mó ná sain uirri, acht níor leig sí pioc
uirri. Do tháinig sé isteach, agus d'órduigh sé píosa de'n
fheóil do chur síos ar an teinidh, is chuaidh sé amach chum
an gháirdín ag iarraidh cabáiste.



Fad do bhí sé amuigh d'innis an leanbh dá mháthair cad
do thuit amach agus bhí áthas uirri mar thuig sí ar an láthair
go raibh malairt saoghail ag teacht ar a fear.



Fad a bhíodar ag ithe a ndinéir an lá sain bhíodar
go sólásach, acht go raibh fear an tighe beagáinín dubh,
agus ní mar bhíodar cheana go dorcha agus go duairc ag ithe
práta agus braoinín sgiodair.



Ní gábhadh dhom a rádh ná fuar bean an tighe tábhairne
sin ná aon tighe tábhairne eile pinginn dá thuarasdal
ó'n bhfear bocht as sain amach, agus gur lean an rath é go
dtí lá a bháis.



Cúchulainn

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services