Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Nách iongantach an sgéal é. Tá na Bóraigh ag gabháil do chosaibh i Seaghan, i n-aindeóin Mhurchadha an Tóiteáin. Chonách géar sain ar Sheaghán, adéarfair, agus "fán ghéanna an oileáin" ar Mhurchadh. Ceapaim nách mar sin do labhrann an Bórach i n-aon chor. Ní fhuil uain aige ar mhionna 'ná madhm do thabhairt, mar tá sé ro-ghnóthach ag leanamhaint na ndóighteóirí, agus gibé áit go mbuailid siad leis cuireann sé piléar thríotha. Chonnac leitir 'sa pháipéar ó mhnaoi uasail i Bhepener agus deir sí go bhfuil an Saor Stát 'na charnaibh cnámh agus luaithe. Bhuaileadar isteach i dtrucaill í i lár na hoidhche, í féin agus a cailín beag, gan biadh gan deoch, agus do sheóladar í dá fhichead míle as an mbaile úd. D'innis an tiománaidhe dhi gurab é fáth an turuis go raibh De Bhet ag teacht ortha, agus go raibh eagla ar na Sasanachaibh go dtabharfadh sí rún dó. Táid na Sasanaigh ag fuadach na ngarsún agus 'gá gcur tar teórainn go tír na mBasútí, mar deir siad go bhfuil na garsúin go haicillidhe chum lámhach agus go gcabhróchadaois le De Bhet. Tá chrith cos ortha roimh an fhear seo. Ní fios dóibh cá mbuailfidh sé leó. Ins an áit nách bhfuil coinne leis sin é díreach an áit go mbíonn sé. Bhiadh sé annso um thráthnóna agus na Sasanaigh ag faire air, acht ar maidin i mbáireach bhuailfeadh sé buille trom éigin fiche míle ó bhaile. Is cosmhail é le fiolar. Thug Barton iarracht fá Dhe Bhet i dtosach na seacht- mhaine. Sgaip sé na Bóraigh, adeir Roberts, acht deir sé go bhfuil aithreachas air gur chaill Barton trí fichid fear. Trí fichid míle as an áit úd, cois Philipolis, sul a raibh an ghrian lá'r na bháireach go hárd 'sa spéir bhuail cheithre fichid marcach amach ar lorg Borach. D'éirigh De Bhet as an machaire rómpa. D'fhill móirsheisear aca agus sgéan 'na radharc. Ní fhuil cuntus cruinn againn fós i dtaobh an bhaile sin Iacobsdál, acht deirthear gur thóg gaisgidhidh De Bhet é, gur shíneadar an dream cosanta bhí suidhte annsúd, agus go bhfuilid ag briseadh isteach go tír na Rinne. Tá an sgéal ceudna le hinnsint i roinntibh eile ins an Transbhaal. Ghluais an Frínseach ó Charolina go Heidelberg agus bhí na Bóraigh gach oidhche is ló ag briseadh isteach air. Tá Laoiseach Bota ins an gceanntar úd, agus do mhill dearbhráthair dó darab ainm Hans dream marcach ar an mbothar iarainn dia thoir de Phretoria. Bhris sé an droichead ar a gcúl agus ar an am gcéadna buaileadh 'sa n-aghaidh iad. Theich na Sasanaigh bhochta acht bhí Hans, an beitheadhach, ag feitheamh leó, agus a bhéal osguilte aige. Do thriallas trí fichid míle i gcionn dhá lá, adeir Metuen na gaoithe. Bhí Delaré sin ar mo chliathán deas ar feadh na haimsire, agus do ghread sé mé go dian. Do sheasas dó nó trí uairibh acht ní thabharfadh sé cath dhom. Do chailleas cuid mhaith fear. Mo náire é a Sheaghain Bhuidhe, d'éis do chuid áitimh orainn le fada bhliadhantaibh nách raibh do leithéid le cródhacht ar dhruim an domhain, agus féach tá dream beag laoch ag sgaipeadh do shluaighte móra le bliadhain agus mí. Is mithid do na Bóraigh bheith cortha anois. Nuair do thuiteann fear aca ní fhuil duine le cur i n-ionad. Tá na Sasanaigh ag sgrios an talaimh i gcómhair an ghabhathair agus an ghórta do thabhairt air. Ní ghéillfidh na Boraigh faid do bheidh greim bídh agus aon piléar amháin aca. Is truaghmhéileach an sgéal é, acht ní h-éan mhaitheas bheith ag caint le Seaghan, toll gan trócaire is eadh é. Tá Sasanaigh ann go ngoilleann an cogadh bréan so ortha, acht ní fhuil beann 'ná toradh ag sgaothairí Lunduin ar a gcuid cainte. Is dóich leo gur namhaid dóibh gach duine do chuireann 'na gcoinnibh, agus gur chóir é chrochadh láithreach bonn. Is roth liom nách bhfuil cuid aca amuich ins an Afric i n-ionad na saigh- diúrí, go múinfeadh an Bórach béasa dhóibh; do shíleadar go mbiadh caoi aca ar chiachán do chur ortha féin le béiceach, nuair do thógfaidhe Pól, acht ní fhuil an méid sin mar shásamh aca. Tá an sean-leomhan ar an bhfairrge ar bórd na loinge cogaidh an "Gelderland," agus na breac-thonna ag liúghraigh timcheall air. Ní leomh- fadh na Sasanaigh méar do bhualadh air. Tá a dhóchas i nDia agus a mhuinighin as na Bóracha, mar labhrann an gunna geárr go géar fós ar na machairí míne annsúd. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services