Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Nách iongantach an sgéal é. Tá na Bóraigh ag
gabháil do chosaibh i Seaghan, i n-aindeóin Mhurchadha an
Tóiteáin. Chonách géar sain ar Sheaghán, adéarfair,
agus "fán ghéanna an oileáin" ar Mhurchadh. Ceapaim
nách mar sin do labhrann an Bórach i n-aon chor. Ní
fhuil uain aige ar mhionna 'ná madhm do thabhairt, mar
tá sé ro-ghnóthach ag leanamhaint na ndóighteóirí, agus gibé
áit go mbuailid siad leis cuireann sé piléar thríotha.
Chonnac leitir 'sa pháipéar ó mhnaoi uasail i Bhepener
agus deir sí go bhfuil an Saor Stát 'na charnaibh cnámh agus
luaithe. Bhuaileadar isteach i dtrucaill í i lár na
hoidhche, í féin agus a cailín beag, gan biadh gan deoch, agus do
sheóladar í dá fhichead míle as an mbaile úd. D'innis
an tiománaidhe dhi gurab é fáth an turuis go raibh De
Bhet ag teacht ortha, agus go raibh eagla ar na Sasanachaibh
go dtabharfadh sí rún dó. Táid na Sasanaigh ag
fuadach na ngarsún agus 'gá gcur tar teórainn go tír na
mBasútí, mar deir siad go bhfuil na garsúin go
haicillidhe chum lámhach agus go gcabhróchadaois le De Bhet.
Tá chrith cos ortha roimh an fhear seo. Ní fios dóibh cá
mbuailfidh sé leó. Ins an áit nách bhfuil coinne leis
sin é díreach an áit go mbíonn sé. Bhiadh sé annso
um thráthnóna agus na Sasanaigh ag faire air, acht
ar maidin i mbáireach bhuailfeadh sé buille trom
éigin fiche míle ó bhaile. Is cosmhail é le fiolar.
Thug Barton iarracht fá Dhe Bhet i dtosach na seacht-
mhaine. Sgaip sé na Bóraigh, adeir Roberts, acht
deir sé go bhfuil aithreachas air gur chaill Barton
trí fichid fear. Trí fichid míle as an áit úd, cois
Philipolis, sul a raibh an ghrian lá'r na bháireach go
hárd 'sa spéir bhuail cheithre fichid marcach amach ar
lorg Borach. D'éirigh De Bhet as an machaire rómpa.
D'fhill móirsheisear aca agus sgéan 'na radharc. Ní fhuil
cuntus cruinn againn fós i dtaobh an bhaile sin
Iacobsdál, acht deirthear gur thóg gaisgidhidh De Bhet
é, gur shíneadar an dream cosanta bhí suidhte annsúd,
agus go bhfuilid ag briseadh isteach go tír na Rinne.



Tá an sgéal ceudna le hinnsint i roinntibh eile ins
an Transbhaal. Ghluais an Frínseach ó Charolina go
Heidelberg agus bhí na Bóraigh gach oidhche is ló ag briseadh
isteach air. Tá Laoiseach Bota ins an gceanntar úd,
agus do mhill dearbhráthair dó darab ainm Hans dream
marcach ar an mbothar iarainn dia thoir de Phretoria.
Bhris sé an droichead ar a gcúl agus ar an am gcéadna
buaileadh 'sa n-aghaidh iad. Theich na Sasanaigh bhochta
acht bhí Hans, an beitheadhach, ag feitheamh leó, agus a bhéal
osguilte aige. Do thriallas trí fichid míle i gcionn
dhá lá, adeir Metuen na gaoithe. Bhí Delaré sin ar
mo chliathán deas ar feadh na haimsire, agus do ghread sé
mé go dian. Do sheasas dó nó trí uairibh acht ní
thabharfadh sé cath dhom. Do chailleas cuid mhaith fear.
Mo náire é a Sheaghain Bhuidhe, d'éis do chuid áitimh
orainn le fada bhliadhantaibh nách raibh do leithéid le
cródhacht ar dhruim an domhain, agus féach tá dream beag
laoch ag sgaipeadh do shluaighte móra le bliadhain agus mí.
Is mithid do na Bóraigh bheith cortha anois. Nuair do
thuiteann fear aca ní fhuil duine le cur i n-ionad. Tá
na Sasanaigh ag sgrios an talaimh i gcómhair an
ghabhathair agus an ghórta do thabhairt air. Ní ghéillfidh na
Boraigh faid do bheidh greim bídh agus aon piléar amháin
aca. Is truaghmhéileach an sgéal é, acht ní h-éan
mhaitheas bheith ag caint le Seaghan, toll gan trócaire
is eadh é. Tá Sasanaigh ann go ngoilleann an cogadh
bréan so ortha, acht ní fhuil beann 'ná toradh ag
sgaothairí Lunduin ar a gcuid cainte. Is dóich leo
gur namhaid dóibh gach duine do chuireann 'na gcoinnibh,
agus gur chóir é chrochadh láithreach bonn. Is roth liom nách
bhfuil cuid aca amuich ins an Afric i n-ionad na saigh-
diúrí, go múinfeadh an Bórach béasa dhóibh; do shíleadar
go mbiadh caoi aca ar chiachán do chur ortha féin le
béiceach, nuair do thógfaidhe Pól, acht ní fhuil an méid
sin mar shásamh aca. Tá an sean-leomhan ar an
bhfairrge ar bórd na loinge cogaidh an "Gelderland,"
agus na breac-thonna ag liúghraigh timcheall air. Ní leomh-
fadh na Sasanaigh méar do bhualadh air. Tá a dhóchas
i nDia agus a mhuinighin as na Bóracha, mar labhrann an
gunna geárr go géar fós ar na machairí míne annsúd.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services