Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sláintí
Title
Sláintí
Author(s)
O Cruaidhlaoich, Pádraig,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sláintí Fuair fear eagair an Chlaidhimh litir an lá fá dheireadh ó Phádraig Ó Cruadhlaoich, Magchromdha, agus nídh nach iongantach, í lán suas de shláintibh breághtha bríoghmhara. Bíodh a fhios agat a Phádraig a chuid, nach le mí-mheas ort do sgríobhamar súd, acht do bharr an deagh-eólais do bheith againn ar gach a ndubhramar agus tuilleadh dá gcurtaoi chuige sinn. Guidhmíd togha shláinte chugat-sa leis. Sid í n-ar ndiaidh litir Phádraig agus na sláintí fuaramar uaidh maille leis an gceann do bhí i gcló cheana againn. A Fhir an Chlaidhimh, Do chonnac i gClaidheamh na seachtmhaine ghabh thorainn, roinnt de shláintíbh breághtha do sgríobh fear éigin, agus i measg na ndaoine go bhfuair uatha iad do chonnac m'ainm féin. Ní fheadar ciaca le meas no le mí-mheas orm do fuair sé a oiread dom' dhuadh thar cách eile. Má's le meas orm é, ní fuláir dam bheith mórdhálach 'na thaobh; acht má's le faobhar faltanais é, ní beag liom de sgrios-bhuillibh Duibhlinne. Acht fós guidhim "sláinte an bhradáin chuige croidhe folláin agus gob fliuch." Seo tuilleadh sláintí nár chluin sé fós uaim. Pádraig O Cruaidhlaoich, Magchromdha 23. "Sláinte na féile 's an deagh-chroidhe; Agus sláinte an té réidhfeadh mo cheasnaidhe; Sláinte mo chéile 's mo leanbhaí; 'S mo shláinte bhocht féinidh nár mheathluighidh. Sláinte lucht Gaedhilge do ghlan-sgrí'dh; Is sláinte an té léigheadh í gan mhearaidhe; Sláinte na hÉigse seo leath Chuinn; Ó'n mháigh thuaidh go gaorthaibh na theas-Laoi. Sláinte lucht sgléipe agus staraidheacht; Agus sláinte lucht céirde agus ealadhan; Sláinte gach réice le deagh-chroidhe; Agus sláinte do bhéithibh na ngeal-chíoch. Seo sláinte na cléire do cheap Críost, Is grásaibh an Éin-mhic do beannuigheadh; Ba ghnáthach 'na laethibh gan faillighe 'Na ngárda ar a dtréadthaibh sa cheart-shlighe. Sláinte ar laochradh 's ar ngaisgidheach Ba ghnáthach caithréimeach í gcaithíbh; Mo shláinte ar fuaid Éireann ar fad díbh; Oileáinín naomhtha na sean-draoi." Seadh, táimíd chum sgéal beag d'innsint anois, agus má's bréag é, ná bítear chugainne, mar ní'l againn acht mar do chualamar, agus is é is deallrathaighe ná cualamar acht an t-éitheach. Aon uair amháin bhí seó an domhain de bhacachaibh ar aonach Chorcaighe. Ba ghnáthach leis na dream so an uair úd an méid do sholáthruighdís i rith an lae a chaitheamh ag ól 's ag ragairne um thráthnóna. Tráthnóna an lae seo, pé i nÉirinn é, bhí mór-chuid díobh bailighthe istigh i gcábán, agus iad go meidhreach glórach bladhmannach. Thárla go raibh Eoghan Ruadh Ó Súilliobháin ar an aonach an lá sain, pé gnó thug ann é, agus nuair bhí sé ag gabháil timhcheall na Páirce san tráthnóna chualaidh sé glór na mbacach. Dhruid sé leis an doras. Do chuaidh isteach. Do shuidh i gcathaoir 'na aonarán ag clár fá leith. Do ghlaoidh ar chárt agus fuair é. Níor bh'fhada dhó ann nuair d'éirigh duine de na bacachaibh agus d'iompuigh ar Eoghan agus dubhairt: - 24 "Siúd ort a dhuine Do tháinig gan cuireadh." Má thug Eoghan éin-fhreagra láithreach do'n bhacach ní hinnstear é ná ní fhachtar i leabhar é. Tar éis tamaill, ámhach, pé amharc do thug sé ar an doras, cia chífeadh sé
ann acht Seaghán Clárach Mac Domhnaill. Ghlaoidh sé chuige fein é agus shuidheadar síos i gcuideachtain a chéile. Ghlaodhadar ar dheoch agus tháinig sé gan ró-mhoill. Annsain do phreab Eoghan 'na sheasamh agus d'árduigh a ghuth agus dubhairt: 25. "Siúd ort a dhuine Do tháinig mar mise; Agus sgaoil an gloine timcheall Chum síl na gcos mbriste." Annsain is eadh, thosnuigh an gleó agus an bhruidhin, mar thuigeadar na bacaigh go dian-mhaith gur chuca féin do bhí Eoghan agus a bhráthair. D'éirigheadar i gcoinnibh a chéile. Do bhriseadar agus do phléasgadar agus do réabadar de dhóirnibh i gcorpaibh agus i gceannaibh agus i gcuincíníbh a chéile. Dálta na beirte eile fuaradar doras beag éaluighthe agus shleamhnuigheadar amach leó féin. Sin é mo sgéal-sa agus má tá bréag ann bíodh, mar ní mise chum ná cheap é. Is deacair an t-éalag d'fhagháil ar fhile. (ní críoch)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services