Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sláintí

Title
Sláintí
Author(s)
O Cruaidhlaoich, Pádraig,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sláintí



Fuair fear eagair an Chlaidhimh litir an lá fá
dheireadh ó Phádraig Ó Cruadhlaoich, Magchromdha, agus
nídh nach iongantach, í lán suas de shláintibh breághtha
bríoghmhara. Bíodh a fhios agat a Phádraig a chuid, nach
le mí-mheas ort do sgríobhamar súd, acht do bharr an
deagh-eólais do bheith againn ar gach a ndubhramar agus
tuilleadh dá gcurtaoi chuige sinn. Guidhmíd togha
shláinte chugat-sa leis. Sid í n-ar ndiaidh litir
Phádraig agus na sláintí fuaramar uaidh maille leis an
gceann do bhí i gcló cheana againn.



A Fhir an Chlaidhimh,
Do chonnac i gClaidheamh na seachtmhaine ghabh
thorainn, roinnt de shláintíbh breághtha do sgríobh fear
éigin, agus i measg na ndaoine go bhfuair uatha iad do
chonnac m'ainm féin. Ní fheadar ciaca le meas no le
mí-mheas orm do fuair sé a oiread dom' dhuadh thar
cách eile. Má's le meas orm é, ní fuláir dam bheith
mórdhálach 'na thaobh; acht má's le faobhar faltanais é,
ní beag liom de sgrios-bhuillibh Duibhlinne. Acht fós
guidhim "sláinte an bhradáin chuige croidhe folláin agus
gob fliuch." Seo tuilleadh sláintí nár chluin sé fós
uaim.



Pádraig O Cruaidhlaoich,
Magchromdha



23. "Sláinte na féile 's an deagh-chroidhe;
Agus sláinte an té réidhfeadh mo cheasnaidhe;
Sláinte mo chéile 's mo leanbhaí;
'S mo shláinte bhocht féinidh nár mheathluighidh.



Sláinte lucht Gaedhilge do ghlan-sgrí'dh;
Is sláinte an té léigheadh í gan mhearaidhe;
Sláinte na hÉigse seo leath Chuinn;
Ó'n mháigh thuaidh go gaorthaibh na theas-Laoi.



Sláinte lucht sgléipe agus staraidheacht;
Agus sláinte lucht céirde agus ealadhan;
Sláinte gach réice le deagh-chroidhe;
Agus sláinte do bhéithibh na ngeal-chíoch.



Seo sláinte na cléire do cheap Críost,
Is grásaibh an Éin-mhic do beannuigheadh;
Ba ghnáthach 'na laethibh gan faillighe
'Na ngárda ar a dtréadthaibh sa cheart-shlighe.



Sláinte ar laochradh 's ar ngaisgidheach
Ba ghnáthach caithréimeach í gcaithíbh;
Mo shláinte ar fuaid Éireann ar fad díbh;
Oileáinín naomhtha na sean-draoi."



Seadh, táimíd chum sgéal beag d'innsint anois, agus
má's bréag é, ná bítear chugainne, mar ní'l againn acht
mar do chualamar, agus is é is deallrathaighe ná cualamar
acht an t-éitheach. Aon uair amháin bhí seó an domhain
de bhacachaibh ar aonach Chorcaighe. Ba ghnáthach leis na
dream so an uair úd an méid do sholáthruighdís i rith
an lae a chaitheamh ag ól 's ag ragairne um thráthnóna.
Tráthnóna an lae seo, pé i nÉirinn é, bhí mór-chuid
díobh bailighthe istigh i gcábán, agus iad go meidhreach
glórach bladhmannach. Thárla go raibh Eoghan Ruadh
Ó Súilliobháin ar an aonach an lá sain, pé gnó thug ann
é, agus nuair bhí sé ag gabháil timhcheall na Páirce san
tráthnóna chualaidh sé glór na mbacach. Dhruid sé leis
an doras. Do chuaidh isteach. Do shuidh i gcathaoir 'na
aonarán ag clár fá leith. Do ghlaoidh ar chárt agus fuair
é. Níor bh'fhada dhó ann nuair d'éirigh duine de na
bacachaibh agus d'iompuigh ar Eoghan agus dubhairt: -



24 "Siúd ort a dhuine
Do tháinig gan cuireadh."



Má thug Eoghan éin-fhreagra láithreach do'n bhacach
ní hinnstear é ná ní fhachtar i leabhar é. Tar éis tamaill,
ámhach, pé amharc do thug sé ar an doras, cia chífeadh sé


L. 500


ann acht Seaghán Clárach Mac Domhnaill. Ghlaoidh sé
chuige fein é agus shuidheadar síos i gcuideachtain a chéile.
Ghlaodhadar ar dheoch agus tháinig sé gan ró-mhoill.
Annsain do phreab Eoghan 'na sheasamh agus d'árduigh a
ghuth agus dubhairt:



25. "Siúd ort a dhuine
Do tháinig mar mise;
Agus sgaoil an gloine timcheall
Chum síl na gcos mbriste."



Annsain is eadh, thosnuigh an gleó agus an bhruidhin, mar
thuigeadar na bacaigh go dian-mhaith gur chuca féin do
bhí Eoghan agus a bhráthair. D'éirigheadar i gcoinnibh a chéile.
Do bhriseadar agus do phléasgadar agus do réabadar de
dhóirnibh i gcorpaibh agus i gceannaibh agus i gcuincíníbh a chéile.
Dálta na beirte eile fuaradar doras beag éaluighthe agus
shleamhnuigheadar amach leó féin. Sin é mo sgéal-sa
agus má tá bréag ann bíodh, mar ní mise chum ná cheap é.
Is deacair an t-éalag d'fhagháil ar fhile.



(ní críoch)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services