Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Páidín Sheumais
Title
Páidín Sheumais
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Páidín Sheumais Chuaidh triúr fear amach lá, ó bhaile beag cois cuain ag iasgacht cholamóir, i mbád beag seóil. Budh comh- ursanaibh an triúr so ariamh, agus budh le beirt aca, i bpáirt an bád. Níor ghnáthach sloinneadh dhuine d'áireamh an t-am sin, agus ní thugtaoi ar an mbeirt seo acht Páidín Sheumais, agus Doiminic Chonchubhair. Budh hé Seághan Bhrighde an tríomhadh fear .i. Seághan mac Bhrighde, óir is é ainm na máthar ar uairibh, no ainm an athar do chuirfidhe le ainm dílis an duine. Bhíodar ag iasgacht le doruighthibh, agus d'fhanadar ar ancuire i n-aon áit amháin go dtí taca lae ar maidin. Bhí sgalthach maith láidir gaoithe ann, acht leig sé faoi le tuitim na hoidhche, agus ar feadh na hoidhche gidh go raibh sé roinn bheag glas ní raibh sé ioncháinte acht i ndeire na hoidhche arís d'éirigh an gála, agus léithi, d'éirigh na garraigidhe go fraochmhar feargach. Bhí os cionn ceud éisg ag na hiasgairibh an t-am so, agus ag tarraint ancuire dhóibh leigeadar leo féin chum an chalaidh.
Faoi an am so bhí sé ina stoirm dá ríribh, agus d'imthighe- adar mar ghealbhan roimh ghaoith no go dtangadar bhfoigseacht "mbeannuighe Dia" do thalamh. Ag tabhairt leath-bhord dóibh, ag casad oileáinín bheag, bhuail sinneán gáibhtheach fútha, agus d'iompuigh an báidín agus cathadh an triúr sa bhfarraige. Bhí greim ag Seághan Bhrighde ar dhorugha, agus níor leig an t-uathbhas dó a sgaoileadh uaidh, agus d'éirigh leis an gceann eile de'n dorugha go ndeachaidh sé i bhfadóidh, no gur fhan sé i bhfasdódh, óir chuir sé an glionda dó nó trí chuarta timchioll an treasa ar bheith ag iasgach dhóibh. Ar chuma ar bith chongbhuigh sé greim ar, agus thug tonn mhór chum an bháid arís é, agus rug sé ar an gcille. D'fheuch sé faoi 's thairis, agus chonnaic sé Páidín tamall beag uaidh. Chrap sé suas an dorugha, ina chasadh, agus chaith sé suas 'na rolla arís é, chaith é, agus chuir thar Pháidín é; thug sé tarraint obann annsin do, agus cá dtiucfadh an dubhan-mór acht i súil Pháidín. Mar sin féin, budh díon déirce leis a fhágháil; agus gidh gur chráidh sé go croidhe é, tharraing sé amach é agus chuaidh seisean suas ar chílle an bháid, agus é dallta leis an bhfuil do bhí ag Páidín air, acht ní raibh Doiminic imthighthe. "Óra ní'l fhios agam a dh'ráthair" ars eisean "támuid ar fad caillte." Acht ní rabhadar caillte fós, óir bhí bád mór láidir Eudhmuinn Mhic Aonghusa ag teacht chuca, agus tógadh ar bheirt, acht bhí an tríomhadh fear báidhte, agus níor frítheadh é go dtí lá ar na bháireach. I gceann seachtmhaine no coidhcighthise bhí an t-uathbhás thart, acht má bhí, chaill Páidín Sheumais a shúil. B'éigin do'n dochtúr í ghearradh amach agus chaith sé naoi seacht- mhainidhe san othurdha i ngeill léithe. Ar theacht amach dhó bhí an sgéal ar bun go raibh sé le dlíghe chur ar Sheághan Bhríghde i néiric a shúile, acht sin é 'n cheud trácht do chualaidh sé féin air. Sé an Seóigheach - Máirtín Tom Bháin - do bhunaidh agus sgaip an sgeul so, óir budh bheirt é féin 's a chéile nach mbeidheadh sásta ariamh muna mbeidís ag cur síos ar dhaoinibh, agus ag tarraing achrainn. I ndeire na dála buaileadh dlighe ar Sheághan bhocht Bhríghde, agus bhí an chúis le theacht ar aghaidh an seisiún bhí chugat. Bhí daoine ag magadh fá Pháidín, agus daoine eile ag casaoid air, ag rádh go mb'olc an cúitiughadh bhí sé tabhairt do'n fhear shábháil a anam, agus muna mbíodh Seághan Bhríghde go mbáithfidhe é. Do réir mar bhí lá na cúirte agus lá na cúise ag teacht ortha bhí an bharamhail ag abachan go mbudh mhaith an aghaidh ar Pháidín dhá mbáidhtí é, agus bhí sgorachaidhe na mbailteadh ag imirt 's ag deunadh siamsa tráthnóna Dómhnaigh, ar an mbóthar 'náit a mbeidís i gcomhnuidhe cruinnighthe. Thosuigheadar ag imirt, pléidh na cúise so sa gcúirt mar-budh-eadh. Rinneadar breitheamh de Pheadar Chaitlín, putach bhí dul chum a thrí bliadhna dheug, agus bhí dhá gharsún eile rinne Páidín Sheumais agus Seághan Bhríghde dhíobh féin. Chuaidh an chúis so ar aghaidh, agus fá dheire sé 'n breitheamhnas thug an Breitheamh óg so Páidín Sheumais do thabhairt amach arís chum an áit ar tógadh as an bhfarraige é, agus dhá mbeidheadh sé i n-ann é féin do shábháil go raibh leath-cheud punt le fághail aige i n-éiric a shúile. Rug an gearr-bhodaigh eile abhus 's thall ar an bPáidín-magaidh, agus bhíodar ar tí a caitheadh sa loch i bhfogus dóibh, nuair bhí cóiste cheithre-gcapall ag teacht ortha san ród. D'fhuagair an fear sa gcóiste ar an gcóisteóir stadadh, nuair thángadar chomh fad le greann na ngarsún, agus d'fhiar- fuigh sé creud do bhíodar ag deunadh leis an malrach sin. D'innsigheadar dhó, agus d'fhiafruigh sé cá raibh an té thug an breitheamhnas sin; dubhairt duine éigin gur b'é Peadar Chaitlín é, agus go raibh sé annsin; ghá thasbaint dhó le na mhéir. "Tar i leith annso chugam a bhuachaill bhig," ar sé; "is mise Máirtín Ó Ceallaigh an breitheamh atá ag dul os cionn na cúise sin ina dtug tusa breitheamhnus anois agus ní raibh aon nidh ag cur trioblóide orm ó chualaidh mé caint uirri acht an chúis cheudna sin. Thug tú fuasgailt ghrinn, cheart, chríonna, uirri agus má thagann tú liom-sa deunfaidh mé breitheamh dhá ríribh dhíot." Nuair chuala Páidín an cómhrádh sin do bheith ar bun, bhuail áithmheul go hobann é, agus dubhairt sé le na dhlígheadóir nach mbacfadh sé níos faide leis an gcúis; acht is fada 'na dhiaidh sin go raibh droch-mheas na ndaoinibh imthighthe de bhrigh gur tharraing sé chuige ó thús é.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services