Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Páidín Sheumais

Title
Páidín Sheumais
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Páidín Sheumais



Chuaidh triúr fear amach lá, ó bhaile beag cois cuain
ag iasgacht cholamóir, i mbád beag seóil. Budh comh-
ursanaibh an triúr so ariamh, agus budh le beirt aca,
i bpáirt an bád. Níor ghnáthach sloinneadh dhuine
d'áireamh an t-am sin, agus ní thugtaoi ar an mbeirt seo
acht Páidín Sheumais, agus Doiminic Chonchubhair. Budh hé
Seághan Bhrighde an tríomhadh fear .i. Seághan mac
Bhrighde, óir is é ainm na máthar ar uairibh, no ainm
an athar do chuirfidhe le ainm dílis an duine. Bhíodar
ag iasgacht le doruighthibh, agus d'fhanadar ar ancuire i
n-aon áit amháin go dtí taca lae ar maidin. Bhí
sgalthach maith láidir gaoithe ann, acht leig sé faoi le
tuitim na hoidhche, agus ar feadh na hoidhche gidh go raibh
sé roinn bheag glas ní raibh sé ioncháinte acht i ndeire
na hoidhche arís d'éirigh an gála, agus léithi, d'éirigh na
garraigidhe go fraochmhar feargach. Bhí os cionn ceud
éisg ag na hiasgairibh an t-am so, agus ag tarraint
ancuire dhóibh leigeadar leo féin chum an chalaidh.


L. 467


Faoi an am so bhí sé ina stoirm dá ríribh, agus d'imthighe-
adar mar ghealbhan roimh ghaoith no go dtangadar
bhfoigseacht "mbeannuighe Dia" do thalamh. Ag tabhairt
leath-bhord dóibh, ag casad oileáinín bheag, bhuail
sinneán gáibhtheach fútha, agus d'iompuigh an báidín agus cathadh
an triúr sa bhfarraige. Bhí greim ag Seághan Bhrighde
ar dhorugha, agus níor leig an t-uathbhas dó a sgaoileadh uaidh,
agus d'éirigh leis an gceann eile de'n dorugha go ndeachaidh
sé i bhfadóidh, no gur fhan sé i bhfasdódh, óir chuir
sé an glionda dó nó trí chuarta timchioll an treasa
ar bheith ag iasgach dhóibh. Ar chuma ar bith chongbhuigh sé
greim ar, agus thug tonn mhór chum an bháid arís é, agus rug
sé ar an gcille. D'fheuch sé faoi 's thairis, agus chonnaic
sé Páidín tamall beag uaidh. Chrap sé suas an dorugha,
ina chasadh, agus chaith sé suas 'na rolla arís é, chaith é, agus
chuir thar Pháidín é; thug sé tarraint obann annsin do,
agus cá dtiucfadh an dubhan-mór acht i súil Pháidín. Mar
sin féin, budh díon déirce leis a fhágháil; agus gidh gur
chráidh sé go croidhe é, tharraing sé amach é agus chuaidh
seisean suas ar chílle an bháid, agus é dallta leis an
bhfuil do bhí ag Páidín air, acht ní raibh Doiminic imthighthe.
"Óra ní'l fhios agam a dh'ráthair" ars eisean "támuid
ar fad caillte." Acht ní rabhadar caillte fós, óir bhí
bád mór láidir Eudhmuinn Mhic Aonghusa ag teacht
chuca, agus tógadh ar bheirt, acht bhí an tríomhadh fear
báidhte, agus níor frítheadh é go dtí lá ar na bháireach.



I gceann seachtmhaine no coidhcighthise bhí an t-uathbhás
thart, acht má bhí, chaill Páidín Sheumais a shúil. B'éigin
do'n dochtúr í ghearradh amach agus chaith sé naoi seacht-
mhainidhe san othurdha i ngeill léithe. Ar theacht amach
dhó bhí an sgéal ar bun go raibh sé le dlíghe chur ar
Sheághan Bhríghde i néiric a shúile, acht sin é 'n cheud
trácht do chualaidh sé féin air. Sé an Seóigheach -
Máirtín Tom Bháin - do bhunaidh agus sgaip an sgeul so, óir
budh bheirt é féin 's a chéile nach mbeidheadh sásta ariamh
muna mbeidís ag cur síos ar dhaoinibh, agus ag tarraing
achrainn. I ndeire na dála buaileadh dlighe ar Sheághan
bhocht Bhríghde, agus bhí an chúis le theacht ar aghaidh an seisiún
bhí chugat. Bhí daoine ag magadh fá Pháidín, agus daoine
eile ag casaoid air, ag rádh go mb'olc an cúitiughadh
bhí sé tabhairt do'n fhear shábháil a anam, agus muna mbíodh
Seághan Bhríghde go mbáithfidhe é.



Do réir mar bhí lá na cúirte agus lá na cúise ag teacht
ortha bhí an bharamhail ag abachan go mbudh mhaith an
aghaidh ar Pháidín dhá mbáidhtí é, agus bhí sgorachaidhe na
mbailteadh ag imirt 's ag deunadh siamsa tráthnóna
Dómhnaigh, ar an mbóthar 'náit a mbeidís i gcomhnuidhe
cruinnighthe. Thosuigheadar ag imirt, pléidh na cúise
so sa gcúirt mar-budh-eadh. Rinneadar breitheamh
de Pheadar Chaitlín, putach bhí dul chum a thrí bliadhna
dheug, agus bhí dhá gharsún eile rinne Páidín Sheumais
agus Seághan Bhríghde dhíobh féin. Chuaidh an chúis so
ar aghaidh, agus fá dheire sé 'n breitheamhnas thug an
Breitheamh óg so Páidín Sheumais do thabhairt amach arís
chum an áit ar tógadh as an bhfarraige é, agus dhá mbeidheadh
sé i n-ann é féin do shábháil go raibh leath-cheud punt le
fághail aige i n-éiric a shúile. Rug an gearr-bhodaigh
eile abhus 's thall ar an bPáidín-magaidh, agus bhíodar ar
tí a caitheadh sa loch i bhfogus dóibh, nuair bhí cóiste
cheithre-gcapall ag teacht ortha san ród. D'fhuagair
an fear sa gcóiste ar an gcóisteóir stadadh, nuair
thángadar chomh fad le greann na ngarsún, agus d'fhiar-
fuigh sé creud do bhíodar ag deunadh leis an malrach
sin. D'innsigheadar dhó, agus d'fhiafruigh sé cá raibh an té
thug an breitheamhnas sin; dubhairt duine éigin gur b'é
Peadar Chaitlín é, agus go raibh sé annsin; ghá thasbaint
dhó le na mhéir. "Tar i leith annso chugam a bhuachaill
bhig," ar sé; "is mise Máirtín Ó Ceallaigh an breitheamh
atá ag dul os cionn na cúise sin ina dtug tusa
breitheamhnus anois agus ní raibh aon nidh ag cur trioblóide
orm ó chualaidh mé caint uirri acht an chúis cheudna
sin. Thug tú fuasgailt ghrinn, cheart, chríonna, uirri agus
má thagann tú liom-sa deunfaidh mé breitheamh dhá ríribh
dhíot."



Nuair chuala Páidín an cómhrádh sin do bheith ar bun,
bhuail áithmheul go hobann é, agus dubhairt sé le na
dhlígheadóir nach mbacfadh sé níos faide leis an gcúis;
acht is fada 'na dhiaidh sin go raibh droch-mheas na
ndaoinibh imthighthe de bhrigh gur tharraing sé chuige ó
thús é.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services