Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Is gnóthach do bheidh na Tóirigh agus na Liberals i Sasana go ceann trí seachtmhaine seo chúgainn ag iarraidh teacht laistigh d'á chéile ins an Togha atá le teacht. Dar liom féin is dearbhráthair do Tadhg Dómhnaill, agus cómhraicídís leo. Do shílidh na Tóirigh go mbiadh cogadh na mBórach críochnuighthe sul a dtiocfadh aimsir thogha na bhFeisirí, agus nuair nách bhfuil, measaid siad áiteamh ar an saoghal nách fiú trácht ar mar chogadh anois toisg go bhfuil na Bóraigh sgaipthe. Má's mar sin é ba chóir go mbiadh na saighdiúirí ag teacht abhaile, acht i nionad sain táthar ag seóladh saighdiúirí amach chum na Trans- bhaala gach aon lá. Cad tá uatha ann? Is maith atá fhios ag Seaghan nách bhfuil deireadh leis an gcogadh, gidh go measann sé, mar mhaithe leis féin, áiteamh ar chách go bhfuil na Bóraigh buailte. Marbhuigheadh De Bhet dhá uair ar feadh na seachtmhaine seo ghabh thart, agus bhí Laoiseach Bota chómh breóite, briste sin gur bhuail sé isteach go cábán Roberts agus gur iarr sé coimirc ar an bhfear mbeag sain. Thuit Delaré leis, agus bhí páipéir Lúnduin ag gol 'na dhiaidh, mar dubhradar gur b'iongantach an fear cómhraic é, toisg go raibh sé maith i ndóthain do na Sasanaigh. Mar sin féin deir Rundle go raibh De Bhet ag cómhrac leis féin i ndeireadh na seachtmhaine. Rith Rundle uaidh, b'fhéidir go bhfuil eagla púcaí air, acht fuair sé piléar 'sa chromán sul ar theich sé. D'éirigh Delaré as an uaigh leis agus do chroth sé an t-anam as dream do bhí ag tabhairt fhaire do'n bhóthar iarainn lastoir de Phre- toria, agus tá Bota ag Coomatipoort ag feitheamh le Roberts. Is ait an sgéal é, tá na Bóraigh sin ar tí géilleadh le leath-bhliadhain acht tá ceann-dánacht éigin ag gabháil dóibh. Deir na páipéir nách bhfuil an meas ceart aca ar Sheaghan, 'ná an urraim chóir aca de Roberts agus nách fuláir go múinfear béasa dhóibh. Dá réir tá na tighthe 'gá losgadh mar do ghnídheadh Murchadh an Tóite- áin, agus táthar ag goid na mbó agus na gcapall. Ambás buaidhfidh an t-ocras ortha fá dheireadh siúd agus nách bhfuil sé i gcumas trí chéad míle Sasanach iad do thachtadh. Do tháinig an t-obadh nó an cosg oibre úd ins na mianaigh guail i nAmerica agus tá dhá chéad míle mianachóir díomhaoin le n-a dtoil féin. Deir na máighistrí ná tabharfaidh siad aon bhreis ar an dtuarasdal do na fearaibh, agus beidh droch-obair eatortha 'na thaobh. Tá muilinn agus mórán oibreacha eile ag bráth ar ghual, agus má leanann an diospóireacht so i bhfad beidh gábhatar ar an iomad daoine. Ní fhuil baint agam le gnó mo chómharsan adeir duine, is cuma liom cad do dhéanfaidh sé. Ná bac a ghnó acht bíodh báidh agat leis, mar oireamuid d'á chéile; teasduigheann an gabha, an gréasuidhe, an táilliúr, an t-iasgaire uainn, agus teas- duighmíd uatha sain. Is aon chomhluadar amháin muintir an tsaoghail, siúd agus go bhfuil cuid aca fionn, cuid aca dorcha agus a thuilleadh buidhe. Dála na bhfear mbuidhe ins an tSín, táthar ag cur is ag cúiteamh ar tí buannacht b'fhághail ortha, acht is chosmhail le cearrbhaigh timcheall búird na Cumhachtaí seo. Do b'ail le gach ceann aca fhios a bheith aige cad tá i láimh na coda eile. Ceapaim go bhfuil an mádh maith i láimh na Rúise agus go sguabfaidh sí an chuid eile ar ball. Tá an Fhrainc agus an Ghearmáin ag féachaint uirthi agus deir Seaghan go bhfuil cogarnaich éigin idir an dtriúr nách tuigeann sé. An bhfuil agat? adeir an Fhrainc. Tá, adeir Rúise. Cogar i leith chúgam, a Mhic Fhionnlaoigh, tá droch-fhuadar éigin fútha so, adeir Seaghan, bíodh do shúil i náirde agat agus cábhruigh liomsa má cuirthear orm. Ar m'anam ná leomhfainn é, adeir MacFhionnlaoigh, tá Éireannaigh agus Gearmánaigh Americá ag cur na súl thríom, agus tá Togha na Samhna ag teacht agus an Brianach ag cur orm go dian. Sin mar atá aca indiu, agus níor chromadar ar imirt fós. Beidh fear an- ghlic 'na gcoinnibh, Síneach darab ainm Lí Hung Chang. Tá sé chómh sleamhain sin d'á mb'áil leat greim d'fhághail ar earball air ná'r mhór duit dorn gainimhe bheith id' láimh agat, nó shleamhnóchadh an easgcu úd uait. Ní misde dhó a ghliocas mar is malluighthe míonáireach an dream atá ar tí a thíre. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services