Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Is gnóthach do bheidh na Tóirigh agus na Liberals i Sasana
go ceann trí seachtmhaine seo chúgainn ag iarraidh
teacht laistigh d'á chéile ins an Togha atá le teacht.
Dar liom féin is dearbhráthair do Tadhg Dómhnaill, agus
cómhraicídís leo. Do shílidh na Tóirigh go mbiadh cogadh
na mBórach críochnuighthe sul a dtiocfadh aimsir thogha
na bhFeisirí, agus nuair nách bhfuil, measaid siad áiteamh
ar an saoghal nách fiú trácht ar mar chogadh anois toisg
go bhfuil na Bóraigh sgaipthe. Má's mar sin é ba chóir
go mbiadh na saighdiúirí ag teacht abhaile, acht i nionad
sain táthar ag seóladh saighdiúirí amach chum na Trans-
bhaala gach aon lá. Cad tá uatha ann? Is maith atá
fhios ag Seaghan nách bhfuil deireadh leis an gcogadh, gidh
go measann sé, mar mhaithe leis féin, áiteamh ar chách
go bhfuil na Bóraigh buailte.



Marbhuigheadh De Bhet dhá uair ar feadh na seachtmhaine
seo ghabh thart, agus bhí Laoiseach Bota chómh breóite, briste
sin gur bhuail sé isteach go cábán Roberts agus gur iarr
sé coimirc ar an bhfear mbeag sain. Thuit Delaré
leis, agus bhí páipéir Lúnduin ag gol 'na dhiaidh, mar
dubhradar gur b'iongantach an fear cómhraic é, toisg
go raibh sé maith i ndóthain do na Sasanaigh. Mar sin
féin deir Rundle go raibh De Bhet ag cómhrac leis
féin i ndeireadh na seachtmhaine. Rith Rundle uaidh,
b'fhéidir go bhfuil eagla púcaí air, acht fuair sé piléar
'sa chromán sul ar theich sé. D'éirigh Delaré as an
uaigh leis agus do chroth sé an t-anam as dream do bhí ag
tabhairt fhaire do'n bhóthar iarainn lastoir de Phre-
toria, agus tá Bota ag Coomatipoort ag feitheamh le
Roberts.



Is ait an sgéal é, tá na Bóraigh sin ar tí géilleadh
le leath-bhliadhain acht tá ceann-dánacht éigin ag gabháil
dóibh. Deir na páipéir nách bhfuil an meas ceart aca
ar Sheaghan, 'ná an urraim chóir aca de Roberts agus nách
fuláir go múinfear béasa dhóibh. Dá réir tá na
tighthe 'gá losgadh mar do ghnídheadh Murchadh an Tóite-
áin, agus táthar ag goid na mbó agus na gcapall. Ambás
buaidhfidh an t-ocras ortha fá dheireadh siúd agus nách
bhfuil sé i gcumas trí chéad míle Sasanach iad do
thachtadh.



Do tháinig an t-obadh nó an cosg oibre úd ins na
mianaigh guail i nAmerica agus tá dhá chéad míle mianachóir
díomhaoin le n-a dtoil féin. Deir na máighistrí ná
tabharfaidh siad aon bhreis ar an dtuarasdal do na
fearaibh, agus beidh droch-obair eatortha 'na thaobh. Tá
muilinn agus mórán oibreacha eile ag bráth ar ghual,
agus má leanann an diospóireacht so i bhfad beidh
gábhatar ar an iomad daoine. Ní fhuil baint agam le
gnó mo chómharsan adeir duine, is cuma liom cad do
dhéanfaidh sé. Ná bac a ghnó acht bíodh báidh agat leis,
mar oireamuid d'á chéile; teasduigheann an gabha, an
gréasuidhe, an táilliúr, an t-iasgaire uainn, agus teas-
duighmíd uatha sain. Is aon chomhluadar amháin muintir
an tsaoghail, siúd agus go bhfuil cuid aca fionn, cuid aca
dorcha agus a thuilleadh buidhe.



Dála na bhfear mbuidhe ins an tSín, táthar ag cur is
ag cúiteamh ar tí buannacht b'fhághail ortha, acht is
chosmhail le cearrbhaigh timcheall búird na Cumhachtaí
seo. Do b'ail le gach ceann aca fhios a bheith aige
cad tá i láimh na coda eile. Ceapaim go bhfuil an
mádh maith i láimh na Rúise agus go sguabfaidh sí an chuid
eile ar ball. Tá an Fhrainc agus an Ghearmáin ag féachaint
uirthi agus deir Seaghan go bhfuil cogarnaich éigin idir an
dtriúr nách tuigeann sé. An bhfuil agat? adeir an
Fhrainc. Tá, adeir Rúise. Cogar i leith chúgam, a
Mhic Fhionnlaoigh, tá droch-fhuadar éigin fútha so, adeir
Seaghan, bíodh do shúil i náirde agat agus cábhruigh liomsa
má cuirthear orm. Ar m'anam ná leomhfainn é, adeir
MacFhionnlaoigh, tá Éireannaigh agus Gearmánaigh Americá
ag cur na súl thríom, agus tá Togha na Samhna ag teacht agus
an Brianach ag cur orm go dian. Sin mar atá aca
indiu, agus níor chromadar ar imirt fós. Beidh fear an-
ghlic 'na gcoinnibh, Síneach darab ainm Lí Hung Chang.
Tá sé chómh sleamhain sin d'á mb'áil leat greim
d'fhághail ar earball air ná'r mhór duit dorn gainimhe
bheith id' láimh agat, nó shleamhnóchadh an easgcu úd
uait. Ní misde dhó a ghliocas mar is malluighthe
míonáireach an dream atá ar tí a thíre.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services