Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beacha Meala (V). An Chuid Uachtarach
Title
Beacha Meala (V). An Chuid Uachtarach
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BEACHA MEALA (V). AN CHUID UACHTARACH Nuair chídhtear go bh-fuil a n-dóthain beach 'san chorcóig chun níos mó meala a dheunadh ná a bheidh a teastáil uatha ar feadh na bliadhna, cuirthear cruib adhmuid ós cionn frámaidhe na n-áll. Bíonn an chruib so lán de bhosgaibh beaga, fosgailte ar dhá thaobh, cheithre órlaighe agus ceathramha i bh-faid agus i n-doimhneacht, agus dhá orlach i leithead. Caithfear stiall (a) tanaidhe céire a bheith socruighthe ionta so mar stiúrthóir do na beachaibh ionnus go n-deunfaidh siad an chír mheala (1) 'san áit ceart. Má bhíonn an aimsir breágh ní fada go d-tosnuigheann na beacha ag oibriughadh na céire so, agus leanaid siad uirthi go m-bíonn gach bosga lán de chír nó chadhanaibh folamha ag feitheamh air iad do líonadh le mhil nuair thiocfaidh an "sgéith." Tuig anois cé go m-beirthear an mhil asteach coitche- anta i g-caitheamh an t-Samhraidh go bh-fuil am áirighthe ann a m-beirthear í níosa ráidhseamhla na a theas- duigheann ó na beachaibh féin. Glaodhtar an "sgéith meala" (2) ar an raidhse no an flúirse so. Ní thagann an sgéith 'san am ceudhna gach bliadhain is é an príomh-rud budh chóir do gach beachadóir (3) a choimeád in a aigneadh an oiread círeach is mó is féidir leis a bheith taraice (tarraingthe) amach agus ullamh i slighe ná beidh aon mhoill acht iad do líonadh nuair thiocfaidh an "Sgéith." Chaithfear píosa glan de bheathfite (1) cur ós cionn na cruibe so, i slighe go m-beidh na coda slachtmhar; agus clúdadh maith d'aon t-sadhas eudaigh eile taobh amuigh de sin chun na céire do choiméad te agus bog. Dá m-beadh an chéir ró-fuar ní dheunfadh na beacha aon iarracht chun círe a dheunadh aisti óir gheabhadh siad an iomad trioblóide ag a tarrach amach. Nuair a bhíonn gach cruib beag nách lán de chíreachaibh cuirthear ceann eile fúithi, agus mar sin ale (5) go mbíonn cúig no sé cruibe- anna san cuid uachtarach ullamh chun níos mó ná ceud meala glé do chur i d-taisge ionta. Tóg fé n-deara gur ab éigin an ceann nuadh do chur faoi (11) i g-cómhnuidhe. Muna g-cuirfidhe an san í bheadh an chéir ró-fhuar chun bheith taraice amach. Ní i g-cómhnuidhe bíonn an stoc láidir a dhóthain chun sé cruibeann a líonadh. Go deimhin bheidhmís sásta dá líonfadh siad cheithre cínn, sé sin cheithre coda (6) agus cheithre fichid no an uimhir ceudna púnt, óir téidheann púnt meala i n-gach chuid. Ní tógtar amach na cruibeanna cómh luath a's líontar iad. Caitheann an mhil am a fhagháil sul a m-mbeidh sí aibigh. Bídheann an iomad uisge i mil amh agus tiománann teas na corcóige an bhreis so 'san aer. Dá suídhfeá le h-ais corcóige aon tráthnóna feadh aimsire na Sgéith- meala gheobhfá bolaithe an-mhilis ó'n uisge so a bhíonn an galúghadh (7). Nuair a cheapann na oibrigheóirí go bh-fuil an mhil ramhar go leor clúduigheann siad gach cadhain le céire bán. Muna m-beadh an clúdadh so ní choim- eádach an mhil i bh-fad, óir budh féidir leis an t-aer dul asteach agus í a h-aistriúghadh. Dheunann an clúdadh cómhartha dúinne nách mísde an chruib a thógaint amach. Árduighthear ann san agus chuirthear ós cionn an eudaigh í i slíghe nách feudann aon bheach teacht air ais innti. Nuair chuirthear suas í ar d-tús bíonn sí lán do bheachaibh, acht tá inneal san chleith (8) tré a d-tagann siad amach agus ní fheudann siad fíleadh. I g-ceann ocht n-uaire is beag a bhíonn aon bheach istigh, acht amháin fo-cheann leath-mharbh (9), nách tabharfaidh aon trioblóid dúinn, agus is féidir linn an chruib a thabhairt abhaile. 'San slíghe ceudna tógthar amach gach cruib cómh luath a's bhíonn an mhil aibigh no clúduighthe, agus tar éis iad go léir a bheith tógtha bíonn a ndóthain bídh ag na beachaibh i g-comhair na bliadhna anns an t-Seomra Ríoghdha. Feudfar an chuid uachtarach a n-usáid i slíghe eile agus sé seo í: - I n-ionad cruibeann cuirthear frámaidhe, mar a bhíonn 'san t-Seomra Ríoghdha, isteach agus líonann na beacha iad so go tapaidh. Ann san baintear an mhil asta le gleus dá n-glaodhtar an "Taracitheoir" (10) agus cuirthear na frámaidhe folamha isteach arís chum bheith líonta gan mhoill má bhíonn an Sgéith meala ann, agus mar sin ale go m-bíonn dhá ceud púnt meala glé, b'fhéidir againn ó gach corcóig. Míniughadh: (a) stiall tanaidhe céire, a thin sheet of wax (1) cír meala, honeycomb (2) sgéith meala, honey-flow; the most important event in the beekeeper's year; an unusual secretion of honey by plants. (3) beachadóir, beekeeper (4) beathfite, calico (5) Mar sin a (leith), so on (6) coda, sections is the technical English word; sing. cuid. (7) galúghadh, evaporating (8) inneal 'san chleith, a device or trap in the roof of the hive (9) fo-cheann leath-mharbh, an occasional dying one (10) taraictheoir, an extractor (11) do chur faoi, to put beneath
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services