Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beacha Meala (V). An Chuid Uachtarach

Title
Beacha Meala (V). An Chuid Uachtarach
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


BEACHA MEALA (V). AN CHUID UACHTARACH



Nuair chídhtear go bh-fuil a n-dóthain beach 'san
chorcóig chun níos mó meala a dheunadh ná a bheidh a
teastáil uatha ar feadh na bliadhna, cuirthear cruib
adhmuid ós cionn frámaidhe na n-áll. Bíonn an chruib
so lán de bhosgaibh beaga, fosgailte ar dhá thaobh,
cheithre órlaighe agus ceathramha i bh-faid agus i n-doimhneacht,
agus dhá orlach i leithead. Caithfear stiall (a) tanaidhe
céire a bheith socruighthe ionta so mar stiúrthóir do na
beachaibh ionnus go n-deunfaidh siad an chír mheala (1)
'san áit ceart. Má bhíonn an aimsir breágh ní fada
go d-tosnuigheann na beacha ag oibriughadh na céire so,
agus leanaid siad uirthi go m-bíonn gach bosga lán de
chír nó chadhanaibh folamha ag feitheamh air iad do líonadh
le mhil nuair thiocfaidh an "sgéith."



Tuig anois cé go m-beirthear an mhil asteach coitche-
anta i g-caitheamh an t-Samhraidh go bh-fuil am áirighthe
ann a m-beirthear í níosa ráidhseamhla na a theas-
duigheann ó na beachaibh féin. Glaodhtar an "sgéith
meala" (2) ar an raidhse no an flúirse so.



Ní thagann an sgéith 'san am ceudhna gach bliadhain
is é an príomh-rud budh chóir do gach beachadóir (3) a
choimeád in a aigneadh an oiread círeach is mó is féidir
leis a bheith taraice (tarraingthe) amach agus ullamh i slighe
ná beidh aon mhoill acht iad do líonadh nuair thiocfaidh
an "Sgéith."



Chaithfear píosa glan de bheathfite (1) cur ós cionn
na cruibe so, i slighe go m-beidh na coda slachtmhar; agus
clúdadh maith d'aon t-sadhas eudaigh eile taobh amuigh
de sin chun na céire do choiméad te agus bog. Dá m-beadh
an chéir ró-fuar ní dheunfadh na beacha aon iarracht chun
círe a dheunadh aisti óir gheabhadh siad an iomad
trioblóide ag a tarrach amach. Nuair a bhíonn gach
cruib beag nách lán de chíreachaibh cuirthear ceann eile
fúithi, agus mar sin ale (5) go mbíonn cúig no sé cruibe-
anna san cuid uachtarach ullamh chun níos mó ná ceud
meala glé do chur i d-taisge ionta. Tóg fé n-deara
gur ab éigin an ceann nuadh do chur faoi (11) i
g-cómhnuidhe. Muna g-cuirfidhe an san í bheadh an
chéir ró-fhuar chun bheith taraice amach.



Ní i g-cómhnuidhe bíonn an stoc láidir a dhóthain chun
sé cruibeann a líonadh. Go deimhin bheidhmís sásta dá
líonfadh siad cheithre cínn, sé sin cheithre coda (6) agus cheithre
fichid no an uimhir ceudna púnt, óir téidheann púnt
meala i n-gach chuid.



Ní tógtar amach na cruibeanna cómh luath a's líontar
iad. Caitheann an mhil am a fhagháil sul a m-mbeidh sí
aibigh. Bídheann an iomad uisge i mil amh agus tiománann
teas na corcóige an bhreis so 'san aer. Dá suídhfeá le
h-ais corcóige aon tráthnóna feadh aimsire na Sgéith-
meala gheobhfá bolaithe an-mhilis ó'n uisge so a bhíonn
an galúghadh (7). Nuair a cheapann na oibrigheóirí go bh-fuil
an mhil ramhar go leor clúduigheann siad gach cadhain
le céire bán. Muna m-beadh an clúdadh so ní choim-
eádach an mhil i bh-fad, óir budh féidir leis an t-aer
dul asteach agus í a h-aistriúghadh. Dheunann an clúdadh
cómhartha dúinne nách mísde an chruib a thógaint amach.
Árduighthear ann san agus chuirthear ós cionn an eudaigh í
i slíghe nách feudann aon bheach teacht air ais innti.
Nuair chuirthear suas í ar d-tús bíonn sí lán do bheachaibh,
acht tá inneal san chleith (8) tré a d-tagann siad amach
agus ní fheudann siad fíleadh. I g-ceann ocht n-uaire is
beag a bhíonn aon bheach istigh, acht amháin fo-cheann
leath-mharbh (9), nách tabharfaidh aon trioblóid dúinn, agus
is féidir linn an chruib a thabhairt abhaile. 'San slíghe
ceudna tógthar amach gach cruib cómh luath a's bhíonn
an mhil aibigh no clúduighthe, agus tar éis iad go léir a
bheith tógtha bíonn a ndóthain bídh ag na beachaibh i
g-comhair na bliadhna anns an t-Seomra Ríoghdha.



Feudfar an chuid uachtarach a n-usáid i slíghe eile agus
sé seo í: - I n-ionad cruibeann cuirthear frámaidhe,
mar a bhíonn 'san t-Seomra Ríoghdha, isteach agus líonann
na beacha iad so go tapaidh. Ann san baintear an mhil
asta le gleus dá n-glaodhtar an "Taracitheoir" (10)
agus cuirthear na frámaidhe folamha isteach arís chum
bheith líonta gan mhoill má bhíonn an Sgéith meala ann,
agus mar sin ale go m-bíonn dhá ceud púnt meala glé,
b'fhéidir againn ó gach corcóig.



Míniughadh:
(a) stiall tanaidhe céire, a thin sheet of wax
(1) cír meala, honeycomb
(2) sgéith meala, honey-flow; the most important
event in the beekeeper's year; an unusual secretion
of honey by plants.
(3) beachadóir, beekeeper
(4) beathfite, calico
(5) Mar sin a (leith), so on
(6) coda, sections is the technical English word;
sing. cuid.
(7) galúghadh, evaporating
(8) inneal 'san chleith, a device or trap in the roof
of the hive
(9) fo-cheann leath-mharbh, an occasional dying one
(10) taraictheoir, an extractor
(11) do chur faoi, to put beneath

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services