Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sláintí
Title
Sláintí
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Riagáin, Pádraig
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sláintí Cionnus abairthear sláinte? Seadh, ó's beannachadh sláinte, tugaimíd fá ndearr go n-abairthear cuid mhaith de shláintíbh na Gaedhilge ar nós bheannachaidh. Má bheannuigheann duine "Dia" dhuit is é an freagradh is cóir do thabhairt air "Dia is Muire dhuit," agus má bheannuigheann duine "Dia is Muire" dhuit, is é an freagradh do thiubharthá air, "Dia is Muire dhuit is Pádraig." Chíonn sibh go bhfuil beagán san mbreis ins an bhfreagradh i gcomhnuidhe ná fhuil san mbeannachadh i n-éan-chor. Ar an nós chéadna is eadh abairthear na sláintí. Féach: 1. Sláinte - "Sláinte chugat (nó chugaibh)" Freagradh - "Sláinte mhaith chugat." 2. S. - "Sláinte mhaith chugat (nó chugaibh)" F. - "Sláinte mhaith chugat agus saoghal fada." 3. S. - "Sláinte mhaith." F. - "Sláinte mhaith agus do shláinte féin i bhfad agat." 4. S. - "Sláinte chugat (nó chugaibh)" F. - "Sláinte gan slaghdán chugat." 5. S. - "Seo fá thuairim do shláinte (nó bhar sláinte)." F. - "Sláinte an bhradáin agat." Táid na sláintí thuas nó sláintí an-chosamhail leó coitcheannta go leór i measg na ndaoine go bhfuil an Ghaedhilg aca. Acht tá cinn eile ann, sláintí áirithe mar adéarthá, ná fuil chomh coitcheannta i mbéalaibh na ndaoine, agus ar an adhbhar sain gur baoghalaighe go gcaillfear iad mura gcuirfear síos iad. Cuirfeam- na síos anois i n-diaidh a chéile na sláintí de'n tsórt so fuaramar féin, agus déanfam iad so do mhíniughadh gur dóigh linn go bhfuil sain ag teastáil uatha. 6. "Sláinte chugat is cabhair; Is dealbh go deó ná rabhair." 7. "Go rabhaimíd fá mhaise 's fá áthas Bliadhain an taca so, Fá ghrástaibh Dé Agus pinginí airgid." Ó dhearbhráthair athar dúinn is eadh fuaramar sain, agus tá sé aige mar seo leis: 8. "Go rabhaimíd fá mhaise 's fá áthas bliadhain an taca so; fá ghreann Dé agus na gcomharsan." Is minic do chualadh duine ag rádh. 9. "Grásta Dé chugainn agus pinginn airgid." 10. "Sláinte mhór chugat I mbaile chuain Agus airgead." 11. Sláinte na féile 's an deagh-chroidhe; Agus sláinte an té réidhfeadh mo cheasnaidhe; Sláinte mo chéile 's mo leanbhaí; 'S mo shláinte bhocht féinidh nár mheathluighe." Fuaramar a deich ó Phádraig Ó Cruadhlaoich, Óbhid Mhaghchromdha, agus a haon déag ó n-a dhearbhráthair Tadhg, acht 'na chomhnuidhe i mBaile Mhúirne. Is iad an bheirt dearbhráthar seo, an bheirt filí is fearr cois Soláin thiar, nó dá n-abraimís i gCúige Mumhan ar fad; agus glaodhaimíd ar a bhfuil beó de lucht buailte sgiath gan dearmhad gan fear a sáruighthe do thagairt os ar gcomhair láithreach, más dóigh leó go bhfuil a leithéid ann, rud ná creidimíd. 12. "Sláinte chugaibh go léir Agus sláinte chugam-sa féin." Is é Seaghán Domhnall O Foghladha, feirmeoir i gCarraig na bhFear, gur ghnáth leis gan a dhearmhad féin mar sin. 13. "Sláinte na gile na finne 's na hóige Agus sláinte gach duine sa chuideachtain d'ólfadh é. I gCeapadh Chuinn is eadh fuaramar sain, acht is saith linn a rádh go bhfuilmíd tar éis ainm an té thug dúinn é do chailleamhaint. Tá súil againn go maithfidh sé dhúinn é, agus béimíd nísa chúramaighe an chéad uair eile. 14. "Sláinte na hÉireann 'S gach Conntae fá dhó; 'S an té nach maith leis mo ráidhte Nár mhairidh sé beó." I n-ionad "'S gach Conntae fa dhó," do chuala-sa "agus Conndae Mhaighe Eó," ag daoinibh as an gConntae sin; acht is dóigh linn féin gur fearr gan éan-chonntae d'ainmniughadh, ar eagla go mbéadh éad ar mhuintir na gconntaethe eile. Fuaramar an tsláinte seo mar tá sí thuas againn ó Shéamus Ó Duirinne ó'n nGráinsigh i gCo. Phuirt Láirge. 15. "Sláinte agus saoigheal agat; Bean ar do bhinn agat; Airgead síos agat; Is talamh gan chíos agat." Do chualamar an tsláinte seo ag Risdeard Ó Séaghdha atá 'na chómhnuidhe ar An Loch i gCorcaigh. Bhí Risdeárd 'na mháirneálach agus is dócha go gcualaidh sé gach éin-teanga eile gur fiú í teacht tháirstí san Roinn Eórpa, acht níor dhearmhad sé a theanga dhuthchais féin, agus tá sí aige anois chomh blasda agus bhí riamh. 16. "Seo do shláinte A Sheagháin Uí Chuinneagáin, Fear gan cháim 'na chroidhe; Fear geal áluinn, Ba chliste lámh; Fear na ráidhte grinn Fear nár báidheadh I n-ionarbhadh; Fear na dtábhairní díghe; Fear nár fhág; An bille lán; Fear le rádh agus suidhe." Ní fheadramar féin cia'r bh'é an Seaghán Ó Cuinnea- gáin go bhfuil trácht air thuas, acht bhí fileadh de'n ainm sin i gCúige Mumhan tá breis agus céad bliadhain ó shoin, agus is dóichighe gurab é sin é. Fuaramar an tsláinte seo ó Phádraig O Riagáin atá 'na chomhnuidhe i Ráth an Tóiteáin le hais Maighe Ealla. Tá an fear so ag cur rudaí síos ó bhéalaibh daoine le caogaid bliadhain. (ní críoch)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services