Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sláintí

Title
Sláintí
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Riagáin, Pádraig
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sláintí



Cionnus abairthear sláinte?



Seadh, ó's beannachadh sláinte, tugaimíd fá ndearr
go n-abairthear cuid mhaith de shláintíbh na Gaedhilge ar
nós bheannachaidh. Má bheannuigheann duine "Dia"
dhuit is é an freagradh is cóir do thabhairt air "Dia is
Muire dhuit," agus má bheannuigheann duine "Dia is
Muire" dhuit, is é an freagradh do thiubharthá air, "Dia
is Muire dhuit is Pádraig." Chíonn sibh go bhfuil
beagán san mbreis ins an bhfreagradh i gcomhnuidhe ná
fhuil san mbeannachadh i n-éan-chor. Ar an nós chéadna
is eadh abairthear na sláintí. Féach:



1. Sláinte - "Sláinte chugat (nó chugaibh)"
Freagradh - "Sláinte mhaith chugat."



2. S. - "Sláinte mhaith chugat (nó chugaibh)"
F. - "Sláinte mhaith chugat agus saoghal fada."



3. S. - "Sláinte mhaith."
F. - "Sláinte mhaith agus do shláinte féin i bhfad
agat."



4. S. - "Sláinte chugat (nó chugaibh)"
F. - "Sláinte gan slaghdán chugat."



5. S. - "Seo fá thuairim do shláinte (nó bhar sláinte)."
F. - "Sláinte an bhradáin agat."



Táid na sláintí thuas nó sláintí an-chosamhail leó
coitcheannta go leór i measg na ndaoine go bhfuil an
Ghaedhilg aca. Acht tá cinn eile ann, sláintí áirithe
mar adéarthá, ná fuil chomh coitcheannta i mbéalaibh na
ndaoine, agus ar an adhbhar sain gur baoghalaighe go
gcaillfear iad mura gcuirfear síos iad. Cuirfeam-
na síos anois i n-diaidh a chéile na sláintí de'n tsórt
so fuaramar féin, agus déanfam iad so do mhíniughadh gur
dóigh linn go bhfuil sain ag teastáil uatha.



6. "Sláinte chugat is cabhair;
Is dealbh go deó ná rabhair."



7. "Go rabhaimíd fá mhaise 's fá áthas
Bliadhain an taca so,
Fá ghrástaibh Dé
Agus pinginí airgid."



Ó dhearbhráthair athar dúinn is eadh fuaramar sain,
agus tá sé aige mar seo leis:



8. "Go rabhaimíd fá mhaise 's fá áthas bliadhain an
taca so; fá ghreann Dé agus na gcomharsan." Is minic
do chualadh duine ag rádh.



9. "Grásta Dé chugainn agus pinginn airgid."



10. "Sláinte mhór chugat
I mbaile chuain
Agus airgead."



11. Sláinte na féile 's an deagh-chroidhe;
Agus sláinte an té réidhfeadh mo cheasnaidhe;
Sláinte mo chéile 's mo leanbhaí;
'S mo shláinte bhocht féinidh nár mheathluighe."



Fuaramar a deich ó Phádraig Ó Cruadhlaoich, Óbhid
Mhaghchromdha, agus a haon déag ó n-a dhearbhráthair Tadhg,
acht 'na chomhnuidhe i mBaile Mhúirne. Is iad an bheirt
dearbhráthar seo, an bheirt filí is fearr cois Soláin
thiar, nó dá n-abraimís i gCúige Mumhan ar fad; agus
glaodhaimíd ar a bhfuil beó de lucht buailte sgiath gan
dearmhad gan fear a sáruighthe do thagairt os ar
gcomhair láithreach, más dóigh leó go bhfuil a leithéid
ann, rud ná creidimíd.



12. "Sláinte chugaibh go léir
Agus sláinte chugam-sa féin."



Is é Seaghán Domhnall O Foghladha, feirmeoir i
gCarraig na bhFear, gur ghnáth leis gan a dhearmhad
féin mar sin.



13. "Sláinte na gile na finne 's na hóige
Agus sláinte gach duine sa chuideachtain
d'ólfadh é.



I gCeapadh Chuinn is eadh fuaramar sain, acht is saith
linn a rádh go bhfuilmíd tar éis ainm an té thug dúinn
é do chailleamhaint. Tá súil againn go maithfidh sé
dhúinn é, agus béimíd nísa chúramaighe an chéad uair eile.



14. "Sláinte na hÉireann
'S gach Conntae fá dhó;
'S an té nach maith leis mo ráidhte
Nár mhairidh sé beó."



I n-ionad "'S gach Conntae fa dhó," do chuala-sa
"agus Conndae Mhaighe Eó," ag daoinibh as an gConntae
sin; acht is dóigh linn féin gur fearr gan éan-chonntae
d'ainmniughadh, ar eagla go mbéadh éad ar mhuintir na
gconntaethe eile. Fuaramar an tsláinte seo mar tá
sí thuas againn ó Shéamus Ó Duirinne ó'n nGráinsigh i
gCo. Phuirt Láirge.



15. "Sláinte agus saoigheal agat;
Bean ar do bhinn agat;
Airgead síos agat;
Is talamh gan chíos agat."



Do chualamar an tsláinte seo ag Risdeard Ó
Séaghdha atá 'na chómhnuidhe ar An Loch i gCorcaigh. Bhí
Risdeárd 'na mháirneálach agus is dócha go gcualaidh sé
gach éin-teanga eile gur fiú í teacht tháirstí san Roinn
Eórpa, acht níor dhearmhad sé a theanga dhuthchais féin,
agus tá sí aige anois chomh blasda agus bhí riamh.



16. "Seo do shláinte
A Sheagháin Uí Chuinneagáin,
Fear gan cháim 'na chroidhe;
Fear geal áluinn,
Ba chliste lámh;
Fear na ráidhte grinn
Fear nár báidheadh
I n-ionarbhadh;
Fear na dtábhairní díghe;
Fear nár fhág;
An bille lán;
Fear le rádh agus suidhe."



Ní fheadramar féin cia'r bh'é an Seaghán Ó Cuinnea-
gáin go bhfuil trácht air thuas, acht bhí fileadh de'n ainm
sin i gCúige Mumhan tá breis agus céad bliadhain ó shoin,
agus is dóichighe gurab é sin é. Fuaramar an tsláinte
seo ó Phádraig O Riagáin atá 'na chomhnuidhe i Ráth an
Tóiteáin le hais Maighe Ealla. Tá an fear so ag cur
rudaí síos ó bhéalaibh daoine le caogaid bliadhain.



(ní críoch)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services