Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Bhuail páipéar suilt liom an lá eile agus bhí bréag- dheilbh Chumhachtaí na hEórpa ann. Bhí an Rúise ann i gcruth beithir nó mathghamhna, agus Seaghan, i gcruth leomhain, acht bhí an leomhan manntach agus liath. Ins an teangaidh Ghearmáinis do bhí an páipéar úd sgríobhtha. Bhí na Cumhachtaí, dar leis an bhfear magaidh, ag cur cogaidh na Síne agus gnótha na tíre sin thre na chéile. "Is mithid do dhuine éigin againn an gnó so do ghabháil idir láimh agus bheith 'na stúirthóir ar an gcuid eile." "Ó, is mise an leomhan," arsa Seaghan, "is cóir dom bheith am' cheann oraibh." Bhris na trithídhe gáirídhe ar an gcuid eile agus ba dhóich leat go sgoiltfidís a gcliathána. "Shíleamar," ar siadsan, "go rabhairse láidir aon uair amháin mar do b'árd í do bhúithreach acht bí ciúin feasda, theasbáin an Bórach dúinn nách bhfuil ionnat-sa acht asal." Do réir an méid sin ní fhuil puinn measa ag na hEórpaigh seo ar chrodhacht Sheagháin indiu. Rinne seisean a dhícheall ag iarraidh Sasanaigh do chur mar cheann feadhna ar shaighdiúirí na gCumhachtaí ins an tSíne acht bhíodar ag magadh fá'n bhfear mbocht agus is é an Gearmánach Bhaldersee atá le bheith ós a gcionn annsúd. D'iarr Seaghan ar a charaid MacFhionnlaoigh focal do labhairt ar a shon acht thug an tUacdarán sain alp air, "ná bí am' bodhradh," ar seisean, "tá mo dhóthain le déanadh agam annso i gcoinnibh an Bhrianaigh, agus is mar gheall ortsa táid siad ag cur go dian orm, mar deir furmhór na nAmericánach go rabhas ro-bhaidheamhail leatsa agus táim eaglach go gcaillfeadh an tUachdar- ántacht 'na thaobh." Is fíor do MhacFhionnalaoigh sin. Má's cóir na páipéir thall i nAmericá do chreide- amhaint tabharfar bata agus mála do MhacFhionnlaoigh i mí na Samhna so chúgainn. Bhí iomabháidh idir Americá agus Sasana i n-uraidh mar gheall ar chlaidhe teorann idir an Canada agus na Stáit, agus deirthear nuair do bhris cogadh na mBórach amach go ndubhairt MacFhionnlaoigh le Seaghan nách biadh sé ro-dhian ar i dtaobh na teórann, agus gan bac leis an ngnó go fóil mar go réidhteóchaduis an ceist go min, muinteardha, d'éis an chogaidh. Is beag é cuimhneamh Sheaghain anois ar an dteórainn úd. Tá Aodh Ruadh na mBórach, an laoch De Bhet, ag tabhairt atharughadh gnótha dhó mar tá an fear sain ag déanadh bealaighe thres na Sasanaigh gach lá agus ag briseadh croidhe Sheaghain. Dubhart go minic nách biadh rath 'ná séan ar Sheaghan fad do bhiadh cead a chos ag De Bhet, agus is dóich le Seaghan féin leis é mar tá sé ag cur racht ar féin ag iarraidh greama d'fhághail ar an mBórach míorbhúileach ud. Casann sé air go minic agus ní bhíonn pioc d'á bhárr aige acht easnacha teinne agus pus fola. Fiche fear i n-aghaidh gach Bóraigh agus gach aon saghas airm agus earraidhe cogaidh aca is féidir do cheannach le hairgead, agus mar sin féin is leis na Bóracha atá an buaidh! Níor chualathas riamh fós a leithéid is dócha, roinn bheag feirmeóirí, cuid aca liath, agus cuid 'na n-aosanaigh, ag dalladh agus ag mealladh an airm is mó do chuir Sasana riamh ag troid ar tír. Is mithid do dhaoinibh éigin iarracht do dhéanadh chum coisg do chur leis an gcosgairt seo. Tá feisire ins an Afric theas, Sauer is ainm dó, agus tá sé ar tí athchuinge chur chum na bainríoghna ar son síothchána. Is beag an toradh beidh aici ar chaint ar fhir seo ceapaim, acht mar sin féin ní haon díoghbháil iarracht do dhéanadh. Deir- thear go bhfuil suas le ceithre fichid míle fear caillte ag Seaghan anois, agus os cionn an méid sin céadna de mhillúnaibh punt. Sin é an fáth fhéidir go bhfuil na Sasanaigh chomh fiadhain, feargach sain. Do dhóigheadar na tighthe ar feadh deich míle timcheall Phretoria. Ní chuirfidh an saghas sain alltacht eagla ar na Bóraigh mar tá guth ghlórach Phóil 'san ár 'gá ngríosadh chum cómhraic. Chuireadar an rith ar Bhuller ó Charolina go hÉrmelo agus chaill sé dhá chéad fear. Thuit an tubaiste céadna ortha ins an Transbhaal thiar mar a bhfuil Delare agus De Bhet, mar tá na Sasanaigh tiomáinte aca as gach baile ó Phretória go Mafecing. Níor bh'eol d'fhear darab ainm Situell an dá ghaisgidheach so do leanamhaint i gcás fáireadh ortha, acht chas dream beag Bórach air agus is beag ná'r itheadar é féin 'sa chuallachd. D'fhág sé cheithre fichid fear 'na dhiaidh. Táim ag buadhadh ortha, adeir Roberts acht ní chreidtear é. Is mithid de'n bhainríoghain, deireadh chur leis an éirleach so. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services