Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Bhuail páipéar suilt liom an lá eile agus bhí bréag-
dheilbh Chumhachtaí na hEórpa ann. Bhí an Rúise ann i
gcruth beithir nó mathghamhna, agus Seaghan, i gcruth leomhain,
acht bhí an leomhan manntach agus liath. Ins an teangaidh
Ghearmáinis do bhí an páipéar úd sgríobhtha. Bhí na
Cumhachtaí, dar leis an bhfear magaidh, ag cur cogaidh
na Síne agus gnótha na tíre sin thre na chéile. "Is mithid
do dhuine éigin againn an gnó so do ghabháil idir láimh
agus bheith 'na stúirthóir ar an gcuid eile." "Ó, is mise
an leomhan," arsa Seaghan, "is cóir dom bheith am' cheann
oraibh." Bhris na trithídhe gáirídhe ar an gcuid eile agus
ba dhóich leat go sgoiltfidís a gcliathána. "Shíleamar,"
ar siadsan, "go rabhairse láidir aon uair amháin mar
do b'árd í do bhúithreach acht bí ciúin feasda, theasbáin
an Bórach dúinn nách bhfuil ionnat-sa acht asal."



Do réir an méid sin ní fhuil puinn measa ag na
hEórpaigh seo ar chrodhacht Sheagháin indiu. Rinne
seisean a dhícheall ag iarraidh Sasanaigh do chur mar
cheann feadhna ar shaighdiúirí na gCumhachtaí ins an
tSíne acht bhíodar ag magadh fá'n bhfear mbocht agus is é
an Gearmánach Bhaldersee atá le bheith ós a gcionn
annsúd. D'iarr Seaghan ar a charaid MacFhionnlaoigh
focal do labhairt ar a shon acht thug an tUacdarán
sain alp air, "ná bí am' bodhradh," ar seisean, "tá mo
dhóthain le déanadh agam annso i gcoinnibh an Bhrianaigh,
agus is mar gheall ortsa táid siad ag cur go dian orm, mar
deir furmhór na nAmericánach go rabhas ro-bhaidheamhail
leatsa agus táim eaglach go gcaillfeadh an tUachdar-
ántacht 'na thaobh." Is fíor do MhacFhionnalaoigh sin.
Má's cóir na páipéir thall i nAmericá do chreide-
amhaint tabharfar bata agus mála do MhacFhionnlaoigh i mí
na Samhna so chúgainn. Bhí iomabháidh idir Americá agus
Sasana i n-uraidh mar gheall ar chlaidhe teorann idir an
Canada agus na Stáit, agus deirthear nuair do bhris cogadh na
mBórach amach go ndubhairt MacFhionnlaoigh le Seaghan
nách biadh sé ro-dhian ar i dtaobh na teórann, agus gan
bac leis an ngnó go fóil mar go réidhteóchaduis an
ceist go min, muinteardha, d'éis an chogaidh.



Is beag é cuimhneamh Sheaghain anois ar an dteórainn
úd. Tá Aodh Ruadh na mBórach, an laoch De Bhet, ag
tabhairt atharughadh gnótha dhó mar tá an fear sain ag
déanadh bealaighe thres na Sasanaigh gach lá agus ag
briseadh croidhe Sheaghain. Dubhart go minic nách biadh
rath 'ná séan ar Sheaghan fad do bhiadh cead a chos ag
De Bhet, agus is dóich le Seaghan féin leis é mar tá sé
ag cur racht ar féin ag iarraidh greama d'fhághail ar an
mBórach míorbhúileach ud. Casann sé air go minic agus
ní bhíonn pioc d'á bhárr aige acht easnacha teinne agus pus
fola. Fiche fear i n-aghaidh gach Bóraigh agus gach aon
saghas airm agus earraidhe cogaidh aca is féidir do
cheannach le hairgead, agus mar sin féin is leis na Bóracha
atá an buaidh! Níor chualathas riamh fós a leithéid is
dócha, roinn bheag feirmeóirí, cuid aca liath, agus cuid 'na
n-aosanaigh, ag dalladh agus ag mealladh an airm is mó
do chuir Sasana riamh ag troid ar tír.



Is mithid do dhaoinibh éigin iarracht do dhéanadh chum
coisg do chur leis an gcosgairt seo. Tá feisire ins
an Afric theas, Sauer is ainm dó, agus tá sé ar tí athchuinge
chur chum na bainríoghna ar son síothchána. Is beag an
toradh beidh aici ar chaint ar fhir seo ceapaim, acht mar
sin féin ní haon díoghbháil iarracht do dhéanadh. Deir-
thear go bhfuil suas le ceithre fichid míle fear caillte
ag Seaghan anois, agus os cionn an méid sin céadna de
mhillúnaibh punt. Sin é an fáth fhéidir go bhfuil na
Sasanaigh chomh fiadhain, feargach sain. Do dhóigheadar
na tighthe ar feadh deich míle timcheall Phretoria. Ní
chuirfidh an saghas sain alltacht eagla ar na Bóraigh
mar tá guth ghlórach Phóil 'san ár 'gá ngríosadh chum
cómhraic. Chuireadar an rith ar Bhuller ó Charolina go
hÉrmelo agus chaill sé dhá chéad fear. Thuit an tubaiste
céadna ortha ins an Transbhaal thiar mar a bhfuil
Delare agus De Bhet, mar tá na Sasanaigh tiomáinte aca
as gach baile ó Phretória go Mafecing. Níor bh'eol
d'fhear darab ainm Situell an dá ghaisgidheach so do
leanamhaint i gcás fáireadh ortha, acht chas dream beag
Bórach air agus is beag ná'r itheadar é féin 'sa chuallachd.
D'fhág sé cheithre fichid fear 'na dhiaidh. Táim ag
buadhadh ortha, adeir Roberts acht ní chreidtear é. Is
mithid de'n bhainríoghain, deireadh chur leis an éirleach
so.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services