Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an gCuartaidhthe - V
Title
Cúrsaidhe an gCuartaidhthe - V
Author(s)
Méarthóg Ghuill,
Pen Name
Mearthóg Ghuill
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an gCuartaidhthe - V Bríghid. - Cuir srian le do ghuth, agus cuimhnigh ar an rud atá ráidhte agat. Ní'l aon fhírinne in do chuid cainte. Nach bhfuil 'fhios agat go raibh Éireannaigh i n-airm Shasana le cuimhne na ndaoine? Máire. - Tá tú bréagach annsin. Ní dheachaidh aon fhíor-Ghaedheal i n-arm Shasana riamh go dtáinic na cuartaidhthe go hÉirinn. Acht ar thoiseach do chainte- se, mhol tú an maitheas atá na cuartaidhthe a' dhéanamh do Éirinn. Míneó' mise dhuit an díoghbháil atá siad a dhéanamh. I dtaobh na bhfámairí iomcharas na málaidhe dhóibh, ní le grádh do na fámairí seo a thugann siad an t-airgead dóibh, acht le n-a gcur i mbealach a mbasgtha. Nuair fhaghann siad an t-airgead, téidheann siad isteach insa gcéad teach óla castar leó, agus ólann siad go mbíonn siad dallta ar meisge. Caithtear amach annsin iad, tar éis an t-airgead a bheith caithte aca, toisigheann siad ag troid agus ag bruidhean amuigh ar an sráid, tiucfaidh fear an criosa, agus gabhfaidh sé iad, bhéarfaidhear as comhair giúistidhthe an lá ar n-a bhárach iad, cánfaidhear punta nó dhó iad, agus nuair nach mbéidh siad i n-ann an t-airgead sin íoc, caithfidh siad dhá mhí a chur i bpríosún. Agus sin é an cháil a thuganns na cuartaidhthe a bhaile leó ar na hÉireannaigh, nach bhfuil ionnta, acht fámairí coirnéil agus lucht póit, agus gurab é cóir Dhé a gcoinneál faoi smacht mar tá siad. Ní théidheann na cuartaidhthe i n-áit ar bith iargcúlach i nÉirinn, leis na daoine fheicéal ag obair ó bhliadhain go bliadhain, agus iad ag cur na gcnámh thríd a gcroiceann le cur a dhéanamh ar an gcaoi go mbeith siad i n-ann an t-amplachán tighearna a shásadh leis an gcíos. Ní'l a fhios ag na cuartaidhthe nach bhfuil aon fhir ar thalamh an domhain ag obair leath chomh cruaidh leis na hÉire- annaigh bríoghmhara atá againn i nÉirinn. Rud eile de, dá dtéidheadh siad thrí na báilte sin, ní thuigfeadh na daoine an t-almais, cainte atá acu, ná, is cosmhail iad le lachain a bheadh ag cabghail le chéile ar an gcarn aoiligh. B. - Agus nach bhfuil árd-uaisle na hÉireann ag labhairt na teangaidh sin? M. - Ní'l aon bhaint ag na hárd-uaisle sin do Éirinn, agus ní shalóchainn mo bhéal ag caint fútha. Agus i dtaobh na bhfaisiúin ur-nua a thug na cuartaidhthe againn mar deir tú sin iad a chreach agus sgrios Éire ar fad. Caitheadh i leithrighe an túirne lín agus an t-ollamh gairmid an cheirtlín agus an t-írnín snáith an flainín agus an bhréidín, an drogadh agus an brath-línte, agus an t-anraith gheal ghlégeal nár náireach a cur i láthair an ríogh. Coisgeadh an t-áirneán oidhche agus crónán an túirne agus sean-chomhortha na hÉireann, díbrigheadh na figheadóirí na deileadóirí agus na preasadóirí, briseadh an seól, coisgeadh abhras na hÉireann go hiomlán. I leabaidh an t-airgead a bheith ag dul ó bhaile go baile ar fud Éireann ag ceannacht éadaigh bhuan-seasmhaigh na hÉireann, táthar dá chárnadh anonn go Sasana agus ag ceannacht na sean-chiomachaidhe gan teas ná téigheadh ionntu. Sin é a ghnóthuigh sinn do bhárr cuairt na gcuartaidhthe. Acht mur bheith go dtáinig na cuar- taidhthe i n-ar measg, ní bhéadh náire ar ar gcailíní agus ar ar mbuachaillí éadach bláthamhail na hÉireann a chaitheadh mar chaith a seacht sinnsir rómpa, agus airgead na hÉireann a choinneál i n-ar dtír féin ó bhaile go baile. Bhéadh bláth Dé ar ar dtír mar sin, rud nach bhfuil, do bhárr na gcuartaidhthe. Anois, a Bhríghid, bréagnuigh mé, má tá tú i n-ann. Méarthóg Ghuill
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services