Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an gCuartaidhthe - V

Title
Cúrsaidhe an gCuartaidhthe - V
Author(s)
Méarthóg Ghuill,
Pen Name
Mearthóg Ghuill
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an gCuartaidhthe - V



Bríghid. - Cuir srian le do ghuth, agus cuimhnigh ar an
rud atá ráidhte agat. Ní'l aon fhírinne in do chuid
cainte. Nach bhfuil 'fhios agat go raibh Éireannaigh
i n-airm Shasana le cuimhne na ndaoine?



Máire. - Tá tú bréagach annsin. Ní dheachaidh aon
fhíor-Ghaedheal i n-arm Shasana riamh go dtáinic na
cuartaidhthe go hÉirinn. Acht ar thoiseach do chainte-
se, mhol tú an maitheas atá na cuartaidhthe a' dhéanamh
do Éirinn. Míneó' mise dhuit an díoghbháil atá siad a
dhéanamh. I dtaobh na bhfámairí iomcharas na málaidhe
dhóibh, ní le grádh do na fámairí seo a thugann siad an
t-airgead dóibh, acht le n-a gcur i mbealach a mbasgtha.
Nuair fhaghann siad an t-airgead, téidheann siad
isteach insa gcéad teach óla castar leó, agus ólann siad
go mbíonn siad dallta ar meisge. Caithtear amach
annsin iad, tar éis an t-airgead a bheith caithte aca,
toisigheann siad ag troid agus ag bruidhean amuigh ar an
sráid, tiucfaidh fear an criosa, agus gabhfaidh sé iad,
bhéarfaidhear as comhair giúistidhthe an lá ar n-a bhárach
iad, cánfaidhear punta nó dhó iad, agus nuair nach mbéidh
siad i n-ann an t-airgead sin íoc, caithfidh siad dhá mhí
a chur i bpríosún. Agus sin é an cháil a thuganns na
cuartaidhthe a bhaile leó ar na hÉireannaigh, nach bhfuil
ionnta, acht fámairí coirnéil agus lucht póit, agus gurab é
cóir Dhé a gcoinneál faoi smacht mar tá siad. Ní
théidheann na cuartaidhthe i n-áit ar bith iargcúlach
i nÉirinn, leis na daoine fheicéal ag obair ó bhliadhain
go bliadhain, agus iad ag cur na gcnámh thríd a gcroiceann
le cur a dhéanamh ar an gcaoi go mbeith siad i n-ann
an t-amplachán tighearna a shásadh leis an gcíos. Ní'l
a fhios ag na cuartaidhthe nach bhfuil aon fhir ar thalamh
an domhain ag obair leath chomh cruaidh leis na hÉire-
annaigh bríoghmhara atá againn i nÉirinn. Rud eile
de, dá dtéidheadh siad thrí na báilte sin, ní thuigfeadh
na daoine an t-almais, cainte atá acu, ná, is cosmhail
iad le lachain a bheadh ag cabghail le chéile ar an gcarn
aoiligh.



B. - Agus nach bhfuil árd-uaisle na hÉireann ag
labhairt na teangaidh sin?



M. - Ní'l aon bhaint ag na hárd-uaisle sin do
Éirinn, agus ní shalóchainn mo bhéal ag caint fútha. Agus
i dtaobh na bhfaisiúin ur-nua a thug na cuartaidhthe
againn mar deir tú sin iad a chreach agus sgrios Éire
ar fad. Caitheadh i leithrighe an túirne lín agus an
t-ollamh gairmid an cheirtlín agus an t-írnín snáith an
flainín agus an bhréidín, an drogadh agus an brath-línte, agus an
t-anraith gheal ghlégeal nár náireach a cur i láthair an
ríogh. Coisgeadh an t-áirneán oidhche agus crónán an
túirne agus sean-chomhortha na hÉireann, díbrigheadh na
figheadóirí na deileadóirí agus na preasadóirí, briseadh
an seól, coisgeadh abhras na hÉireann go hiomlán. I
leabaidh an t-airgead a bheith ag dul ó bhaile go baile
ar fud Éireann ag ceannacht éadaigh bhuan-seasmhaigh
na hÉireann, táthar dá chárnadh anonn go Sasana agus ag
ceannacht na sean-chiomachaidhe gan teas ná téigheadh
ionntu. Sin é a ghnóthuigh sinn do bhárr cuairt na
gcuartaidhthe. Acht mur bheith go dtáinig na cuar-
taidhthe i n-ar measg, ní bhéadh náire ar ar gcailíní agus
ar ar mbuachaillí éadach bláthamhail na hÉireann a
chaitheadh mar chaith a seacht sinnsir rómpa, agus airgead
na hÉireann a choinneál i n-ar dtír féin ó bhaile go
baile. Bhéadh bláth Dé ar ar dtír mar sin, rud nach
bhfuil, do bhárr na gcuartaidhthe. Anois, a Bhríghid,
bréagnuigh mé, má tá tú i n-ann.



Méarthóg Ghuill



<Basgadh, destruction; Iargcúlach, out of the beaten
track; cur a dhéanamh, to make a crop; amplachán,
an insatiable person; almais, gibberish; cabghail
(pron. cabaoil), quacking; leithrighe = leithshlighe; ollamh
gairmid, clove for cleaning flax; írnín, yarn; anrait,
linen; deileadóir, turner; preasadóir, the person
who thickens frieze>

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services