Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Na Beacha Meala - II
Title
Na Beacha Meala - II
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Na Beacha Meala - II Sul a bhfosgaileomaoid an chorcóg caithfeam a innsint duit go bhfuil dhá phríomh-pháirt innti - (1) an chuid íochtarach ar a nglaodhtar an "Seomra Ríoghdha", óir is í áit chómhnuighthe na bainríoghna í, nó "Seomra na n-ál," óir is innti a tógthar agus oiltear na beacha óga - agus (2) an chuid uachtarach ina gcuirthear an mhil ghlé i dtaisge. Tionnsgnómaoid ar an tSeomra Ríoghdha a bhreath- nughadh, óir is innti a thosnuigheann na beacha féin ag obair, agus muna mbeadh an áit so i ríocht maith ní fhéad- famaois aon mhil ghlé a fhagháil uatha. Anois tóg an clúdach de'n chorcóig agus tá le feicsint agat ins an gcuid íochtarach uimhir éigin do fhrámaidhibh, d'á dtugthar mar ainm frámaidhe na n-ál. Bídheann ó chúig go dosaon díobh so in gach corcóig do réir nirt an stoic. Árduigh suas ceann díobh agus chídhfir go bh-fuil sé cheithre orlaigh déag ar fhaid, agus ocht n-orlaigh go leith i ndoimhneacht gur céir é go léir acht amháin an t-imeall adhmaid, agus go bhfuil an chéir so lán do chadhanaibh. Is é gnó na bainríoghna ubh do bhreith in gach cadhain díobh so. Go deimhin is annamh do bheireann sí ubh san iomal uachtarach, óir bídheann sé ro-the chum na huibhe do ghor na gceart. Air an adhbhar sin cuirtear mil ann, óir teastuigheann an teas uaithi chum í do coiméad úr. Ní lugha-de do bheireann sí ins an iomal íochtarach, óir tá sé ró fhuar. Cuirtear an luaithreadh úd annso, leis a gcothuighthear na beacha óga. Feudfair na nithe so do dheimniughadh dhuit féin ó tá an fráma id' láimh, mar chífir an mhil thuas ann, agus an luaithreadh thíos, agus má iompuigheann tú chum an tsoluis é agus bior do chur ar do shúilibh, do chífir ubh beag geal i dtóin gach cadhain díobh. Ní mór dhuit glinneamhaint go gcur air chum é d'fheicsint óir ní'l sé acht an dara cuid deug d'órlach ar faid. I bhformhór na gcadhan ní huibhe do bheidh rómhat acht péistidhe beaga atá thar éis teacht amach as na h-uibhibh. Trí laethe bhíd na h-uibhe dá ngor. Nuair do thigid na geárcaigh bheaga amach caithidh siad biadh d'fhagháil. Ní h-í a máthair, an bhainríoghan, nídh nach iongnadh, d'fheudfadh é fhagháil dóibh. Tá mórán banaltraidhe in gach corcóig, agus is minic do bhíd siad leath-lámhach go leor, óir bídheann ós cionn 10,000 geárcach ag stoc láidir. Tugaid na banaltraidhe seo mar bhiadh dhóibh coimheas- gar de mhil, le luaithreadh, agus d'uisge. Téidhid i méid go tiugh i gcás go mbídheann a seomra beag líonta aca an t-ochtmhadh lá. Clúduighid na banaltraidhe na cadhain annsan le folach deunta de luaithreadh agus de chéir. Má dheunann tú mí-chreideamh dem' chaint, geárr an clúdadh buidhe d'aon chadhain, agus sin le feicsint agat, péist dheas gheal, mar iad súd do chonncamar ins na cadhanaibh ó chianaibh - nó mar do chonnaic tusa agus mise go minic cheana i gcorcóig i móinfheur lá fóghmhair. Tuig gur i bhfuiribh cnuimhe - gan clúmh, gan chos, gan sgiathán - do bhí na beacha óga go dtí so; acht d'éis iad do chlúdúghadh ins na cadhanaibh, fásann na baill chorportha so ortha, i gcás go mbriseann siad féin an clúdach dhá lá deug d'éis é chur ortha, agus go dtigid siad amach i n-a mbeacha cruthannta - 'Sé sin le rádh trí seachtmhaine d'éis an uibh do bhreith. Is iad na beacha so do dheunann gnó na corcóige go h-uile, 'na thaobh sin goirthear na h-obaireóirí ortha. Acht bídh na ropairidhe móra, slíomhtha innti leis. Óir ní dheunaid seo aon obair, baistfeam na "leisgeóirí" ortha. Tabhair airís catsúil ar an bhfráma, agus chífir go bhfuil beagán do na cadhanaibh níos mó ná an chuid eile. Is ins na cadhanaibh móra so do tógthar na leisgeóirí. Ní bhíonn acht ceud nó dhó dhíobh ann aon chorcóig. I dteas an tséasúra is eadh do bheireann an bhainrioghan na h-uibhe speisialta as a dtigidh seo agus deirthear gur ab iad na h-obaireoirí do chuireann d'fhiachaibh uirri iad do bhreith óir teastuigheann na leisgeóirí uatha nuair do bhíonn fonn ortha saithe do chur uatha. Ó's a tagairt do'n tsaithe é, cuirfeam síos anois cad fáth go gcuireann said saithe uatha, agus cionnus do thógaid siad bainríoghan eile, óir is follusach d'aon'ne gurab éigin dóibh an dara bainríoghan do bheith aca le linn imtheachta do'n tsaithe - bainríoghan ar cheann an mhéid a h-imthigheann, agus bainríoghan le fanamhaint 'n ndiaidh sa chorcóig. (Leanfear de seo)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services