Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Na Beacha Meala - II

Title
Na Beacha Meala - II
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Na Beacha Meala - II



Sul a bhfosgaileomaoid an chorcóg caithfeam a
innsint duit go bhfuil dhá phríomh-pháirt innti - (1) an
chuid íochtarach ar a nglaodhtar an "Seomra Ríoghdha",
óir is í áit chómhnuighthe na bainríoghna í, nó "Seomra
na n-ál," óir is innti a tógthar agus oiltear na beacha
óga - agus (2) an chuid uachtarach ina gcuirthear an mhil
ghlé i dtaisge.



Tionnsgnómaoid ar an tSeomra Ríoghdha a bhreath-
nughadh, óir is innti a thosnuigheann na beacha féin ag
obair, agus muna mbeadh an áit so i ríocht maith ní fhéad-
famaois aon mhil ghlé a fhagháil uatha.



Anois tóg an clúdach de'n chorcóig agus tá le feicsint
agat ins an gcuid íochtarach uimhir éigin do fhrámaidhibh,
d'á dtugthar mar ainm frámaidhe na n-ál. Bídheann ó
chúig go dosaon díobh so in gach corcóig do réir nirt
an stoic. Árduigh suas ceann díobh agus chídhfir go bh-fuil
sé cheithre orlaigh déag ar fhaid, agus ocht n-orlaigh go leith
i ndoimhneacht gur céir é go léir acht amháin an t-imeall
adhmaid, agus go bhfuil an chéir so lán do chadhanaibh. Is é
gnó na bainríoghna ubh do bhreith in gach cadhain díobh so.
Go deimhin is annamh do bheireann sí ubh san iomal
uachtarach, óir bídheann sé ro-the chum na huibhe do
ghor na gceart. Air an adhbhar sin cuirtear mil ann,
óir teastuigheann an teas uaithi chum í do coiméad úr.
Ní lugha-de do bheireann sí ins an iomal íochtarach, óir
tá sé ró fhuar. Cuirtear an luaithreadh úd annso, leis
a gcothuighthear na beacha óga. Feudfair na nithe so
do dheimniughadh dhuit féin ó tá an fráma id' láimh,
mar chífir an mhil thuas ann, agus an luaithreadh thíos, agus má
iompuigheann tú chum an tsoluis é agus bior do chur ar
do shúilibh, do chífir ubh beag geal i dtóin gach cadhain
díobh. Ní mór dhuit glinneamhaint go gcur air chum é
d'fheicsint óir ní'l sé acht an dara cuid deug d'órlach
ar faid. I bhformhór na gcadhan ní huibhe do bheidh
rómhat acht péistidhe beaga atá thar éis teacht amach as
na h-uibhibh. Trí laethe bhíd na h-uibhe dá ngor.



Nuair do thigid na geárcaigh bheaga amach caithidh siad
biadh d'fhagháil. Ní h-í a máthair, an bhainríoghan, nídh
nach iongnadh, d'fheudfadh é fhagháil dóibh. Tá mórán
banaltraidhe in gach corcóig, agus is minic do bhíd siad
leath-lámhach go leor, óir bídheann ós cionn 10,000
geárcach ag stoc láidir.



Tugaid na banaltraidhe seo mar bhiadh dhóibh coimheas-
gar de mhil, le luaithreadh, agus d'uisge. Téidhid i méid
go tiugh i gcás go mbídheann a seomra beag líonta
aca an t-ochtmhadh lá. Clúduighid na banaltraidhe na
cadhain annsan le folach deunta de luaithreadh agus de
chéir. Má dheunann tú mí-chreideamh dem' chaint, geárr
an clúdadh buidhe d'aon chadhain, agus sin le feicsint agat,
péist dheas gheal, mar iad súd do chonncamar ins na
cadhanaibh ó chianaibh - nó mar do chonnaic tusa agus mise
go minic cheana i gcorcóig i móinfheur lá fóghmhair.



Tuig gur i bhfuiribh cnuimhe - gan clúmh, gan chos,
gan sgiathán - do bhí na beacha óga go dtí so; acht
d'éis iad do chlúdúghadh ins na cadhanaibh, fásann na
baill chorportha so ortha, i gcás go mbriseann siad
féin an clúdach dhá lá deug d'éis é chur ortha, agus go
dtigid siad amach i n-a mbeacha cruthannta - 'Sé sin
le rádh trí seachtmhaine d'éis an uibh do bhreith.



Is iad na beacha so do dheunann gnó na corcóige go
h-uile, 'na thaobh sin goirthear na h-obaireóirí ortha.
Acht bídh na ropairidhe móra, slíomhtha innti leis. Óir
ní dheunaid seo aon obair, baistfeam na "leisgeóirí"
ortha. Tabhair airís catsúil ar an bhfráma, agus chífir go
bhfuil beagán do na cadhanaibh níos mó ná an chuid eile.
Is ins na cadhanaibh móra so do tógthar na leisgeóirí.
Ní bhíonn acht ceud nó dhó dhíobh ann aon chorcóig. I
dteas an tséasúra is eadh do bheireann an bhainrioghan
na h-uibhe speisialta as a dtigidh seo agus deirthear gur
ab iad na h-obaireoirí do chuireann d'fhiachaibh uirri iad
do bhreith óir teastuigheann na leisgeóirí uatha nuair
do bhíonn fonn ortha saithe do chur uatha.



Ó's a tagairt do'n tsaithe é, cuirfeam síos anois
cad fáth go gcuireann said saithe uatha, agus cionnus do
thógaid siad bainríoghan eile, óir is follusach d'aon'ne
gurab éigin dóibh an dara bainríoghan do bheith aca le
linn imtheachta do'n tsaithe - bainríoghan ar cheann an
mhéid a h-imthigheann, agus bainríoghan le fanamhaint 'n
ndiaidh sa chorcóig.



(Leanfear de seo)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services