Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe na gCuartaidhthe - III
Title
Cúrsaidhe na gCuartaidhthe - III
Author(s)
Méarthóg Ghuill,
Pen Name
Méarthóg Ghuill
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe na gCuartaidhthe - III Bríghid. - Agus nach bhfuil oiread daoine againn i nÉirinn anois agus bhí le cuimhne na ndaoine? Máire. - Go n-amharcaidh Dia ort! An do chodladh atá tú? B. - B'fhéidir go bhfuil mé chomh meabhrach leat-sa. M. - Ní thiosbánann do chuid cainte sin, má tá. Acht sílim go bhfuil lámh a' losgadh agat agus lámh a' tárrtháil, mar tá ag na daoine a chuir fáilte roimh na cuartaidhthe go hÉirinn. B. - Sílim go dtig do chuid cainte a bhaile dhuit féin. Ná, ní dheárna mise aon chleas tuatach a riamh, agus rud eile, ní raibh aon fhealltóir in mo bhunadh-sa ó géineadh an chéad duine acu. M. - Nach bhfuil a fhios agat go raibh as cionn ocht milliún daoine i nÉirinn trí fichid bliadhain ó shoin, agus ní'l againn ann anois acht a leath sin? Agus cúrsaidhe an chuid is mó acu sin, an t-am atá i láthair, ní cóir daoine a thabhairt orthu. B. - Sé mo bharamhail go bhfuil tú ro-aithiseach, agus innis dom brígh do chainte.
M. - Innseo-d, a mhuirnín. Tá trí fichid bliadhain ó shoin, bhí fir bhreágha slachtmhara fearamhla againn agus bhí mná urramhanta groidheamhla críostamhla againn. Bhí siad roinn-pháirteach le chéile. B. - Agus nach bhfuil siad amhlaidh a indiu? Nach bhfuil beatha agus éadaigh acu anois níos fearr ná bhí an uair sin? M. - Ní h-eanann sin le chéile. Na páisdí agus na mná atá againn anois, tá siad a' casachtaigh le triuch agus le eitinn, le carsán agus le criotán, le fiabhras croidhe agus seilide saigheadh, le sgoilteach agus le cléithín, le fhiabhras cabhaideach, agus le gach uile chineál eile gárla a thug na cuartaidhthe i n-ar dtír le n-a linn. Agus aríst i dtaobh na bhfear a bhí againn trí fichid bliadhain ó shoin. An chorr-cheann acu atá beagán iomlán, tá a gcosa attha agus bruithlín orthu, séidte mar éadromán, do bhárr an mhéid beórach agus uisge bheathadh atá siad a chur ina gcolainn. Ní bheith siad i n-ann míle bóthair a shiubhal i rith an lae. Níor bh'é sin do na fir a bhí ann trí fichid bliadhain ó shoin. Bhí siad aigeanta lúthmhar casgaidh. Bhí siad i n-ann a bheith amuigh le sgread na maidne 'ch uile mhaidin, agus obair lae bheith i ndiaidh a láimhe ar uair a naoi a chlog. Nuair thigeadh siad isteach 'un a mbric- feasta bhí siad i n-ann bonnóg aráin choirce 'ithe, agus orlach ar airde d'im air, agus dhá lán naigin chluasaigh dho cháthbhruith 'ól, agus bhí siad chomh reamhar beathuighthe sin agus go mbainfeadh coinnlin fuil astu. L'éis a mbricfeasta, théigheadh siad amach ag obair agus bhíodh 'ch aon fhear acu i n-ann oiread luirg a rómhar agus threabhfadh seisreach capall. B. - 'S iomdha fear maith ná romhair aon phreab a riamh. Agus rud eile, ní'l aon chál acu an talamh a rómhar anois, ná tá neart gleis inntrighthe acu leis an talamh a threabhadh agus a fhorsadh agus a rialadh. M. - Tá. Acht b'fhéarr a bhí sinn sul má dtáinic aon cheann acu i n-ar dtír. Agus ar ndóigh, le linn na gcuartaidhthe tháinic siad, mar tháinic 'ch uile phláigh eile thug siad leobhtha. Nuair nach raibh againn acht an láighe nó an rámhainn, bhí cor maith fataidhe agus gráin againn. Le linn na gcuartaidhthe agus na ngleas inntreacht' a tháinic an duibheachan ar na fataidhe agus sé mo bharamhail go bhfuil cuid do'n duibheachan sin a' titim ar bhunadh na gcuartaidhthe tá againn i nÉirinn an t-am atá i láthair. B. - Sé mo bharamhail go bhfuil tú a' cailleamhain do mheabhrach. Nach bhfuil a fhios agat nach bhfuil sé ceart agat bheith a' diabhlaidh do chomhursan agus go gcaithfidh tú an mhaith a' dhéanamh i n-aghaidh an uilc, nó ní bhfuighidh tú an bheatha shíorraidhe. Feicim go bhfuil mná againn anois, chomh diadhanta agus bhí againn a riamh, agus fir chomh carthanach tíor-ghrádhach agus bhí siad am ar bith. M. - Ar b'iad leithéidí 'na gcacairí, atá tú a rádh? Ní críoch. Méarthóg Ghuill
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services