Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe na gCuartaidhthe - III

Title
Cúrsaidhe na gCuartaidhthe - III
Author(s)
Méarthóg Ghuill,
Pen Name
Méarthóg Ghuill
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe na gCuartaidhthe - III



Bríghid. - Agus nach bhfuil oiread daoine againn
i nÉirinn anois agus bhí le cuimhne na ndaoine?



Máire. - Go n-amharcaidh Dia ort! An do chodladh
atá tú?



B. - B'fhéidir go bhfuil mé chomh meabhrach leat-sa.



M. - Ní thiosbánann do chuid cainte sin, má tá. Acht
sílim go bhfuil lámh a' losgadh agat agus lámh a' tárrtháil,
mar tá ag na daoine a chuir fáilte roimh na cuartaidhthe
go hÉirinn.



B. - Sílim go dtig do chuid cainte a bhaile dhuit
féin. Ná, ní dheárna mise aon chleas tuatach a riamh,
agus rud eile, ní raibh aon fhealltóir in mo bhunadh-sa ó
géineadh an chéad duine acu.



M. - Nach bhfuil a fhios agat go raibh as cionn ocht
milliún daoine i nÉirinn trí fichid bliadhain ó shoin, agus
ní'l againn ann anois acht a leath sin? Agus cúrsaidhe
an chuid is mó acu sin, an t-am atá i láthair, ní cóir
daoine a thabhairt orthu.



B. - Sé mo bharamhail go bhfuil tú ro-aithiseach, agus innis
dom brígh do chainte.


L. 291


M. - Innseo-d, a mhuirnín. Tá trí fichid bliadhain ó
shoin, bhí fir bhreágha slachtmhara fearamhla againn agus bhí
mná urramhanta groidheamhla críostamhla againn. Bhí
siad roinn-pháirteach le chéile.



B. - Agus nach bhfuil siad amhlaidh a indiu? Nach
bhfuil beatha agus éadaigh acu anois níos fearr ná bhí an
uair sin?



M. - Ní h-eanann sin le chéile. Na páisdí agus na mná
atá againn anois, tá siad a' casachtaigh le triuch agus le
eitinn, le carsán agus le criotán, le fiabhras croidhe agus
seilide saigheadh, le sgoilteach agus le cléithín, le fhiabhras
cabhaideach, agus le gach uile chineál eile gárla a thug na
cuartaidhthe i n-ar dtír le n-a linn. Agus aríst i
dtaobh na bhfear a bhí againn trí fichid bliadhain ó shoin.
An chorr-cheann acu atá beagán iomlán, tá a gcosa
attha agus bruithlín orthu, séidte mar éadromán, do bhárr
an mhéid beórach agus uisge bheathadh atá siad a chur ina
gcolainn. Ní bheith siad i n-ann míle bóthair a shiubhal
i rith an lae. Níor bh'é sin do na fir a bhí ann trí fichid
bliadhain ó shoin. Bhí siad aigeanta lúthmhar casgaidh.
Bhí siad i n-ann a bheith amuigh le sgread na maidne 'ch
uile mhaidin, agus obair lae bheith i ndiaidh a láimhe ar uair
a naoi a chlog. Nuair thigeadh siad isteach 'un a mbric-
feasta bhí siad i n-ann bonnóg aráin choirce 'ithe, agus
orlach ar airde d'im air, agus dhá lán naigin chluasaigh dho
cháthbhruith 'ól, agus bhí siad chomh reamhar beathuighthe sin agus
go mbainfeadh coinnlin fuil astu. L'éis a mbricfeasta,
théigheadh siad amach ag obair agus bhíodh 'ch aon fhear acu
i n-ann oiread luirg a rómhar agus threabhfadh seisreach
capall.



B. - 'S iomdha fear maith ná romhair aon phreab a
riamh. Agus rud eile, ní'l aon chál acu an talamh a
rómhar anois, ná tá neart gleis inntrighthe acu leis an
talamh a threabhadh agus a fhorsadh agus a rialadh.



M. - Tá. Acht b'fhéarr a bhí sinn sul má dtáinic aon
cheann acu i n-ar dtír. Agus ar ndóigh, le linn na
gcuartaidhthe tháinic siad, mar tháinic 'ch uile phláigh eile
thug siad leobhtha. Nuair nach raibh againn acht an láighe
nó an rámhainn, bhí cor maith fataidhe agus gráin againn.
Le linn na gcuartaidhthe agus na ngleas inntreacht' a
tháinic an duibheachan ar na fataidhe agus sé mo bharamhail
go bhfuil cuid do'n duibheachan sin a' titim ar bhunadh
na gcuartaidhthe tá againn i nÉirinn an t-am atá
i láthair.



B. - Sé mo bharamhail go bhfuil tú a' cailleamhain do
mheabhrach. Nach bhfuil a fhios agat nach bhfuil sé ceart
agat bheith a' diabhlaidh do chomhursan agus go gcaithfidh tú
an mhaith a' dhéanamh i n-aghaidh an uilc, nó ní bhfuighidh tú
an bheatha shíorraidhe. Feicim go bhfuil mná againn
anois, chomh diadhanta agus bhí againn a riamh, agus fir chomh
carthanach tíor-ghrádhach agus bhí siad am ar bith.



M. - Ar b'iad leithéidí 'na gcacairí, atá tú a rádh?



Ní críoch.



Méarthóg Ghuill



<Míniughadh: - meabhrach, mindful; tiosbán = teas-
bán, taisbeán, show; losgadh, firing, shooting; tárr-
tháil, tárrthuigh, save; tuatach, sinister; feall-
tóir, traitor; bunadh, family, race; geineadh, was
born or begotten; cúrsaidhe, concerning; aithiseach,
censorious; slachtmhar, handsome; groidheamhail,
comely; eanann (dialect) = ionann, alike, same; triuch,
hooping cough; eitinn, consumption; cársán,
asthma; criotán, bronchitis; fiabhras croidhe, heart
disease; seilide saigheadh, liver complaint; sgoilteach,
rheumatism; cléithin, angina pectoris?; f. cabhaidheach.
headache; gárla (dialect) = galar, disease; anntu =
ionnta; ar ghualainn, alongside of, compared to;
corr-cheann, an "odd" one; iomlán, sound; attha,
swollen; bruithlín, a fat paunch; séidte mar
eadromán, blown up like a bladder; beoir, ale;
aigheanta, spritely; lúthmhar, active; éasgaidh, nimble;
sgread na maidne, the "scraich of day", the early
dawn; bonnog, griddle cake; naigín cluasach, a
wooden drinking vessel with an upright handle, (cluas);
cathbhruith, flummery; beathuighthe, fed; coinnlín, a straw;
l'éis = d'éis, after; lorg, soil in which potatoes grow;
seisreach, a plough-team; preab, a sudden motion,
especially of the legs; cal, need; gléas inntrighthe,
invention; buntreacht, invention; treabhadh, ploughing;
forsáid, harrowing; rialadh, drilling land; leobhtha =
leó; láighe raimhainn, spade; cor, planting; duibheachan,
potato blight; titim = tuitim; diadhanta, religious;
carthannach, charitable; cacairí - míneóchthar an focal
so an chéad uair eile bhéas Máire ag caint annso>

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services