Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Do b'fhiú do dhuine aisde bheag do sgríobhadh ar Aonach na gCrioch atá ar siubhal ins an bPáris le breis agus rátha, mar is iomdha úirlis oibre do cheap fir áiseamhla, atá d'á thaisbeánt annsúd an aimsir seo. Do mhúinfeadh cuairt ar an Aonach úd an iomad eólais do dhuine acht is beag atá i dtaobh an Aonaigh ins na páipéaraibh. Ní fhuil ionnta san ó bun bárr acht trácht éithigh ar chogadh agus is é sin is feárr leis na daoinibh. Ar ball nuair do bheidh páipéar laetheamhail againn féin i nár dteangaidh tá súil agam go mbeimíd i gcumas beagán de'n fhírinne do thabhairt do na daoinibh ar chúrsaidhe an tsaoghail. Chífeá anois ar chlár fhoillsighthe pháipéirín laithighe atá annso agam a leithéid seo do ráfla, "Roberts ag sguabadh na Transbhala," agus d'fhéachfadh thríd le súil cúntuis d'fhághail ar an sguabachán, acht sin do bhiadh d'á bhárr agat. Ní hé Roberts na sguaibe go deimhin atá ag oibriughadh, acht De Bhet, agus do thabharfadh Seaghán Buidhe a dtiocfaidh agus a dtáinig ar ghreim d'fhághail ar an bhfear sain. Tá dá fhichead míle fear aige ar tóir an fhir seo ins an Saor-Stát, agus gidh go mbuailid leis go minic is fíor- annamh d'éirgheann leó. Muna gcuirthear cosg le De Bhet ní bhéidh an cogadh críochnuighthe go ceann leath- bliadhna agus tá páipéir Shasan ag cúlchaint ar Roberts 'na thaobh. Deir siad go bhfuil an oiread fear aige agus d'íosfadh na Boraigh go léir, acht mar sin féin is beag lá ná cuireann De Bhet ar lár cuid aca. Bhain sé geit asda trí huaire ar feadh na seachtmhaine seo ghabh thart, agus aon lá amháin d'árduigh sé leis trí fichid trucaill lóin uatha. Beidh saghas áirimh agat ar an ualach lóin do bhí ins na trucaillibh úd, má's fíor go mbíonn cheithre buláin fichead ag tarrach gach cinn aca. Nuair nach raibh sásamh eile ag na Sasanaigh bhuail feirm thalaimh leo ba le De Bhet, agus do dhóigheadar í, acht ní raibh fear an tighe ag baile. Bhí conspóid agus achrann aca ins an bhFeis Sagsan i Londain Dia hAoine mar gheall ar na céadta saighdiúir do fuair bás leis an bhfiabhras ins an Afraic theas. Thug feisire darab ainm Burdett Couts do tháinig ar n-ais ó'n Afraic tuairisg ghráinneamhail leis ar easbaidh dochtúirí le h-aire thabhairt do na saighdiúirí breóite, teinne, agus chuir sé an milleán ar an Riaghaltas acht bhí Balfour ag gabháil leathsgéil an Riaghaltais, agus níor réidhtigheadar le chéile. Meastar go bhfuair an iomad fear bás le faill, toisg nach raibh deocha leighis 'ná biadh ceart le tabhairt dóibh. Bhí amadáin ó Éire 'na measg súd agus ní mhúínfeadh an saoghal ciall dóibh. Do shílidh Seaghán nuair do chuaidh sé chum imreasgbhála le Pól nach raibh aige acht béic do chur as agus go rithfeadh an Bórach dán uaidh, acht deir an seanduine tréan go ndíoghalfaidh Seaghan as a chuid bradgháil agus ní misde dhó an méid sin do rádh. D'á mbiadh leithéid Phóil ins an tSín níor ghábhadh dhi aon eagla bheith uirthe roimh méine gaduidheachta na gCumhacht. Ní theasduigheann uaithe acht fear do ghléasfadh agus do chóireóchadh a sluaighte le haghaidh Cumhachta na hEórpa do thiomáint abhaile. Ní chloisi- míd go bhfuil an fear ann fós acht mar sin féin tá na Sínigh ag cómhrac go lán-dian. Níor shroich an taoiseach sáile úd Seimour cathair Phecin, mar bhí na Sínigh ró-láidir ar an mbealach roimis. Bhí faitchíos ar gach duine do raibh sé féin agus a fhuireann dá mhíle fear millte, toisg nár chualathas sgéala uaidh ar feadh coicthighis. Do b'éigean dó claiseacha dhéanadh do féin agus d'á bhuidhin, agus do throid- eadar leis na Sínigh ar feadh sé lá déag. Bhíodar i gcruadhchás agus i gcumhgach mar ba bheag é a lón bídh 'ná dighe, agus bhí na Sínigh ag gabháil dóibh chómh fíochmhar le beathadhaigh allta. Bhí trí chéad fear do chuid Sheimoir ar lár fa dheireadh agus fir bhuidhe mhaola, ag druidim isteach air go tiugh nuair do chualaidh sé liúgh gunna móir ar a chúl. Do phreab croidhe gach fir le h-aiteal nuair do chonncadar na Rúisínigh fá Stoesel ag teacht chum a bhfóirthine agus na Sínigh ag sgaipeadh roimis. Is fáilteach an rud fuasgailt. Imthighidh oraibh anois, a fheara buidhe na gceann mbeárrtha agus croithidh le fearg an dlaoigh gruaige úd ar sileadh le nbhar gcúl, go ngoirthear an t-earball muice air. Beidh lá eile aca cois Phecin, mar tá saighdiuirí na gCumhacht ag gluaiseacht ar an áit sin. Tá an fraoch ar lasadh 'na bhladhm bhreágh indiu. Tá sé i gcumas na
gCumhachta an teine do mhúchadh fós acht is geárr go mbeidh sí ag leathnughadh amach agus a búithridh ag dul i dtréine. Ní mhúchfaidh einnidh annsain í acht fuil na mílte fear. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services