Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Do b'fhiú do dhuine aisde bheag do sgríobhadh ar
Aonach na gCrioch atá ar siubhal ins an bPáris le breis
agus rátha, mar is iomdha úirlis oibre do cheap fir
áiseamhla, atá d'á thaisbeánt annsúd an aimsir seo.
Do mhúinfeadh cuairt ar an Aonach úd an iomad eólais
do dhuine acht is beag atá i dtaobh an Aonaigh ins na
páipéaraibh. Ní fhuil ionnta san ó bun bárr acht trácht
éithigh ar chogadh agus is é sin is feárr leis na daoinibh.



Ar ball nuair do bheidh páipéar laetheamhail againn
féin i nár dteangaidh tá súil agam go mbeimíd i
gcumas beagán de'n fhírinne do thabhairt do na daoinibh
ar chúrsaidhe an tsaoghail. Chífeá anois ar chlár
fhoillsighthe pháipéirín laithighe atá annso agam a leithéid
seo do ráfla, "Roberts ag sguabadh na Transbhala,"
agus d'fhéachfadh thríd le súil cúntuis d'fhághail ar an
sguabachán, acht sin do bhiadh d'á bhárr agat. Ní hé
Roberts na sguaibe go deimhin atá ag oibriughadh, acht
De Bhet, agus do thabharfadh Seaghán Buidhe a dtiocfaidh
agus a dtáinig ar ghreim d'fhághail ar an bhfear sain. Tá
dá fhichead míle fear aige ar tóir an fhir seo ins an
Saor-Stát, agus gidh go mbuailid leis go minic is fíor-
annamh d'éirgheann leó. Muna gcuirthear cosg le De
Bhet ní bhéidh an cogadh críochnuighthe go ceann leath-
bliadhna agus tá páipéir Shasan ag cúlchaint ar Roberts
'na thaobh. Deir siad go bhfuil an oiread fear aige agus
d'íosfadh na Boraigh go léir, acht mar sin féin is beag
lá ná cuireann De Bhet ar lár cuid aca. Bhain sé
geit asda trí huaire ar feadh na seachtmhaine seo ghabh
thart, agus aon lá amháin d'árduigh sé leis trí fichid
trucaill lóin uatha. Beidh saghas áirimh agat ar an
ualach lóin do bhí ins na trucaillibh úd, má's fíor go
mbíonn cheithre buláin fichead ag tarrach gach cinn aca.
Nuair nach raibh sásamh eile ag na Sasanaigh bhuail feirm
thalaimh leo ba le De Bhet, agus do dhóigheadar í, acht ní
raibh fear an tighe ag baile.



Bhí conspóid agus achrann aca ins an bhFeis Sagsan i
Londain Dia hAoine mar gheall ar na céadta saighdiúir
do fuair bás leis an bhfiabhras ins an Afraic theas.
Thug feisire darab ainm Burdett Couts do tháinig ar
n-ais ó'n Afraic tuairisg ghráinneamhail leis ar easbaidh
dochtúirí le h-aire thabhairt do na saighdiúirí breóite,
teinne, agus chuir sé an milleán ar an Riaghaltas acht bhí
Balfour ag gabháil leathsgéil an Riaghaltais, agus níor
réidhtigheadar le chéile. Meastar go bhfuair an iomad
fear bás le faill, toisg nach raibh deocha leighis 'ná biadh
ceart le tabhairt dóibh. Bhí amadáin ó Éire 'na measg
súd agus ní mhúínfeadh an saoghal ciall dóibh. Do shílidh
Seaghán nuair do chuaidh sé chum imreasgbhála le Pól
nach raibh aige acht béic do chur as agus go rithfeadh an
Bórach dán uaidh, acht deir an seanduine tréan go
ndíoghalfaidh Seaghan as a chuid bradgháil agus ní misde
dhó an méid sin do rádh.



D'á mbiadh leithéid Phóil ins an tSín níor ghábhadh dhi
aon eagla bheith uirthe roimh méine gaduidheachta na
gCumhacht. Ní theasduigheann uaithe acht fear do
ghléasfadh agus do chóireóchadh a sluaighte le haghaidh
Cumhachta na hEórpa do thiomáint abhaile. Ní chloisi-
míd go bhfuil an fear ann fós acht mar sin féin tá na
Sínigh ag cómhrac go lán-dian.



Níor shroich an taoiseach sáile úd Seimour cathair
Phecin, mar bhí na Sínigh ró-láidir ar an mbealach roimis.
Bhí faitchíos ar gach duine do raibh sé féin agus a
fhuireann dá mhíle fear millte, toisg nár chualathas
sgéala uaidh ar feadh coicthighis. Do b'éigean dó
claiseacha dhéanadh do féin agus d'á bhuidhin, agus do throid-
eadar leis na Sínigh ar feadh sé lá déag. Bhíodar i
gcruadhchás agus i gcumhgach mar ba bheag é a lón bídh
'ná dighe, agus bhí na Sínigh ag gabháil dóibh chómh fíochmhar
le beathadhaigh allta. Bhí trí chéad fear do chuid
Sheimoir ar lár fa dheireadh agus fir bhuidhe mhaola, ag
druidim isteach air go tiugh nuair do chualaidh sé liúgh
gunna móir ar a chúl. Do phreab croidhe gach fir le
h-aiteal nuair do chonncadar na Rúisínigh fá Stoesel ag
teacht chum a bhfóirthine agus na Sínigh ag sgaipeadh roimis.
Is fáilteach an rud fuasgailt.



Imthighidh oraibh anois, a fheara buidhe na gceann
mbeárrtha agus croithidh le fearg an dlaoigh gruaige úd ar
sileadh le nbhar gcúl, go ngoirthear an t-earball muice
air.



Beidh lá eile aca cois Phecin, mar tá saighdiuirí na
gCumhacht ag gluaiseacht ar an áit sin. Tá an fraoch
ar lasadh 'na bhladhm bhreágh indiu. Tá sé i gcumas na


L. 258


gCumhachta an teine do mhúchadh fós acht is geárr go
mbeidh sí ag leathnughadh amach agus a búithridh ag dul i
dtréine. Ní mhúchfaidh einnidh annsain í acht fuil na
mílte fear.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services