Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ní thuigeann an sáthach an seang
Title
Ní thuigeann an sáthach an seang
Author(s)
Fear Siubhail,
Pen Name
Fear Siubhail
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ní thuigeann an sáthach an seang Dia Sathairn seo ghabh tharainn bhí mé ag taisdeal ar a mbóthar iarainn ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirsde. Bhí an traen lán do dhaoinibh, fir oibre a bhformhór. Tá teach gealt dá thógáil i bPort Raithin i bhFine Gall, aisdear leath-uaire nó fá'n tuairim sin ó thuaidh ó Áth' Cliath, agus is ann do bhí mór-chuid aca ag obair. Bíonn tráthnóna an tSathairn díomhaoin ag lucht oibre na mbailte mór, agus thug na daoine seo an tráthnóna sin i mBaile Átha Cliath. Ba bheag duine aca nach raibh ar bog-mheisge. Bhíodar go léir ag caint agus gan aonduine ag éisteacht, cuid aca ag clampar, cuid eile ag magadh fá chéile, agus an tríomhadh cuid ag gabháil abhrán. Chromas féin ar léigheadh na nuaidheachta, acht theip sin orm mar gheall ar an ngleó agus ar an sgléip do bhí ar siubhal ar gach taobh díom, gur bh'éigean damh stad de. Le n-a linn sin, thug mé fám aire seanduine liath ins an gcúinne thall, agus é ag gabháil fhuinn ar chnáimh a dhíchill. Tháinig ciúnas beag ar an mbruidhin, agus d'airigh mé na focail seo aige dhá rádh san abhrán - "Ó, a Dhia dhílis!" agus annsin do bhí a fhios agam gur abhrán Gaedhilge do bhí aige dhá ghabháil. Chuir mé cluas orm féin ag éisteacht leis an seanduine, agus níor chuir mé suim ar bith i gcaint na coda eile as sin amach. Nuair stad sé don cheól, thosuigh ag caint lena chomhursain, agus do thuigeas gur Gaedhilg a bhí ag an mbeirt aca. Bhí fear oibre lena n-ais, agus bhí seisean ag éisteacht leó comh maith liom-sa. Fá dheireadh chuir sé isteach agus dubhairt i mBéarla - "Dá mbeith céad punnt agam, bhéarfainn é ar bhith i n-ann Gaedhilge labhairt!" D'fhéach fear an cheóil air agus dubhairt - "Cad chuige a dtiubharthá," ar seisean, "nach bhfuil an teanga atá agat sáthach maith agat?" "Ní hé sin é," ars an fear oibre, "acht badh cheart do gach uile dhuine bheith bródach ríméadach as teangaidh a thíre féin." Níor bh'fhada ina dhiaidh sin gur stad an traen. Labhair mé féin beagán Gaedhilge le fear an cheóil, agus annsin do thuirling an fhoireann go léir don traen, agus d'fhágadar im' aonar mé, i dtaobh le m' chuid smaointe. B'é seo toradh mo smaointe. Nach aisteach an sgéal é nach dtuigeann muinntir na hÉireann, cuid mhaith aca, maitheas nó brígh na teangadh dúthchais go dtí go mbídh sí goidte uatha gan súil lena fagháil ar ais go deó na ndeór! Is iomdha fear agus bean i nÉirinn indiu, dha raibh Gaedhilg ag a n-athair nó ag a máthair agus gur as Béarla ar fad do hoileadh agus do tógadh iad féin, agus creid mise ann nach buidheach ná beannachtach atá siad do na daoinibh úd do cheil teanga a dtíre agus teanga a seacht seacht sinnsear ortha ar an gcuma sin. Tuigthear rud eile dhamh. Dá mbéinn-se ag cur síos do'n Bhéarlóir Éireannach úd ón uair sin go dtí indiu, agus ó indiu go dtí bliadhain ó indiu, ag iarraidh a chur i dtuigsin dó gur náireach agus gur ró-náireach d'Éirean- nach ar bith gan a bheag ná a mhór do theangaidh na hÉireann bheith aige, is baoghlach liom nach ngéillfeadh sé orlach damh. Is cosmhail gurab é freagra do bhéadh aige dhamh an sean-fhreagra sgannalach úd "Cia an mhaith í?" Acht féach mar thárla nuair nach raibh duine ar bith dhá thafainnt air ná dhá chur ina luighe air gur mhaith agus gur mhór an mhaith í. Cluineann sé beirt ag labhairt Gaedhilge, agus gan toradh an madaidh aca uirthi, agus b'fhearr leis an uair sin, dar leis féin, ná céad punnt ina phóca, dá bhféadfadh sé bheith rannpháirteach ina gcomhrádh. Tuigeann sé anois dá leithead agus dá dhoimhne an fhairrge mhór atá ag gabháil idir Éirinn bhláthmhair agus Americá, gur leithe agus gur doimhne seacht n-uaire an duibheagán dubh atá idir Bhéarlóir ar bith agus beatha agus dúthchas agus intinn na sean-Éireann. Is é is tuigthe dhúinn as sin, ar dtús gur mór an náire dhúinn an Ghaedhilg do cheilt ar an aos óg, agus go dtuillfeam masladh agus mí-bhuidheachas uatha dá bharr. An dara nídh go bhfuil níos mó bríghe i bhfocal amháin do labhairt os árd os comhair na mbéarlóirí ná tá sa méid seanmóirí Béarla thiocfadh leat stealladh leó fhad is beó do cheann. An tríomhadh nídh, nach mór dúinn a chur i n-umhail do Ghaedhilgeóiribh na hÉireann go mbéidh meas agus cion ortha ag na Béarlóiribh féin, má bhíonn an meas ceart aca féin ar an teangaidh seo do gheall Dia dhóibh. Fear Siubhail
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services