Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ní thuigeann an sáthach an seang

Title
Ní thuigeann an sáthach an seang
Author(s)
Fear Siubhail,
Pen Name
Fear Siubhail
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ní thuigeann an sáthach an seang



Dia Sathairn seo ghabh tharainn bhí mé ag taisdeal ar
a mbóthar iarainn ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirsde.
Bhí an traen lán do dhaoinibh, fir oibre a bhformhór. Tá
teach gealt dá thógáil i bPort Raithin i bhFine Gall,
aisdear leath-uaire nó fá'n tuairim sin ó thuaidh ó Áth'
Cliath, agus is ann do bhí mór-chuid aca ag obair. Bíonn
tráthnóna an tSathairn díomhaoin ag lucht oibre na
mbailte mór, agus thug na daoine seo an tráthnóna sin i
mBaile Átha Cliath. Ba bheag duine aca nach raibh ar
bog-mheisge. Bhíodar go léir ag caint agus gan aonduine
ag éisteacht, cuid aca ag clampar, cuid eile ag magadh
fá chéile, agus an tríomhadh cuid ag gabháil abhrán. Chromas
féin ar léigheadh na nuaidheachta, acht theip sin orm mar
gheall ar an ngleó agus ar an sgléip do bhí ar siubhal ar
gach taobh díom, gur bh'éigean damh stad de. Le n-a
linn sin, thug mé fám aire seanduine liath ins an
gcúinne thall, agus é ag gabháil fhuinn ar chnáimh a dhíchill.
Tháinig ciúnas beag ar an mbruidhin, agus d'airigh mé na
focail seo aige dhá rádh san abhrán - "Ó, a Dhia dhílis!"
agus annsin do bhí a fhios agam gur abhrán Gaedhilge do bhí
aige dhá ghabháil. Chuir mé cluas orm féin ag éisteacht
leis an seanduine, agus níor chuir mé suim ar bith i gcaint
na coda eile as sin amach. Nuair stad sé don cheól,
thosuigh ag caint lena chomhursain, agus do thuigeas gur
Gaedhilg a bhí ag an mbeirt aca. Bhí fear oibre lena
n-ais, agus bhí seisean ag éisteacht leó comh maith liom-sa.
Fá dheireadh chuir sé isteach agus dubhairt i mBéarla -
"Dá mbeith céad punnt agam, bhéarfainn é ar bhith i
n-ann Gaedhilge labhairt!" D'fhéach fear an cheóil air
agus dubhairt - "Cad chuige a dtiubharthá," ar seisean,
"nach bhfuil an teanga atá agat sáthach maith agat?"
"Ní hé sin é," ars an fear oibre, "acht badh cheart do
gach uile dhuine bheith bródach ríméadach as teangaidh a
thíre féin." Níor bh'fhada ina dhiaidh sin gur stad an
traen. Labhair mé féin beagán Gaedhilge le fear an
cheóil, agus annsin do thuirling an fhoireann go léir don
traen, agus d'fhágadar im' aonar mé, i dtaobh le m' chuid
smaointe.



B'é seo toradh mo smaointe. Nach aisteach an sgéal
é nach dtuigeann muinntir na hÉireann, cuid mhaith
aca, maitheas nó brígh na teangadh dúthchais go dtí go
mbídh sí goidte uatha gan súil lena fagháil ar ais go
deó na ndeór! Is iomdha fear agus bean i nÉirinn indiu,
dha raibh Gaedhilg ag a n-athair nó ag a máthair agus gur as
Béarla ar fad do hoileadh agus do tógadh iad féin, agus creid
mise ann nach buidheach ná beannachtach atá siad do na
daoinibh úd do cheil teanga a dtíre agus teanga a seacht
seacht sinnsear ortha ar an gcuma sin.



Tuigthear rud eile dhamh. Dá mbéinn-se ag cur síos
do'n Bhéarlóir Éireannach úd ón uair sin go dtí indiu,
agus ó indiu go dtí bliadhain ó indiu, ag iarraidh a chur i
dtuigsin dó gur náireach agus gur ró-náireach d'Éirean-
nach ar bith gan a bheag ná a mhór do theangaidh na
hÉireann bheith aige, is baoghlach liom nach ngéillfeadh
sé orlach damh. Is cosmhail gurab é freagra do bhéadh
aige dhamh an sean-fhreagra sgannalach úd "Cia an
mhaith í?" Acht féach mar thárla nuair nach raibh duine
ar bith dhá thafainnt air ná dhá chur ina luighe air gur
mhaith agus gur mhór an mhaith í. Cluineann sé beirt ag
labhairt Gaedhilge, agus gan toradh an madaidh aca uirthi,
agus b'fhearr leis an uair sin, dar leis féin, ná céad
punnt ina phóca, dá bhféadfadh sé bheith rannpháirteach
ina gcomhrádh. Tuigeann sé anois dá leithead agus dá
dhoimhne an fhairrge mhór atá ag gabháil idir Éirinn
bhláthmhair agus Americá, gur leithe agus gur doimhne seacht
n-uaire an duibheagán dubh atá idir Bhéarlóir ar bith agus
beatha agus dúthchas agus intinn na sean-Éireann.



Is é is tuigthe dhúinn as sin, ar dtús gur mór an
náire dhúinn an Ghaedhilg do cheilt ar an aos óg, agus go
dtuillfeam masladh agus mí-bhuidheachas uatha dá bharr.
An dara nídh go bhfuil níos mó bríghe i bhfocal amháin do
labhairt os árd os comhair na mbéarlóirí ná tá sa méid
seanmóirí Béarla thiocfadh leat stealladh leó fhad is
beó do cheann. An tríomhadh nídh, nach mór dúinn a
chur i n-umhail do Ghaedhilgeóiribh na hÉireann go mbéidh
meas agus cion ortha ag na Béarlóiribh féin, má bhíonn an
meas ceart aca féin ar an teangaidh seo do gheall
Dia dhóibh.



Fear Siubhail

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services