Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Malairt Éadaigh, Malairt Aignidh
Title
Malairt Éadaigh, Malairt Aignidh
Author(s)
Méarthóg Guill,
Pen Name
Méarthóg Ghuill
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MALAIRT ÉADAIGH, MALAIRT AIGNIDH (Gaedhilg Chonndae Mhuigheó) Niallghus - Céad fáilte rómhat, a Chathail. Cathal - Go mbadh h-é dhuit. N. - Cé an chaoi i bhfuil tú 'fagháil do shláinte ? Is fada anois ó chonnaic mé thú. C. - Ní'l mé acht go réasúnta. Tá mé léis taoim tinnis a chur díom. N. - 'Ndomhnach, 's leór duit é i gcomhnaidhe. Cé an rath atá ar MhacGhiollarna?
C. - Tá sé bocht annróiteach. Dheamhan sgealb aige acht ag cur an lae indiu 'un an lae amáraigh (i mbárach). N. - Agus cé an rath atá ar a chlainn? C. - Dheamhan rath ná rathamhnas orthu. N. - Is mór an t-iongantas sin. Ná, thug sé oideas maith dóibh. C. - Bheith sé ní b'fhearr sa tsaoghail, dá gcuireadh sé amach ar a' gcrochar iad an lá chuir sé 'un sgoile iad. N. - Ó bú! cé r'd a rinne siad, nó goidé an t-adhbhar ar ubhairt tú é sin? C. - A dhearbhráthair mo chroidhe! Leig 'ugat an sgéala. D'íoc sé gach a b'fhiú don tsaoghal é as a mhac is sine le árd-oideas na tíre-thabhairt dó agus cúrsaidhe an chuid eile dhá chlainn, tá an fán orthu. N. - Lean leat faoi n-a mac is sine. Cé rud a d'éirigh leis, léis an árd-léighinn a fuair sé. C. - Nuair a tháinic sé a bhaile ón sgoil lóisdín, ní raibh sé i n-ann tada dhéanamh faoi'n mbaile, tar éis a athair a mhaoin shaoghalta a íoc as agus bhí sé chomh péacalach sin agus nach gcaithfeadh sé aon snáith éadaigh dá ndéan- faidhe insa tír i rugadh é. Thoisigh sé ag ól biotáilte agus a caitheadh tobac, gur sgrios sé athair ó theach 's ó theinidh. N. - Tá sin dona go leór, acht ní'l nídh dhá dhonacht, nách dtiocfadh a bheith níos measa. C. - Léis a thidheacht a bhaile ó sgoil ní leigfeadh sé dhá athair an chasóg bhréidín a chaitheadh, mar bhíodh na seóiníní a bhí ina chuideachta insa gcoláisde a' magadh faoi na casógaibh bréidín, agus mheas sé go raibh sé féin ina leath-bhoicín uasal, mar gheall ar a' gculaidh a bhí sé chaitheadh a fuair sé anall thar muir. Agus bhí 'athair chomh sónta agus gur chaith sé dhe an t-éadach bhí te teólmhar agus gur thoisigh sé caitheadh sean-ghioblachaidhe cadáis a' dhéanamh aithrise ar a mhac. N. - Agus a dhearbhráthair mo chroidhe! ar i Sasanaibh a rinneadh an chulaidh do'n athair? C. - Ní headh, a ghrádh. Ní raibh fios a airde ná a leithid aca i Sasanaibh. N. - Agus i nÉirinn a rinneadh mar sin í? C. - Go deimhin is ann. N. - Agus cé an táilliúr a rinne dhó í? C. - Innseó' mé sin duit anois. Tháinic ceannaidhe mála tamaillín beag ó shoin 'un a leitheide seo do bhaile mór agus chuir sé faoi insa mbaile mór sin, agus bhí sé fagháil na gciomachaidhe anall as Sasanaibh, agus trácht mór a fuair sé orthu ó na seóiníní. N. - Agus a raibh snáith ar bith d'éadach na hÉireann ag a gceannaidhe mála so? C. - Ni raibh aon dath ina shiopa a bhain do Éirinn. N. - Agus nach mór a' t-iongantas go bhfuair sé trácht ar a chuid earraidhe. C. - Fuair maise. Agus, acht beag go bhfuair ní bheith sé chomh saidhbhir agus tá sé. Níor b'fhiú cúig phunnta é nuair a chuir sé faoi annsin i dtoiseach, agus is fiú na céadta punnt anois é. Agus lucht na siopaidhe eile bhí a' díol abhrais na hÉireann, b'éigean dóbhtha a gcaitheadh ar a bhfaradh agus sgríobhadh go Sasanaibh i gcoinne na sean-chiomachaidhe mar bhí an ceannaidhe mála. N. - Agus cé an t-adhbhar a ndearna siad sin? C. - Mar bhí caonach liath ar éadach na hÉireann le chomh fada 's bhí siad ina siopaidhe gan a gceannacht uatha. N. - Is bocht an cás é sin i dtír Ghaedhealach, acht innis dom faoi chulaidh an athar. C. - Innseóchaidh. Thug an seóinín athair leis go dtí teach an cheannaidhe mhála agus cheannuigh sé culaidh úr ón bhfearra go diúra. Agus nuair a chuir an t-athair an culaidh air féin, dhearc sé insa sgáthan, agus níor aithnigh sé é féin. Shíl sé go raibh a cholann cumtha i gcuma árd-rí, agus nuair a tháinic sé a bhaile, thoisigh sé a comháirleagan na gcomhursanaidhe bhí ina thimcheall culaidh éadaigh fhagháil mar a chulaidh féin, agus éadach bródhach na hÉireann a chaitheadh i leithrighe, agus go raibh siad mí-chodruigheannta gan bláth gan slacht, agus go n-aithneochaidhe iad i gcumhlódar ar bith a mbeith siad ann mar gheall ar na héadaigh a bheith siad a chaitheadh. N. - Agus a' raibh na comhursanaidhe chomh cámásach sin agus gur ghlac siad a chomhairle? C. - Bhí an faras-bárr aca. N. - Agus cé an cineál Éireannaigh iad sin? C. - Éireannaigh tá déanamh a ndíchill gach uile nidh a bhaineanns dhár dteangaidh agus dhár dtír a dhíbirt as Éirinn duth agus dath. Agus Éireannaigh iad nach gcuimh- nigheann ar an díoghbháil tá na ceannaidhthe mála dhéanamh don tír, agus is measa na hÉireannaigh sin ná na ceannaidhthe mála féin. N. - Tá an ceart agad, a fhir chroidhe, agus innseo mé dhuit an t-adhbhar. Síleann na hÉireannaigh bhréige seo nuair fhaghann siad culaidh éadaigh déanta deas cuimsre nach i nÉirinn atá siad chor ar bith, gur goideadh Éire uainn agus go bhfuil siad ina Sasanaigh úr-nua. Agus dá gcoinneó'dh siad ó na ceannaidhthe mála agus gan a gcuid éadaigh do cheannacht, chaithfeadh siad Oileán glas na naomh fhágáil agus imtheacht ar a n-ais cebé áit a dtáinic siad as. Acht ní amhlaidh atá sé. Comhthigheach ar bith a chuirfeas faoi insna bailte móra ar fud Éireann agus thoiseóchas a' díol earraidhe ar bith a bhaineanns do Shasanaibh, ní bheidh siad i n-ann freasdal ar an lárm daoine a bhéas ina siopaidhe leis an trácht fhaghann siad ar a gcuid earraidhe. C. - Nach bhfuil 'fhios agad maith go leór nach bhfuil aon splannc insa gcuid is mó do na hÉireannaigh atá againn an t-am tá i láthair? Ní'l bruithean ná griongal ionntu agus tá siad a' déanamh a ndíchill báis agus beatha le bheith ar aon chuma agus ar aon ghléas leis na Sasanacha, agus gach nídh a bhaineas do Éirinn a thréigeadh agus a dhíbirt. N. - Tá an cheart agad, a Chathail. Agus dá mbeith siad meabhrach fad-cheannach, agus smaoineadh anois agus aríst ar a' méid airgid atá siad a chur go Sasanaibh gach uile bhliadhain ar shon na n-earraidhe atá siad fhagháil as, d'fheicfeadh siad an díoghbháil atá siad a' dhéanamh do Éirinn agus dóibh féin agus dá sliocht 'na ndiaidh. Acht ní mar sin atá. Tá iarpais nimhe neanntaidhe i gcroidhe gach fir aca i n-aghaidh abhrais agus sean-ghnás na hÉireann, an méid a theastuigheanns uatha. Sacs-
bhéarla na Sasanach i n-áit ar nGaedhilge, ciomachaidhe na Sasanach i n-áit ar mbréidín, agus miodamais na Sasanach i n-áit ar mbeatha sultmhaire - agus ó thoisigh na miodamais sin a' tidheacht go hÉirinn, tháinic 'ch uile chineál pláighe aicíd agus galra le n-a linn, ar a' gcaoi go bhfuil na daoine atá a' déanamh úsáide don mhioda- mas sin ina snagairí caoine mí-fholláine, a' sgreadghail le doigheachaibh fiacal le tocht fhuail agus galra creathach le seilide saigheamh agus fiabhras croidhe - agus le dhá fhocal a chur i n-aon fhocal amháin, ní'l aon ghalra faoi ríogh- achta na gréine nach bhfuil i nÉirinn ó thoisigh na mioda- mais agus na preabhaois a' tidheacht ó Shasanaibh. C. - Tá an ceart agad, a Niallghus. D'ith mé fhéin beagán do na miodamais an oidhche faoi dheireadh, agus hobair nach bhfuair mé bás le doigh imleacáin i rith na hoidhche, agus geallaim duit nach mblaisfidh mé dóibh arís, fad 's beó mo cheann. Agus i dtaobh na n-éadach atá siad a chaitheadh, nuair gheobhadh siad cith fearthanna, sriocann siad agus bíonn siad chomh giortach agus nach dtig leóbhtha a gcaitheadh thar dhá mhí; agus tá a gcuid airgid caithte i mudha aca ar a' gculaidh éadaigh sin. Agus nuair nach dtaighnigheann an bréidín nó an flainín leis na seóiníní mí-náireach so, tig leobhtha éadach maith Gaedhealach fhagháil i mBéal Eas nó insna Cealla Beaga nó insa mBlárnain nó i dTráigh Lí, nó i gCarraig na Siúire, agus ceannuigheadh siad an t-éadach sin, agus coinni- gheadh sinn ar n-airgead i n-ar dtír féin, i bhfarras a bheith a' beathughadh agus a' tógáil na gcraisdíní tá a' stealladh mhagaidh fúinne 'ch uile lá i Sasanaibh. Agus má ghníonn siad sin, tig linn muileann éadaigh chur ar bun i gach uile bhaile mór i nÉirinn, agus annsin béidh neart oibre le fagháil ag ar gcailíní agus ar mbuachaillí i bhfarras bheith a gcul (dul) don Oileán Úr, ag iarraidh slighe bheatha a sheibhtiughadh dhóbhtha fhéin. N. - Seadh, agus báithfear a leath a gul go dtí an tír sin. C. - Ní'ltear dhá mbáthadh anois. Tá báid ghaile againn, atá déanta breágh láidir staonmhar, agus ní baoghal báidhte do dhuine ar bith ghabhfas anntu (ionnta). N. - Tá sin maith go leór. Muithigheann sinn caint mhór faoi fhear nó bean acu chuireanns litir a bhaile agus beagán airgid anois agus aríst, acht ní mhuithigheann sinn caint ar bith ar na créatúir bhochta nach n-éirigheann an saoghal leó, na daoine nach bhfuil aon cháirde gaoil acu insan Oileán Úr; agus ar an adhbhar sin de, tuiteann an chuid is mó acu go dona nuair a chastar droch-chumhlodar orthu - agus a n-aithreachaidhe agus a máithreachaidhe bochta sa mbaile a' feitheamh le litir uatha gach uile lá, agus d'fhán siad 'a feitheamh orthu. Báithtear iad ar an talamh tirm - Éireanach ar bith shéanas a theanga agus a ainm agus dhéananns dearmad ar a chreideamh, agus theidheanns isteach ins gach uile theach is measa ná a chéile agus a ghníonns gach uile chineál cleas is mí-náirighe agus is sgannalaighe ná a chéile, tá a gcolanna sin báidhte i stáid pheacaidh marbh, agus ní'l creideamh ná coinsias acu, agus is measa iad ná an mathghamhain bhíos sa gcoill gan ciall ná réasún ina cheann. Agus fairíor tá go leór do na hÉireannaigh as a' gcuma sin anuair a fhágann siad Éire agus a chomhnuidheann siad insna ríoghachtaibh eile, an áit i bhfuil gach uile dhiabhlaidheacht is measa ná a chéile. C. - Tuilleadh diabhal chucu! Is iad fhéin is cionn- taighe nár fhan sa mbaile an áit nach raibh a leitheide sin d'olcas. Slán leat anois. Tá sé i n-am bheith a' gul a chodladh. Méarthóg Guill Míniughadh léis = tar éis; taom tinnis, a spell of sickness; Is leór duit é i gcomhnaidhe, you are well enough still; dheamhan sgealb, agus c., he hasn't a pick, but living from hand to mouth; cróchar, bier; cúrsaidhe an chuid eile, as for the rest; Tá an fán ortha, they are destitute; sgoil lóisdín, boarding school; péacalach, péacach, conceited; boicín, upstart, snob; síonta, silly, soft; giobal, rag; ceannaidhe mála, itinerant merchant; chuir faoi, settled down; acht beag go bhfuair, were it not that he got; dobhtha = dóibh; caith ar a bhfaradh, thrown aside (lit. on the hen-roost). caonach liath, blue mould; ceannacht = ceannach; ón bhfearra go diúra = ó bhathais go bíonn, from top to toe; leithrighe = leithshlighe, aside; mí- chodruigheannta, untidy; cumhlodar = comhluadar, company; cámasach, silly; faras-bárr, the greater part; duth agus dath, altogether; cuimsre, neat, tidy; coimhthigheach, stranger, foreigner; lárm, crowd; bruithean ná griongal, energy or grit; iarpais nimhe neanntaidhe, venomous feeling; miodamais, worthless food, such as imported in sealed tins, etc.; caoin, pining, delicate; doigh fhiacal, toothache; tocht fhuail, gravel (a disease); galra creathach, ague; seilide saigheamh, liver complaint; preabhaois, artificial foods; hobair (d'fhobair) nach bhfuair mé, I just missed getting; doigh imleacáin, colic; srioc, shrink; giortach, skimpy, shrunken; leóbhtha = leó; Béal Eas, Foxford; Na Cealla Beaga, Killybegs; Blárna, Blarney; I bhfarras, compared with; stealladh magaidh; ridiculing; staon- mhar, staunch; mathghamhain, bear.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services