Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Malairt Éadaigh, Malairt Aignidh

Title
Malairt Éadaigh, Malairt Aignidh
Author(s)
Méarthóg Guill,
Pen Name
Méarthóg Ghuill
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


MALAIRT ÉADAIGH, MALAIRT AIGNIDH



(Gaedhilg Chonndae Mhuigheó)



Niallghus - Céad fáilte rómhat, a Chathail.



Cathal - Go mbadh h-é dhuit.



N. - Cé an chaoi i bhfuil tú 'fagháil do shláinte



? Is
fada anois ó chonnaic mé thú.



C. - Ní'l mé acht go réasúnta. Tá mé léis taoim
tinnis a chur díom.



N. - 'Ndomhnach, 's leór duit é i gcomhnaidhe. Cé an
rath atá ar MhacGhiollarna?


L. 114


C. - Tá sé bocht annróiteach. Dheamhan sgealb aige
acht ag cur an lae indiu 'un an lae amáraigh (i mbárach).



N. - Agus cé an rath atá ar a chlainn?



C. - Dheamhan rath ná rathamhnas orthu.



N. - Is mór an t-iongantas sin. Ná, thug sé oideas
maith dóibh.



C. - Bheith sé ní b'fhearr sa tsaoghail, dá gcuireadh sé
amach ar a' gcrochar iad an lá chuir sé 'un sgoile iad.



N. - Ó bú! cé r'd a rinne siad, nó goidé an t-adhbhar
ar ubhairt tú é sin?



C. - A dhearbhráthair mo chroidhe! Leig 'ugat an
sgéala. D'íoc sé gach a b'fhiú don tsaoghal é as a
mhac is sine le árd-oideas na tíre-thabhairt dó agus
cúrsaidhe an chuid eile dhá chlainn, tá an fán orthu.



N. - Lean leat faoi n-a mac is sine. Cé rud a
d'éirigh leis, léis an árd-léighinn a fuair sé.



C. - Nuair a tháinic sé a bhaile ón sgoil lóisdín, ní
raibh sé i n-ann tada dhéanamh faoi'n mbaile, tar éis a
athair a mhaoin shaoghalta a íoc as agus bhí sé chomh péacalach
sin agus nach gcaithfeadh sé aon snáith éadaigh dá ndéan-
faidhe insa tír i rugadh é. Thoisigh sé ag ól biotáilte
agus a caitheadh tobac, gur sgrios sé athair ó theach 's ó
theinidh.



N. - Tá sin dona go leór, acht ní'l nídh dhá dhonacht, nách
dtiocfadh a bheith níos measa.



C. - Léis a thidheacht a bhaile ó sgoil ní leigfeadh sé
dhá athair an chasóg bhréidín a chaitheadh, mar bhíodh na
seóiníní a bhí ina chuideachta insa gcoláisde a' magadh
faoi na casógaibh bréidín, agus mheas sé go raibh sé féin
ina leath-bhoicín uasal, mar gheall ar a' gculaidh a bhí sé
chaitheadh a fuair sé anall thar muir. Agus bhí 'athair
chomh sónta agus gur chaith sé dhe an t-éadach bhí te teólmhar
agus gur thoisigh sé caitheadh sean-ghioblachaidhe cadáis a'
dhéanamh aithrise ar a mhac.



N. - Agus a dhearbhráthair mo chroidhe! ar i Sasanaibh
a rinneadh an chulaidh do'n athair?



C. - Ní headh, a ghrádh. Ní raibh fios a airde ná a
leithid aca i Sasanaibh.



N. - Agus i nÉirinn a rinneadh mar sin í?



C. - Go deimhin is ann.



N. - Agus cé an táilliúr a rinne dhó í?



C. - Innseó' mé sin duit anois. Tháinic ceannaidhe
mála tamaillín beag ó shoin 'un a leitheide seo do bhaile
mór agus chuir sé faoi insa mbaile mór sin, agus bhí sé
fagháil na gciomachaidhe anall as Sasanaibh, agus trácht
mór a fuair sé orthu ó na seóiníní.



N. - Agus a raibh snáith ar bith d'éadach na hÉireann
ag a gceannaidhe mála so?



C. - Ni raibh aon dath ina shiopa a bhain do Éirinn.



N. - Agus nach mór a' t-iongantas go bhfuair sé
trácht ar a chuid earraidhe.



C. - Fuair maise. Agus, acht beag go bhfuair ní
bheith sé chomh saidhbhir agus tá sé. Níor b'fhiú cúig phunnta
é nuair a chuir sé faoi annsin i dtoiseach, agus is fiú na
céadta punnt anois é. Agus lucht na siopaidhe eile
bhí a' díol abhrais na hÉireann, b'éigean dóbhtha a
gcaitheadh ar a bhfaradh agus sgríobhadh go Sasanaibh i
gcoinne na sean-chiomachaidhe mar bhí an ceannaidhe
mála.



N. - Agus cé an t-adhbhar a ndearna siad sin?



C. - Mar bhí caonach liath ar éadach na hÉireann le
chomh fada 's bhí siad ina siopaidhe gan a gceannacht
uatha.



N. - Is bocht an cás é sin i dtír Ghaedhealach, acht
innis dom faoi chulaidh an athar.



C. - Innseóchaidh. Thug an seóinín athair leis go
dtí teach an cheannaidhe mhála agus cheannuigh sé culaidh úr
ón bhfearra go diúra. Agus nuair a chuir an t-athair
an culaidh air féin, dhearc sé insa sgáthan, agus níor
aithnigh sé é féin. Shíl sé go raibh a cholann cumtha
i gcuma árd-rí, agus nuair a tháinic sé a bhaile, thoisigh sé
a comháirleagan na gcomhursanaidhe bhí ina thimcheall
culaidh éadaigh fhagháil mar a chulaidh féin, agus éadach
bródhach na hÉireann a chaitheadh i leithrighe, agus go raibh
siad mí-chodruigheannta gan bláth gan slacht, agus go
n-aithneochaidhe iad i gcumhlódar ar bith a mbeith siad
ann mar gheall ar na héadaigh a bheith siad a chaitheadh.



N. - Agus a' raibh na comhursanaidhe chomh cámásach
sin agus gur ghlac siad a chomhairle?



C. - Bhí an faras-bárr aca.



N. - Agus cé an cineál Éireannaigh iad sin?



C. - Éireannaigh tá déanamh a ndíchill gach uile nidh
a bhaineanns dhár dteangaidh agus dhár dtír a dhíbirt as
Éirinn duth agus dath. Agus Éireannaigh iad nach gcuimh-
nigheann ar an díoghbháil tá na ceannaidhthe mála
dhéanamh don tír, agus is measa na hÉireannaigh sin ná na
ceannaidhthe mála féin.



N. - Tá an ceart agad, a fhir chroidhe, agus innseo mé
dhuit an t-adhbhar. Síleann na hÉireannaigh bhréige
seo nuair fhaghann siad culaidh éadaigh déanta deas
cuimsre nach i nÉirinn atá siad chor ar bith, gur
goideadh Éire uainn agus go bhfuil siad ina Sasanaigh
úr-nua. Agus dá gcoinneó'dh siad ó na ceannaidhthe
mála agus gan a gcuid éadaigh do cheannacht, chaithfeadh
siad Oileán glas na naomh fhágáil agus imtheacht ar
a n-ais cebé áit a dtáinic siad as. Acht ní amhlaidh
atá sé. Comhthigheach ar bith a chuirfeas faoi insna
bailte móra ar fud Éireann agus thoiseóchas a' díol
earraidhe ar bith a bhaineanns do Shasanaibh, ní bheidh
siad i n-ann freasdal ar an lárm daoine a bhéas ina
siopaidhe leis an trácht fhaghann siad ar a gcuid
earraidhe.



C. - Nach bhfuil 'fhios agad maith go leór nach bhfuil
aon splannc insa gcuid is mó do na hÉireannaigh
atá againn an t-am tá i láthair? Ní'l bruithean ná
griongal ionntu agus tá siad a' déanamh a ndíchill báis
agus beatha le bheith ar aon chuma agus ar aon ghléas leis na
Sasanacha, agus gach nídh a bhaineas do Éirinn a
thréigeadh agus a dhíbirt.



N. - Tá an cheart agad, a Chathail. Agus dá mbeith
siad meabhrach fad-cheannach, agus smaoineadh anois agus
aríst ar a' méid airgid atá siad a chur go Sasanaibh
gach uile bhliadhain ar shon na n-earraidhe atá siad
fhagháil as, d'fheicfeadh siad an díoghbháil atá siad a'
dhéanamh do Éirinn agus dóibh féin agus dá sliocht 'na ndiaidh.
Acht ní mar sin atá. Tá iarpais nimhe neanntaidhe i
gcroidhe gach fir aca i n-aghaidh abhrais agus sean-ghnás na
hÉireann, an méid a theastuigheanns uatha. Sacs-


L. 115


bhéarla na Sasanach i n-áit ar nGaedhilge, ciomachaidhe
na Sasanach i n-áit ar mbréidín, agus miodamais na
Sasanach i n-áit ar mbeatha sultmhaire - agus ó thoisigh na
miodamais sin a' tidheacht go hÉirinn, tháinic 'ch uile
chineál pláighe aicíd agus galra le n-a linn, ar a' gcaoi
go bhfuil na daoine atá a' déanamh úsáide don mhioda-
mas sin ina snagairí caoine mí-fholláine, a' sgreadghail
le doigheachaibh fiacal le tocht fhuail agus galra creathach
le seilide saigheamh agus fiabhras croidhe - agus le dhá fhocal
a chur i n-aon fhocal amháin, ní'l aon ghalra faoi ríogh-
achta na gréine nach bhfuil i nÉirinn ó thoisigh na mioda-
mais agus na preabhaois a' tidheacht ó Shasanaibh.



C. - Tá an ceart agad, a Niallghus. D'ith mé fhéin
beagán do na miodamais an oidhche faoi dheireadh, agus
hobair nach bhfuair mé bás le doigh imleacáin i rith na
hoidhche, agus geallaim duit nach mblaisfidh mé dóibh arís,
fad 's beó mo cheann. Agus i dtaobh na n-éadach atá
siad a chaitheadh, nuair gheobhadh siad cith fearthanna,
sriocann siad agus bíonn siad chomh giortach agus nach dtig
leóbhtha a gcaitheadh thar dhá mhí; agus tá a gcuid airgid
caithte i mudha aca ar a' gculaidh éadaigh sin. Agus
nuair nach dtaighnigheann an bréidín nó an flainín leis
na seóiníní mí-náireach so, tig leobhtha éadach maith
Gaedhealach fhagháil i mBéal Eas nó insna Cealla Beaga
nó insa mBlárnain nó i dTráigh Lí, nó i gCarraig na
Siúire, agus ceannuigheadh siad an t-éadach sin, agus coinni-
gheadh sinn ar n-airgead i n-ar dtír féin, i bhfarras a
bheith a' beathughadh agus a' tógáil na gcraisdíní tá a'
stealladh mhagaidh fúinne 'ch uile lá i Sasanaibh. Agus
má ghníonn siad sin, tig linn muileann éadaigh chur
ar bun i gach uile bhaile mór i nÉirinn, agus annsin béidh
neart oibre le fagháil ag ar gcailíní agus ar mbuachaillí
i bhfarras bheith a gcul (dul) don Oileán Úr, ag iarraidh
slighe bheatha a sheibhtiughadh dhóbhtha fhéin.



N. - Seadh, agus báithfear a leath a gul go dtí an tír
sin.



C. - Ní'ltear dhá mbáthadh anois. Tá báid ghaile
againn, atá déanta breágh láidir staonmhar, agus ní baoghal
báidhte do dhuine ar bith ghabhfas anntu (ionnta).



N. - Tá sin maith go leór. Muithigheann sinn caint
mhór faoi fhear nó bean acu chuireanns litir a bhaile agus
beagán airgid anois agus aríst, acht ní mhuithigheann sinn
caint ar bith ar na créatúir bhochta nach n-éirigheann an
saoghal leó, na daoine nach bhfuil aon cháirde gaoil acu
insan Oileán Úr; agus ar an adhbhar sin de, tuiteann an
chuid is mó acu go dona nuair a chastar droch-chumhlodar
orthu - agus a n-aithreachaidhe agus a máithreachaidhe bochta sa
mbaile a' feitheamh le litir uatha gach uile lá, agus
d'fhán siad 'a feitheamh orthu. Báithtear iad ar an
talamh tirm - Éireanach ar bith shéanas a theanga
agus a ainm agus dhéananns dearmad ar a chreideamh, agus
theidheanns isteach ins gach uile theach is measa ná a
chéile agus a ghníonns gach uile chineál cleas is mí-náirighe
agus is sgannalaighe ná a chéile, tá a gcolanna sin báidhte
i stáid pheacaidh marbh, agus ní'l creideamh ná coinsias acu,
agus is measa iad ná an mathghamhain bhíos sa gcoill gan
ciall ná réasún ina cheann. Agus fairíor tá go leór
do na hÉireannaigh as a' gcuma sin anuair a fhágann
siad Éire agus a chomhnuidheann siad insna ríoghachtaibh eile,
an áit i bhfuil gach uile dhiabhlaidheacht is measa ná a
chéile.



C. - Tuilleadh diabhal chucu! Is iad fhéin is cionn-
taighe nár fhan sa mbaile an áit nach raibh a leitheide sin
d'olcas. Slán leat anois. Tá sé i n-am bheith a' gul
a chodladh.



Méarthóg Guill



Míniughadh



léis = tar éis; taom tinnis, a spell of sickness; Is leór duit
é i gcomhnaidhe, you are well enough still; dheamhan sgealb, agus c., he
hasn't a pick, but living from hand to mouth; cróchar, bier;
cúrsaidhe an chuid eile, as for the rest; Tá an fán ortha, they are
destitute; sgoil lóisdín, boarding school; péacalach, péacach,
conceited; boicín, upstart, snob; síonta, silly, soft; giobal, rag;
ceannaidhe mála, itinerant merchant; chuir faoi, settled down;
acht beag go bhfuair, were it not that he got; dobhtha = dóibh; caith
ar a bhfaradh, thrown aside (lit. on the hen-roost). caonach liath, blue
mould; ceannacht = ceannach; ón bhfearra go diúra = ó bhathais
go bíonn, from top to toe; leithrighe = leithshlighe, aside; mí-
chodruigheannta, untidy; cumhlodar = comhluadar, company;
cámasach, silly; faras-bárr, the greater part; duth agus dath, altogether;
cuimsre, neat, tidy; coimhthigheach, stranger, foreigner; lárm, crowd;
bruithean ná griongal, energy or grit; iarpais nimhe neanntaidhe,
venomous feeling; miodamais, worthless food, such as imported
in sealed tins, etc.; caoin, pining, delicate; doigh fhiacal, toothache;
tocht fhuail, gravel (a disease); galra creathach, ague; seilide
saigheamh, liver complaint; preabhaois, artificial foods; hobair
(d'fhobair) nach bhfuair mé, I just missed getting; doigh imleacáin,
colic; srioc, shrink; giortach, skimpy, shrunken; leóbhtha = leó;
Béal Eas, Foxford; Na Cealla Beaga, Killybegs; Blárna, Blarney;
I bhfarras, compared with; stealladh magaidh; ridiculing; staon-
mhar, staunch; mathghamhain, bear.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services