Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Is uathbhásach an dóighteán é siúd do bhí ins an gcathair úd thall i gCanada darab ainm Ottaua. Bhris an teine amach ar uair a haon ndéag ar maidin agus níor stad sí go raibh luach trí mhilliún púnt de dhíoghbháil déanta. Dóigheadh muilinn, margaí, agus tighthe móra, acht níor dóigheadh acht móirsheisear daoine mar bhí an lá acu le glanadh leó. Is minic do chonncamar cnámhlach mhaith i mbaile mór acht ní raibh innte acht bladhm bheag i gcomórtas leis an dóighteán úd mar deirthear go raibh an bhladhm úd i nOttaua cheithre mhíle ar faid agus leath-mhíle ar leithead. Tá múchairí teineadh in gach cathair acht ní raibh aon mhaitheas 'na gcuid uisge i gcoinnibh a leithéid siúd de theine acht fá mar do chaithfeá seilidh uirthe, mar bhí sí ag cnagarnaigh is ag búithridheach ar feadh dhá lá agus oidhche agus ní mhúchfadh easaí an chnuic í go raibh gach uile rud timcheall uirthi dóighte acht cré agus clocha. Tá chúig mhíle dhéag duine annsúd gan tigh gan teaghlach. Bhí maoin ag mórán acu tá seachtmhain ó shoin, táid siad anois ag iarraidh déirce agus ní fhuil mar a raibh tigh seasgair aca, acht luaithreach. Chonnaic daoine tá 'na gcómhnuidhe fiche míle ó'n gcathair úd an deatach, an múrabhán agus sgáile na teine ins an aér. Chuir an Riaghlóir atá ag Sasana annsúd teachtaire- acht abhaile ag iarraidh cabhartha do na daoinibh atá creachda agus ní misde do Sheághan an chabhair sin do thabhairt dóibh mar is umhal éasgaidhe bhí muintir Chanada ag cur fear agus capall chuigesin chum troda le Pól. Tá amhras gur de dheasgaibh na cabhartha sain do chuir dóighteóir éigin an chathair úd fá theineadh. Ní dócha go bhfuil pioc de'n fhírinne ann, acht gur leathadh an sgéal i gcás go mbiadh sé le rádh ag muintir Chanada, "féach a Sheághain a chara cad tá againn d'á fhulaing ar do shon-sa!" agus bhiadh leathsgéal ag Seághan annsain chum a ráidhte, "mo ghrádh sibh a chlann is ionmhuin liomsa sibh; ní dheighilfear go bráth sin." Bheidís ag pógadh agus ag deochadh a chéile annsain ar feadh tamaill le súil go mbogfadh nó go gcuirfeadh an méid sin eagla ar mhuintir na Stát mar tá muintir Chanada agus muintir na Stát ag imirt ar a chéile le bliadhain i dtaobh teórann atá thiar thuas i nAmericá. Tá na Canadánaigh ag brath ar réise mór talmhan atá annsúd d'fhághail le fada. Deir siad gur leo féin é de cheart agus nách bhfuil baint ag na hAmeri- cánaigh leis i n-aon chor. Dubharthas go raibh Mac Fhionnlaoigh ar inntinn aontúghadh leó acht tháinig faithchíos air agus chuir sé an cheist ar gcúl. Ní fhuil sí réidhtighthe fós agus deirthear go mbeidh imreas 'na taobh ar ball. Deirthear go gcaithfidh Canada géilleadh fá dheireadh muna gcabhruighidh Seaghan léi agus má chabhruigh- eann beidh rinnce fada aca. Tír fhuar fharsaing is eadh an Canada so. Do gheóbhfá feirm mhór ann ar abhrán acht sul a mbeitheá ann abhfad do b'fheárr leat ná tabharfá an t-abhrán uirthi. Is ait an chuma gur glaodhadh an ainm sin Canada ar an dtír úd. Is ionann an focal agus "baile". Fir chróna d'áitigh an tír ar dtúis agus Francach do b'eadh an chéad Eórpach do tháinig 'na measg. Chloiseadh sé go minic iad ag trácht thar "Canata", nó "baile" 'na dteanga féin agus shíligh sé gurab é sin ainm na tíre. Francaigh agus Sasanaigh is eadh áiteóirí na tíre úd agus táid fá riaghlughadh Shasana acht níor chaill na Francaigh a dteanga. Is beag duine aca go bhfuil Béarla aige acht tá a dteanga féin i n-úsáid aca mar do bhí 'gá n-aithreacha trí chéad bliadhan ó shoin nuair do shroich na Francaigh an áit ar dtúis. Táid siad béasach, fogh- lumtha, saidhbhir, suairc. Ní de'n tSagsan-treibh i n-aon chor iad mar ní hé an Béarla a dteanga. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services