Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <!DOCTYPE TEI [ <!ENTITY hellip "…"> ]> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt><title type="main">Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear</title><author><name type="main">Conán Maol</name></author><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt><editionStmt> <edition> <note type="N">CS1900_05_05_113</note> <note type="L">113</note> <note type="B">1900</note> <note type="C">Prós</note> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt><publicationStmt> <publisher>Foclóir na Nua-Ghaeilge</publisher> <pubPlace>19 Dawson Street, Dublin 2</pubPlace> <pubPlace>http://www.ria.ie/research/focloir-na-Nua-Ghaeilge.aspx</pubPlace><date>2016</date><idno>CS1900_05_05_113</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <sourceDesc><biblStruct><analytic><author>Conán Maol</author><title>Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear</title></analytic><monogr> <title level="j">An Claidheamh Soluis</title><imprint><publisher>An Claidheamh Soluis</publisher><date>1900</date></imprint> </monogr> </biblStruct></sourceDesc></fileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p> <lb n="1"/><span>Cúrsaidhe an tSaoghail</span></p> <lb n="2"/> <lb n="3"/><p><span>Tar Lear</span></p> <lb n="4"/> <lb n="5"/><p><span>Is uathbhásach an dóighteán é siúd do bhí ins an</span> <lb n="6"/><span>gcathair úd thall i gCanada darab ainm Ottaua.</span> <lb n="7"/><span>Bhris an teine amach ar uair a haon ndéag ar maidin</span> <lb n="8"/><span>agus níor stad sí go raibh luach trí mhilliún púnt de</span> <lb n="9"/><span>dhíoghbháil déanta. Dóigheadh muilinn, margaí, agus tighthe</span> <lb n="10"/><span>móra, acht níor dóigheadh acht móirsheisear daoine mar</span> <lb n="11"/><span>bhí an lá acu le glanadh leó.</span></p> <lb n="12"/> <lb n="13"/><p><span>Is minic do chonncamar cnámhlach mhaith i mbaile mór</span> <lb n="14"/><span>acht ní raibh innte acht bladhm bheag i gcomórtas leis</span> <lb n="15"/><span>an dóighteán úd mar deirthear go raibh an bhladhm úd</span> <lb n="16"/><span>i nOttaua cheithre mhíle ar faid agus leath-mhíle ar leithead.</span> <lb n="17"/><span>Tá múchairí teineadh in gach cathair acht ní raibh aon</span> <lb n="18"/><span>mhaitheas 'na gcuid uisge i gcoinnibh a leithéid siúd de</span> <lb n="19"/><span>theine acht fá mar do chaithfeá seilidh uirthe, mar bhí sí</span> <lb n="20"/><span>ag cnagarnaigh is ag búithridheach ar feadh dhá lá agus oidhche</span> <lb n="21"/><span>agus ní mhúchfadh easaí an chnuic í go raibh gach uile rud</span> <lb n="22"/><span>timcheall uirthi dóighte acht cré agus clocha. Tá chúig</span> <lb n="23"/><span>mhíle dhéag duine annsúd gan tigh gan teaghlach. Bhí</span> <lb n="24"/><span>maoin ag mórán acu tá seachtmhain ó shoin, táid siad</span> <lb n="25"/><span>anois ag iarraidh déirce agus ní fhuil mar a raibh tigh</span> <lb n="26"/><span>seasgair aca, acht luaithreach. Chonnaic daoine tá 'na</span> <lb n="27"/><span>gcómhnuidhe fiche míle ó'n gcathair úd an deatach, an</span> <lb n="28"/><span>múrabhán agus sgáile na teine ins an aér.</span></p> <lb n="29"/> <lb n="30"/><p><span>Chuir an Riaghlóir atá ag Sasana annsúd teachtaire-</span> <lb n="31"/><span>acht abhaile ag iarraidh cabhartha do na daoinibh atá</span> <lb n="32"/><span>creachda agus ní misde do Sheághan an chabhair sin do</span> <lb n="33"/><span>thabhairt dóibh mar is umhal éasgaidhe bhí muintir</span> <lb n="34"/><span>Chanada ag cur fear agus capall chuigesin chum troda le</span> <lb n="35"/><span>Pól. Tá amhras gur de dheasgaibh na cabhartha sain do</span> <lb n="36"/><span>chuir dóighteóir éigin an chathair úd fá theineadh. Ní</span> <lb n="37"/><span>dócha go bhfuil pioc de'n fhírinne ann, acht gur leathadh</span> <lb n="38"/><span>an sgéal i gcás go mbiadh sé le rádh ag muintir</span> <lb n="39"/><span>Chanada, "féach a Sheághain a chara cad tá againn d'á</span> <lb n="40"/><span>fhulaing ar do shon-sa!" agus bhiadh leathsgéal ag Seághan</span> <lb n="41"/><span>annsain chum a ráidhte, "mo ghrádh sibh a chlann is</span> <lb n="42"/><span>ionmhuin liomsa sibh; ní dheighilfear go bráth sin." Bheidís</span> <lb n="43"/><span>ag pógadh agus ag deochadh a chéile annsain ar feadh tamaill</span> <lb n="44"/><span>le súil go mbogfadh nó go gcuirfeadh an méid sin</span> <lb n="45"/><span>eagla ar mhuintir na Stát mar tá muintir Chanada agus</span> <lb n="46"/><span>muintir na Stát ag imirt ar a chéile le bliadhain i</span> <lb n="47"/><span>dtaobh teórann atá thiar thuas i nAmericá.</span></p> <lb n="48"/> <lb n="49"/><p><span>Tá na Canadánaigh ag brath ar réise mór talmhan</span> <lb n="50"/><span>atá annsúd d'fhághail le fada. Deir siad gur leo</span> <lb n="51"/><span>féin é de cheart agus nách bhfuil baint ag na hAmeri-</span> <lb n="52"/><span>cánaigh leis i n-aon chor. Dubharthas go raibh Mac</span> <lb n="53"/><span>Fhionnlaoigh ar inntinn aontúghadh leó acht tháinig</span> <lb n="54"/><span>faithchíos air agus chuir sé an cheist ar gcúl. Ní fhuil sí</span> <lb n="55"/><span>réidhtighthe fós agus deirthear go mbeidh imreas 'na taobh</span> <lb n="56"/><span>ar ball. Deirthear go gcaithfidh Canada géilleadh fá</span> <lb n="57"/><span>dheireadh muna gcabhruighidh Seaghan léi agus má chabhruigh-</span> <lb n="58"/><span>eann beidh rinnce fada aca.</span></p> <lb n="59"/> <lb n="60"/><p><span>Tír fhuar fharsaing is eadh an Canada so. Do</span> <lb n="61"/><span>gheóbhfá feirm mhór ann ar abhrán acht sul a mbeitheá</span> <lb n="62"/><span>ann abhfad do b'fheárr leat ná tabharfá an t-abhrán</span> <lb n="63"/><span>uirthi. Is ait an chuma gur glaodhadh an ainm sin</span> <lb n="64"/><span>Canada ar an dtír úd. Is ionann an focal agus "baile".</span> <lb n="65"/><span>Fir chróna d'áitigh an tír ar dtúis agus Francach do b'eadh</span> <lb n="66"/><span>an chéad Eórpach do tháinig 'na measg. Chloiseadh sé</span> <lb n="67"/><span>go minic iad ag trácht thar "Canata", nó "baile" 'na</span> <lb n="68"/><span>dteanga féin agus shíligh sé gurab é sin ainm na tíre.</span> <lb n="69"/><span>Francaigh agus Sasanaigh is eadh áiteóirí na tíre úd agus táid</span> <lb n="70"/><span>fá riaghlughadh Shasana acht níor chaill na Francaigh a</span> <lb n="71"/><span>dteanga. Is beag duine aca go bhfuil Béarla aige</span> <lb n="72"/><span>acht tá a dteanga féin i n-úsáid aca mar do bhí 'gá</span> <lb n="73"/><span>n-aithreacha trí chéad bliadhan ó shoin nuair do shroich na</span> <lb n="74"/><span>Francaigh an áit ar dtúis. Táid siad béasach, fogh-</span> <lb n="75"/><span>lumtha, saidhbhir, suairc. Ní de'n tSagsan-treibh i n-aon</span> <lb n="76"/><span>chor iad mar ní hé an Béarla a dteanga.</span></p> <lb n="77"/> <lb n="78"/><p><span>Conán Maol</span></p></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services