Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Is uathbhásach an dóighteán é siúd do bhí ins an
gcathair úd thall i gCanada darab ainm Ottaua.
Bhris an teine amach ar uair a haon ndéag ar maidin
agus níor stad sí go raibh luach trí mhilliún púnt de
dhíoghbháil déanta. Dóigheadh muilinn, margaí, agus tighthe
móra, acht níor dóigheadh acht móirsheisear daoine mar
bhí an lá acu le glanadh leó.



Is minic do chonncamar cnámhlach mhaith i mbaile mór
acht ní raibh innte acht bladhm bheag i gcomórtas leis
an dóighteán úd mar deirthear go raibh an bhladhm úd
i nOttaua cheithre mhíle ar faid agus leath-mhíle ar leithead.
Tá múchairí teineadh in gach cathair acht ní raibh aon
mhaitheas 'na gcuid uisge i gcoinnibh a leithéid siúd de
theine acht fá mar do chaithfeá seilidh uirthe, mar bhí sí
ag cnagarnaigh is ag búithridheach ar feadh dhá lá agus oidhche
agus ní mhúchfadh easaí an chnuic í go raibh gach uile rud
timcheall uirthi dóighte acht cré agus clocha. Tá chúig
mhíle dhéag duine annsúd gan tigh gan teaghlach. Bhí
maoin ag mórán acu tá seachtmhain ó shoin, táid siad
anois ag iarraidh déirce agus ní fhuil mar a raibh tigh
seasgair aca, acht luaithreach. Chonnaic daoine tá 'na
gcómhnuidhe fiche míle ó'n gcathair úd an deatach, an
múrabhán agus sgáile na teine ins an aér.



Chuir an Riaghlóir atá ag Sasana annsúd teachtaire-
acht abhaile ag iarraidh cabhartha do na daoinibh atá
creachda agus ní misde do Sheághan an chabhair sin do
thabhairt dóibh mar is umhal éasgaidhe bhí muintir
Chanada ag cur fear agus capall chuigesin chum troda le
Pól. Tá amhras gur de dheasgaibh na cabhartha sain do
chuir dóighteóir éigin an chathair úd fá theineadh. Ní
dócha go bhfuil pioc de'n fhírinne ann, acht gur leathadh
an sgéal i gcás go mbiadh sé le rádh ag muintir
Chanada, "féach a Sheághain a chara cad tá againn d'á
fhulaing ar do shon-sa!" agus bhiadh leathsgéal ag Seághan
annsain chum a ráidhte, "mo ghrádh sibh a chlann is
ionmhuin liomsa sibh; ní dheighilfear go bráth sin." Bheidís
ag pógadh agus ag deochadh a chéile annsain ar feadh tamaill
le súil go mbogfadh nó go gcuirfeadh an méid sin
eagla ar mhuintir na Stát mar tá muintir Chanada agus
muintir na Stát ag imirt ar a chéile le bliadhain i
dtaobh teórann atá thiar thuas i nAmericá.



Tá na Canadánaigh ag brath ar réise mór talmhan
atá annsúd d'fhághail le fada. Deir siad gur leo
féin é de cheart agus nách bhfuil baint ag na hAmeri-
cánaigh leis i n-aon chor. Dubharthas go raibh Mac
Fhionnlaoigh ar inntinn aontúghadh leó acht tháinig
faithchíos air agus chuir sé an cheist ar gcúl. Ní fhuil sí
réidhtighthe fós agus deirthear go mbeidh imreas 'na taobh
ar ball. Deirthear go gcaithfidh Canada géilleadh fá
dheireadh muna gcabhruighidh Seaghan léi agus má chabhruigh-
eann beidh rinnce fada aca.



Tír fhuar fharsaing is eadh an Canada so. Do
gheóbhfá feirm mhór ann ar abhrán acht sul a mbeitheá
ann abhfad do b'fheárr leat ná tabharfá an t-abhrán
uirthi. Is ait an chuma gur glaodhadh an ainm sin
Canada ar an dtír úd. Is ionann an focal agus "baile".
Fir chróna d'áitigh an tír ar dtúis agus Francach do b'eadh
an chéad Eórpach do tháinig 'na measg. Chloiseadh sé
go minic iad ag trácht thar "Canata", nó "baile" 'na
dteanga féin agus shíligh sé gurab é sin ainm na tíre.
Francaigh agus Sasanaigh is eadh áiteóirí na tíre úd agus táid
fá riaghlughadh Shasana acht níor chaill na Francaigh a
dteanga. Is beag duine aca go bhfuil Béarla aige
acht tá a dteanga féin i n-úsáid aca mar do bhí 'gá
n-aithreacha trí chéad bliadhan ó shoin nuair do shroich na
Francaigh an áit ar dtúis. Táid siad béasach, fogh-
lumtha, saidhbhir, suairc. Ní de'n tSagsan-treibh i n-aon
chor iad mar ní hé an Béarla a dteanga.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services