Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Bás na Circe
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Bás na Circe
Author(s)
Níosairde,
Pen Name
Níosairde
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Bás na Circe Chuaidh cearc agus coileach ag an sliabh aon lá amháin a' bailiughadh faosgóga agus ghealladar dá chéile cibé cia aca a gcasfaidhe an chéad fhaosgóg leis go roinnidís eatorra é. Fuair an chearc faosgóg mhór mhillteach, is níor dhúbhairt (ní dubhairt) sí tada 'na taobh, mar ba mhaith léi í ithe di féin ar fad. Acht bhí an croidhe nó an cnapán chomh mór, nuair thug sí iarracht ar í shluigeadh gur sheas sé ina sgórnach agus thosuigh sí a' sgréachghail - "A choiligh, uisge! uisge! déan deifir nó beidh mé tachtuighthe." D'imthigh leis an gcoileach chomh tréan i n-Éirinn is b'fhéidir leis go dtí an tobar. "A thobair" ar seisean, "tabhair dom uisge go beó! shluig mo cheaircín cnapán, is tá sí dhá tachtadh." "Téirigh go dtí an bhríghdeóg", arsa an tobar, "ag iarraidh snáth dearg síoda uirri." Ruith an coileach bocht go dtí an bhríghdeóg agus adubhairt "A bhríghdeóg mo chroidhe, tabhair dhom, má 'sé do thoil é, písín beag síoda le h-aghaidh an tobair, le go ngeobhad uisge do mo cheaircín, a shluig cnapán mór agus tá sí dá tachtadh." D'fhreagair an bhríghdeóg é: "Gread i dtosach is tabhair chugam mo bhrat atá crochta ar an gcrann cuilinn sin thall." Ghread leis go dtí an cuileann, go bhfuair sé an brat. Thug an bhríghdeóg an síoda dearg dó chuaidh annsin chomh fada leis an tobar, go bhfuair an t-uisge fá dheireadh. Acht bhí sé ro-mhall; nuair thug sé an t-uisge ag an gcirc, fuair sé sínte siar ar an talamh í gan deóir innti, mar thacht an cnapán í. Bhí an oiread do bhuaidhreadh ar an gcoileach gur leig sé sgréach mhór as; níor bhfada go dtáinig a raibh d'ainmhidhthe le fághail ag tóramh na circe agus tháinig sé luichíní beaga go ndeunfaidís cóisde lé h-aghaidh na sochraide agus nuair bhí sé críochnuighthe shrathruigheadar iad féin agus tharraingeadar leo í go dtí an reilig, agus an coileach 'na ndiaidh aniar. Ar an mbealach casadh sionnach orra, is d'fhiafruigh sé cá rabhadar ag dul. "Tá mé 'dul go gcuiridh mé mo cheaircín deas ghleoidhte," adeir an coileach agus é breathnúghadh go buadhartha. "An féidir liom-sa dul leat?" adeir an sionnach. "Is féidir, má leanann tú 'nar ndiaidh; mar ní fhéadfadh mo chuid caiple beaga an cóisde tharraingt dá mbeitheá-sa ann." Chuaidh an sionnach i ndiaidh an choiligh annsin tháinig madra-alla, i ndiaidh an mhadra-alla tháinig leomhan, 'na dhiaidh sin cúmfall, 'na dhiaidh sin arís a raibh do chréatúirí beó 'san gcoill. Ní dheachadar i bhfad go dtángadar go dtí sruthán. "Cé an chaoí 'bhféadfaimuid dul treasna?" deir an coileach. Bhí sop tuighe 'na luighe ar thóin an tsrutháin, is dubhairt go gcuirfeadh sé féin treasna an tsrutháin iad, is go mbadh furusda dhóibh siubhal air féin. Acht nuair chuir na luchain bheaga a gcuid cosa ar an droichead bhris sé, thuit na luichíní san uisge gur báthadh iad. Is gearr go dtáinig carraig mhór ghuail suas go dtí iad agus dubhairt mar seo: "Sílim go bhfuil mise mór go leor agus láidir go leór lé sibh chur treasna slán sábháilte. Chuir an chloch ghuail í féin in san uisge, acht mo léan géar! ní túisge bhí sí ann ná leagh sí agus báthadh í. Fá dheireadh ghlac carraig mhór mhillteach do chloich truaighe orra, chaith sí í féin treasna an tsrutháin ó thaobh go taobh. Os cionn na cloiche seo 'seadh tharraing an coileach an chóisde agus an chearc bhásaighthe ann gur fhág sé slán folláin ar an taobh eile í. Ba mhian leis an chuid eile é leanamhaint, is cuireadh an cóisde folamh 'na gcoinne acht bhí sé an-bheag agus ó thárla go ndeachadar ar fhad san gcóisde i n-éinfheacht, d'iompuigh sé druim ar n-ais, thuiteadar san uisge agus báthadh gach uile mhac a pheata aca. Bhí an coileach bocht leis féin agus an chearc bhásuighthe; rinne sé an uaigh, leag sé síos go deas mín réidh í agus níor fhág sé an áit gur chuir sé leachda breágh deas os a cionn. Shuidh sé ar an leachda tar éis é bheith críochnuighthe bhí an oiread do bhrón agus do chathughadh 'na diaidh aige go bhfuair sé bás le briseadh croidhe. Níosairde
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services