Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Bás na Circe

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Bás na Circe
Author(s)
Níosairde,
Pen Name
Níosairde
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Bás na Circe



Chuaidh cearc agus coileach ag an sliabh aon lá amháin
a' bailiughadh faosgóga agus ghealladar dá chéile cibé cia
aca a gcasfaidhe an chéad fhaosgóg leis go roinnidís
eatorra é.



Fuair an chearc faosgóg mhór mhillteach, is níor
dhúbhairt (ní dubhairt) sí tada 'na taobh, mar ba mhaith
léi í ithe di féin ar fad. Acht bhí an croidhe nó an
cnapán chomh mór, nuair thug sí iarracht ar í shluigeadh
gur sheas sé ina sgórnach agus thosuigh sí a' sgréachghail -
"A choiligh, uisge! uisge! déan deifir nó beidh mé
tachtuighthe."



D'imthigh leis an gcoileach chomh tréan i n-Éirinn is
b'fhéidir leis go dtí an tobar. "A thobair" ar
seisean, "tabhair dom uisge go beó! shluig mo cheaircín
cnapán, is tá sí dhá tachtadh." "Téirigh go dtí an
bhríghdeóg", arsa an tobar, "ag iarraidh snáth dearg
síoda uirri."



Ruith an coileach bocht go dtí an bhríghdeóg agus adubhairt
"A bhríghdeóg mo chroidhe, tabhair dhom, má 'sé do thoil
é, písín beag síoda le h-aghaidh an tobair, le go
ngeobhad uisge do mo cheaircín, a shluig cnapán mór agus
tá sí dá tachtadh." D'fhreagair an bhríghdeóg é: "Gread
i dtosach is tabhair chugam mo bhrat atá crochta ar an
gcrann cuilinn sin thall."



Ghread leis go dtí an cuileann, go bhfuair sé an
brat. Thug an bhríghdeóg an síoda dearg dó chuaidh
annsin chomh fada leis an tobar, go bhfuair an t-uisge
fá dheireadh. Acht bhí sé ro-mhall; nuair thug sé an
t-uisge ag an gcirc, fuair sé sínte siar ar an talamh
í gan deóir innti, mar thacht an cnapán í.



Bhí an oiread do bhuaidhreadh ar an gcoileach gur
leig sé sgréach mhór as; níor bhfada go dtáinig a raibh
d'ainmhidhthe le fághail ag tóramh na circe agus tháinig sé
luichíní beaga go ndeunfaidís cóisde lé h-aghaidh na
sochraide agus nuair bhí sé críochnuighthe shrathruigheadar
iad féin agus tharraingeadar leo í go dtí an reilig, agus an
coileach 'na ndiaidh aniar.



Ar an mbealach casadh sionnach orra, is d'fhiafruigh
sé cá rabhadar ag dul.



"Tá mé 'dul go gcuiridh mé mo cheaircín deas
ghleoidhte," adeir an coileach agus é breathnúghadh go
buadhartha.



"An féidir liom-sa dul leat?" adeir an sionnach.



"Is féidir, má leanann tú 'nar ndiaidh; mar ní
fhéadfadh mo chuid caiple beaga an cóisde tharraingt
dá mbeitheá-sa ann."



Chuaidh an sionnach i ndiaidh an choiligh annsin tháinig
madra-alla, i ndiaidh an mhadra-alla tháinig leomhan,
'na dhiaidh sin cúmfall, 'na dhiaidh sin arís a raibh do
chréatúirí beó 'san gcoill. Ní dheachadar i bhfad go
dtángadar go dtí sruthán.



"Cé an chaoí 'bhféadfaimuid dul treasna?" deir an
coileach.



Bhí sop tuighe 'na luighe ar thóin an tsrutháin, is
dubhairt go gcuirfeadh sé féin treasna an tsrutháin
iad, is go mbadh furusda dhóibh siubhal air féin. Acht
nuair chuir na luchain bheaga a gcuid cosa ar an
droichead bhris sé, thuit na luichíní san uisge gur báthadh
iad.



Is gearr go dtáinig carraig mhór ghuail suas go dtí
iad agus dubhairt mar seo: "Sílim go bhfuil mise mór
go leor agus láidir go leór lé sibh chur treasna slán
sábháilte.



Chuir an chloch ghuail í féin in san uisge, acht mo léan
géar! ní túisge bhí sí ann ná leagh sí agus báthadh í.



Fá dheireadh ghlac carraig mhór mhillteach do chloich
truaighe orra, chaith sí í féin treasna an tsrutháin ó
thaobh go taobh. Os cionn na cloiche seo 'seadh tharraing
an coileach an chóisde agus an chearc bhásaighthe ann gur
fhág sé slán folláin ar an taobh eile í. Ba mhian leis
an chuid eile é leanamhaint, is cuireadh an cóisde folamh
'na gcoinne acht bhí sé an-bheag agus ó thárla go ndeachadar
ar fhad san gcóisde i n-éinfheacht, d'iompuigh sé druim
ar n-ais, thuiteadar san uisge agus báthadh gach uile mhac
a pheata aca. Bhí an coileach bocht leis féin agus an
chearc bhásuighthe; rinne sé an uaigh, leag sé síos go
deas mín réidh í agus níor fhág sé an áit gur chuir sé
leachda breágh deas os a cionn.



Shuidh sé ar an leachda tar éis é bheith críochnuighthe
bhí an oiread do bhrón agus do chathughadh 'na diaidh aige go
bhfuair sé bás le briseadh croidhe.



Níosairde

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services