Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tar Lear
Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tar Lear Táthar dá rádh go bhfuil Buller ar tí iarracht eile do thabhairt fá Ioubert agus ba dhóich le duine go bhfuair sé a dhóithin ag Spion Cop agus ná biadh aon fhonn air dul ag imreasgabháil arís leis na Bórachaibh. Tá fhios ag an saoghal anois gur theich sé féin agus a shluaighte ins an oidhche d'éis an bhruighne úd agus nachar stadadar de'n stair sin gur chuireadar an abha Tugela idir iad féin agus Ioubert. Is deacair do Sheaghan bhocht an náire agus an aithis seo d'fhulaing agus muna mbiadh nách bhfuil na mná caointe i nÉirinn mar do bhí, déarfainn gur chóir dóibh greas do ghol leis an bhfear mbuaidheartha úd. Deir Buller linn gur chaill sé dá fhichead fear sa chéad i gcath Spion Cop agus dá réir sin do b'éigean dó teicheadh le n'anam gidh
gur thug sé na mionna tá coicthígheas ó shoin ná rachadh sé ar gcúl go deo go mbiadh an Fuíteach fuasgailte aige. Is minic do chualamar a leithéid sin de chaint cheana agus ní chóir suim do chur innte. Chonnarc bean ag gabháil dá glaigín fir oidhche aonaigh ag iarraidh é bhreith a bhaile léi acht thug seisean na mionna ná cuirfeadh cúigear fear as an láthair é. Mar sin féin chualaidh sé coiscéim constábla dia thiar de agus do ghread sé leis go ciúin agus go tapaidh. Rinne Buller cómhradh cosmhail leis sin agus déarfamuis gur ag cur misnigh ar na saighdiúirí do bhí sé muna mbiadh gur chuir tuarasgóir páipéir sgéala eile chugainn go ndubhairt sé leis na saighdiúirí d'éis teicheadh dóibh tharsna na Tugela misneach maith do bheith acu nách raibh buaidhte ortha fós agus go mbeidís ag caint leis an bhFuíteach fá cheann seachtmhaine ó'n lá sain. Má's fíor é seo agus creideann na páipéir go léir é, is dóich liom gur breallán gaoithe é do nós na coda eile. Deir na páipéir nách raibh acht seacht mhíle fear ag Ioubert ag cómhrac agus má's fíor é is seacht míle gaisgidheach iad mar ní dóich liom gur léigheas aon bheart riamh chómh iongantach leis an mbranar agus an t-éirleach do rinneadar i measg na Sasanach ar Spion Cop. D'éaluigh na Sasanaigh go mullach an chnoic ist-oidhche agus thug na fairiri an rabhadh chum dreama big Bórach do bhí 'na gcodladh ar chnocán eile. Bhí mar sin go h-éirghe an lae. Tháinig ceó timcheall an mhullaigh agus níor b'fhéidir leis na Bóraigh aon nídh do dhéanamh gur ghlán sé, gídh go raibh na Sasanaigh ag teacht aníos 'na ndrongaibh ó'n dtaobh theas de'n chnoc agus ag déanamh claiseacha dhóibh féin ann. Nuair do ghlan an ceó beagán, liúghigh gunna mór agus phleasg sleagán buile ar fiuchaigh i ndearg-lár drong Sasanach tháinig ceann eile le sgread ar a shálaibh, agus ceann eile fós. "Táthar chugainn," ar an ceannphort Sasanach, "ar scáth libh go diair!" Ghluais dream Bórach ag cos-in-áirde fá dhein an mhullaigh, cheang- ladar a gcapaill fá bhun an chnoic agus chromadar ar shnámhadh suas ar bhéal agus ar aghaidh. Sgaoil na Sasanaigh ó'n mullach ortha acht níor choisg sin iad, shroicheadar an mullach i n-aindeoin na bpiléar, a bhfurmhór go háirighthe mar marbhuigheadh cuid acu. Bhris dream fíochmhar amach ortha ar mullach an chnoic leis na sgeanaibh geala - tá muinighin ag na Sasanaigh as na sgeana geala - acht do shín na Bóraigh 'na srathaibh iad fá mar do shineann an spealadóir an fear. Deir tuarasgóir páipéir do bhí annsúd ar scáth faille ná feacaidh sé riamh a leithéid gur cosamhail na Bóraigh le falla nó balla teinnteach agus deir an fear céadna go raibh mullach an chnoic úd do nós fíor-íochtair ifrinn. Tháinig dream eile Bórach chum a gconganta agus do bhíodar san leis do nós deamhan ag aiseag splancacha. Deir na Bóraigh go raibh na Sasanaigh ag teacht aníos aghaidh an chnoic chomh tuigh le cora-mhíola acht fá dheireadh do b'éigean dóibh dul ar scáth ins na claiseacha agus throideadar as sain go tréan. Bhí na Bóraigh ag amhastraigh timcheall ortha go hoidhche acht nuair do tháinig an doircheacht d'éaluigh na Sasanaigh bhochta leo i gan fhios. Bhí deich n-oifigeacha agus dá fhichead ar lár agus an ceannphort Uoodgate le piléar na cheann acht deirthear go bhfuil an t-anam ann fós. Is beag an iongnadh gur chaill Buller dá fhichead fear 'sa chéad. Beidh cuimhneamh ag na fearaibh slána ar Spion Cop go fóill agus ag na fir ghonta leis mar bhíodar sain, mo thruagh iad, gan braon díghe ar feadh an lae agus teas na gréine ag scoltadh na gcrann. Bhí na coirp ann leis, guidhim gur chaith na Bóraigh bhuadhacha sluasad chré ortha mar bhí an spéir dubh le fiolair fola ag sgreadaigh. Is olc í beatha an tsaighdiúra. Do chonnairc an Fuíteach óna longphort an bhruighean go cangcarach acht tá glas Ioubert ró-dhaingean. Tá Metuen go mín, macánta ag an abhainn Modder fós ag féachaint uaidh ar Chimberlí agus deirthear ag cur a thuilleadh saighdiúirí chuige. Do dhruid Cronghe fá dhéin an Fhrínsigh ag Colesburg an tseachtmhain do ghabh thart agus theich an Frínseach gídh gur shíleamar go raibh na Bóraigh i gcontabhairt annsúd aige. Tá céad míle go leith saighdiúir acu thall annsúd agus Roberts ar a gceann agus i n-ionad bheith ag dul ar aghaidh táid siad ag dul chum deiridh gach lá. Chuir Roberts fios ar chéad míle eile agus deir an Riaghaltas bhfaghaidh sé iad agus fáilte. Beidh móirsheisear fear acu i gcoinnibh gach aon Bórach agus ambás beidh an buaidh leo annsain go háirighthe, agus acht sul a mbeidh an buaidh leo má bheidheas i n-aon chor beidh gach míle go Pretoria dearg le fuil. Bhí amhras roimh an gcogadh go gcabhróchadh cumhacht éigin eile le Pól acht bhí a leithéid sin do mhaoidheamh agus do mhisneach ag na Sasanaigh gur éirigh ráidhteachas 'na measg, tagaidís go léir - "let 'em all come" - adeiridís, acht deirthear gurab é Pól do chleachtann an rádh úd anois, nuair do chloiseann sé go bhfuil céad míle eile ag dul ag triall air. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services