Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tar Lear

Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tar Lear



Táthar dá rádh go bhfuil Buller ar tí iarracht eile do
thabhairt fá Ioubert agus ba dhóich le duine go bhfuair sé a
dhóithin ag Spion Cop agus ná biadh aon fhonn air dul ag
imreasgabháil arís leis na Bórachaibh. Tá fhios ag an
saoghal anois gur theich sé féin agus a shluaighte ins an oidhche
d'éis an bhruighne úd agus nachar stadadar de'n stair sin
gur chuireadar an abha Tugela idir iad féin agus Ioubert.
Is deacair do Sheaghan bhocht an náire agus an aithis seo
d'fhulaing agus muna mbiadh nách bhfuil na mná caointe i
nÉirinn mar do bhí, déarfainn gur chóir dóibh greas do
ghol leis an bhfear mbuaidheartha úd. Deir Buller linn
gur chaill sé dá fhichead fear sa chéad i gcath Spion Cop
agus dá réir sin do b'éigean dó teicheadh le n'anam gidh


L. 754


gur thug sé na mionna tá coicthígheas ó shoin ná rachadh
sé ar gcúl go deo go mbiadh an Fuíteach fuasgailte
aige. Is minic do chualamar a leithéid sin de chaint
cheana agus ní chóir suim do chur innte. Chonnarc bean ag
gabháil dá glaigín fir oidhche aonaigh ag iarraidh é bhreith
a bhaile léi acht thug seisean na mionna ná cuirfeadh
cúigear fear as an láthair é. Mar sin féin chualaidh
sé coiscéim constábla dia thiar de agus do ghread sé leis
go ciúin agus go tapaidh. Rinne Buller cómhradh cosmhail
leis sin agus déarfamuis gur ag cur misnigh ar na
saighdiúirí do bhí sé muna mbiadh gur chuir tuarasgóir
páipéir sgéala eile chugainn go ndubhairt sé leis na
saighdiúirí d'éis teicheadh dóibh tharsna na Tugela
misneach maith do bheith acu nách raibh buaidhte ortha fós
agus go mbeidís ag caint leis an bhFuíteach fá cheann
seachtmhaine ó'n lá sain. Má's fíor é seo agus creideann
na páipéir go léir é, is dóich liom gur breallán gaoithe
é do nós na coda eile. Deir na páipéir nách raibh acht
seacht mhíle fear ag Ioubert ag cómhrac agus má's fíor é
is seacht míle gaisgidheach iad mar ní dóich liom gur
léigheas aon bheart riamh chómh iongantach leis an mbranar
agus an t-éirleach do rinneadar i measg na Sasanach
ar Spion Cop. D'éaluigh na Sasanaigh go mullach an
chnoic ist-oidhche agus thug na fairiri an rabhadh chum
dreama big Bórach do bhí 'na gcodladh ar chnocán
eile. Bhí mar sin go h-éirghe an lae. Tháinig ceó
timcheall an mhullaigh agus níor b'fhéidir leis na Bóraigh
aon nídh do dhéanamh gur ghlán sé, gídh go raibh na
Sasanaigh ag teacht aníos 'na ndrongaibh ó'n dtaobh
theas de'n chnoc agus ag déanamh claiseacha dhóibh féin ann.
Nuair do ghlan an ceó beagán, liúghigh gunna mór agus
phleasg sleagán buile ar fiuchaigh i ndearg-lár drong
Sasanach tháinig ceann eile le sgread ar a shálaibh, agus
ceann eile fós. "Táthar chugainn," ar an ceannphort
Sasanach, "ar scáth libh go diair!" Ghluais dream
Bórach ag cos-in-áirde fá dhein an mhullaigh, cheang-
ladar a gcapaill fá bhun an chnoic agus chromadar ar
shnámhadh suas ar bhéal agus ar aghaidh. Sgaoil na Sasanaigh
ó'n mullach ortha acht níor choisg sin iad, shroicheadar an
mullach i n-aindeoin na bpiléar, a bhfurmhór go háirighthe
mar marbhuigheadh cuid acu. Bhris dream fíochmhar
amach ortha ar mullach an chnoic leis na sgeanaibh
geala - tá muinighin ag na Sasanaigh as na sgeana
geala - acht do shín na Bóraigh 'na srathaibh iad fá mar
do shineann an spealadóir an fear. Deir tuarasgóir
páipéir do bhí annsúd ar scáth faille ná feacaidh sé
riamh a leithéid gur cosamhail na Bóraigh le falla nó
balla teinnteach agus deir an fear céadna go raibh
mullach an chnoic úd do nós fíor-íochtair ifrinn.
Tháinig dream eile Bórach chum a gconganta agus do
bhíodar san leis do nós deamhan ag aiseag splancacha.
Deir na Bóraigh go raibh na Sasanaigh ag teacht aníos
aghaidh an chnoic chomh tuigh le cora-mhíola acht fá
dheireadh do b'éigean dóibh dul ar scáth ins na
claiseacha agus throideadar as sain go tréan. Bhí na
Bóraigh ag amhastraigh timcheall ortha go hoidhche acht
nuair do tháinig an doircheacht d'éaluigh na Sasanaigh
bhochta leo i gan fhios. Bhí deich n-oifigeacha agus dá
fhichead ar lár agus an ceannphort Uoodgate le piléar
na cheann acht deirthear go bhfuil an t-anam ann fós.
Is beag an iongnadh gur chaill Buller dá fhichead fear
'sa chéad. Beidh cuimhneamh ag na fearaibh slána ar
Spion Cop go fóill agus ag na fir ghonta leis mar bhíodar
sain, mo thruagh iad, gan braon díghe ar feadh an
lae agus teas na gréine ag scoltadh na gcrann. Bhí na
coirp ann leis, guidhim gur chaith na Bóraigh bhuadhacha
sluasad chré ortha mar bhí an spéir dubh le fiolair fola
ag sgreadaigh. Is olc í beatha an tsaighdiúra. Do
chonnairc an Fuíteach óna longphort an bhruighean go
cangcarach acht tá glas Ioubert ró-dhaingean. Tá
Metuen go mín, macánta ag an abhainn Modder fós
ag féachaint uaidh ar Chimberlí agus deirthear
ag cur a thuilleadh saighdiúirí chuige. Do dhruid Cronghe
fá dhéin an Fhrínsigh ag Colesburg an tseachtmhain do
ghabh thart agus theich an Frínseach gídh gur shíleamar go raibh
na Bóraigh i gcontabhairt annsúd aige. Tá céad míle
go leith saighdiúir acu thall annsúd agus Roberts ar a
gceann agus i n-ionad bheith ag dul ar aghaidh táid siad ag
dul chum deiridh gach lá. Chuir Roberts fios ar chéad
míle eile agus deir an Riaghaltas bhfaghaidh sé iad agus fáilte.
Beidh móirsheisear fear acu i gcoinnibh gach aon Bórach
agus ambás beidh an buaidh leo annsain go háirighthe, agus acht
sul a mbeidh an buaidh leo má bheidheas i n-aon chor beidh
gach míle go Pretoria dearg le fuil. Bhí amhras roimh
an gcogadh go gcabhróchadh cumhacht éigin eile le Pól acht
bhí a leithéid sin do mhaoidheamh agus do mhisneach ag na
Sasanaigh gur éirigh ráidhteachas 'na measg, tagaidís
go léir - "let 'em all come" - adeiridís, acht deirthear
gurab é Pól do chleachtann an rádh úd anois, nuair do
chloiseann sé go bhfuil céad míle eile ag dul ag triall
air.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services