Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Is mór an sult atá ag páipéaraibh na Fraince dá bhaint as chúrsaidhe Sheaghain an aimsir seo. Leigeann páipéir Lúnduin ortha ná cuirid siad suim i gcaint na bpáipéar úd acht chífeá mar sin féin go bhfuil siad ar buile dhearg. Féach, adeir páipéir Lunduin, nach ciuin, measardha atá muid-ne i naindeóin an bhutúin atá ar na Sasanaigh ins an Afric theas, ní bhfuilmid ag sgrea- daigh gur dhíol duine éigin sinn mar do bhiadh glaigíní na Fraince dá dtuitfeadh aon mhí-ádh ortha. Cromann na Franncaigh ar gháiridhe mar tá fhios acu, adeir siad go bhfuil na Sasanaigh nach beag as a gcéill i dtaobh an ghreasáil atá ag na Bóraigh 'gá thabhairt dóibh. Seadh bhí páipéir Lunduin go droch-mhúinte ag tabhairt íde ar na Franncaigh tá tamall ó shoin nuair do bhí an t-achrann úd ar siubhal mar gheall ar Dhréafus agus má bheidheas a ngáire ag na Franncaigh anois ní cóir do'n tSasanach gearan. Tá páipéir Almáin díreach chómh holc nó chómh maith le páipéir na Fraince acht ní fhuil foidhne ag an Sasanach chum suilt do léigheadh an aimsir seo agus cuireann gach focal meidhreach fearg air toisg go bhfuil an Bórach beag ag gabháil de chosaibh ann. Cuireann sé breill agus pus goil air féin indiu agus deir sé ná'r mheas sé go raibh Pól chómh láidir 'ná chómh calma agus atá. Tá an fhírinne aige. Dá mbiadh an fios sain aige geallaim dhuit ná biadh coga againn agus go mbiadh ná céadta fear tréana atá sínte ins an Afric theas 'na mbeathaidh indiu. Beidh a thuilleadh acu sínte ámh mar do dhruid Buller fá dheireadh suas i gcoinnibh Ioubert. Níor thug sé aghaidh ar Cholenso mar ar buadhadh air cheana acht do dhruid sé siar ó Cholenso timcheall sé mhíle dhéag mar a bhfuil áth agus droichead ar an abhainn Tugela agus meastar go ndéan- faidh sé iarracht ar an bhFuíteach d'fhuasgailt láithreach. Tá an Bórach ag feitheamh leis annsúd leis fá mar tá sé ag Colenso agus beidh imreasgabháil acu. Nách dán an fear Ioubert, tá an sluagh is mó ag Buller do chuir Seághan i n-éinfheacht ar pháirc an bhualadh ar feadh na haoise seo, dhá mhíle dhéag ar dá fhichead agus trí cínn agus cheithre fichid gunna mór. Ní dócha go bhfuil trian an méid sin ag Ioubert acht mar sin féin tá sé go meis- neamhail ag feitheamh le Buller agus ní fhuil aon deabhadh air-sean chum catha thabhairt dó. Tá Roberts thall anois agus deirthear gurab é do ghríosaigh Buller 'sa deireadh. Do ghnídh Ioubert tréan-iarracht ar an bhFuíteach do mhilleadh an tseachtmhain do ghabh thart. Chosain dream an Fhuítigh iad féin go cródha agus bhris na Bóraigh le Sgáil-gréine go raibh sé i gcruadh-chás ag Ioubert agus gidh go rabhadar ag troid ar feadh an lae níor tháinig Buller chum a chabhartha. Is ait an sgéal é; ní fear meata Buller agus is deacair a rádh go raibh eagla air acht is í an fhírinne gheal í gur leig sé do Ioubert bheith ag claoidh an Fhuítigh ó mhaidean go hoidhche gan cabhair 'ná congnamh do thabhairt dó. Gabh na Bóraigh thréana na claiseacha cois an longphoirt trí huaire acht fá dheireadh chuir an Fuíteach ar gcúl iad. Deirthear gur thuit naoi gcéad fear de shluagh an Fhuítigh acht deir tuairisg eile náchar thuit acht cheithre chéad agus deich cínn fhichead. Gibé acu is fíor bhí fuil go leór ann mar is dócha gur thuit mórán de na Bórachaibh leis. Ní fhuil fhios againn, deir páipéir Shasana go raibh dhá mhíle fear acu ar lár acht innsid na páipéir úd an iomad sain éithigh nách cóir focal do chreideamhaint uatha. Geallaim dhuit go mbeidh greim ar bhónna casóige ag Ioubert ar an bhFuíteach an chéad iarracht eile munab féidir le Buller fóirithin do thabhairt air. Marbhuigheadh mac is sine an Iarla Dubhthriana (Dufferin) annsúd agus mórán oifigeacha eile, agus is beag tigh mór i Sasana nach bhfuil cumha ann toisg an cogaidh. Shíleadar gur magadh dul chum troda le Pól. Tá Metuen fós ag an abhainn Modder agus Cronghe nós leómhain ar an gcasán roimis agus muintir an bhaile mhóir Címberlí ag ithe na sála dhá chéile. Deirtheas gur cuireadh fógairt chum Metuen teacht abhaile agus go gcuirfear fear eile i n'ionad. Támuid ag dul ar aghaidh go háluinn. An baile eile úd dia thuas de Chimberlí go raibh dhream cosanta Sasanach ag troid leis na Bóraigh ann Curuman do ghlaodhaid siad air, do b'éigean do'n bhaile sin géilleadh leis. Bhris na feirmeoirí thríotha do nós na tuile an tseachtmhain seo agus thógadar leó céad go leith fear as. Níor éirigh leis an bhFrínseach go maith ag Colesburg an tseachtmhain ghabh thart. Mheas a cheannfeadhna, fear d'ar b'ainm Uatron, cleas cogaidh do dhéanamh ar a shon
féin agus thug an Frínseach cead dó. Bhuail sé amach istoidhche agus sé chéad fear leis ar tí breith na gcodladh ar dhream Bórach do bhí suidhte go macánta, mánla ar taobh cnocáin cheithre mhíle uaidh. Mhusgail na Bóraigh le fearg, chuireadar fáilte roimh Uatron le cioth piléar, thuit seisean 'na phleist agus ceithre fichid fear i n-éinfeacht leis, sceinn an chuid eile mar a bhiadh scata caorach acht rug na Bóraigh ar chéad ceann acu agus thógadar leo iad. Beidh muireal mór ar Phól ar ball. Ní fheadar cionnus do gheabhaidh sé biadh dhóibh ar fad. Cipé ó'n dtaobh thoir de Shasana is éadh iad súd. Gabhann na páipéir a leath-sgéal, deir siad gur thug duine éigin an t-or- dughadh "ar gcúl," dóibh go hobann agus dar leo is ceann de na Bórachaibh do labhair é. Do réir dealraimh, d'fhág an dream úd dhá chéad dá gcuid fear 'na ndiaidh dá dtraochadh ag an mBórach, agus a gceann feadhna ar lár. Bain an chluas díom gur meatacht é sin agus nach cóir a leathsgéal do ghabháil. Is minic do léigheamar gur tháinig sgéan obann ar fhearaibh bochta, mar ní furusda d'éinneach dul ar aghaidh fá bhúitridh gunnaí gearra na mBórach acht is deacair dearmhad go bhfuil- mid bodhar riamh ó challaiseacht mhuintir Shasana nach bhfuil dream ar druim an domhain mar iad féin. Níor creideas féin riamh é sin agus ní chreidfead go deo. Rug Éireannaigh agus Albanaigh gach bruighean mhór riamh dóibh agus is beag do bhí dá bharr sain ag na hÉireannaigh go háirighthe. Thóg Seághan an moladh agus an sochar. An fear ciallmhar. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services