Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Is mór an sult atá ag páipéaraibh na Fraince dá
bhaint as chúrsaidhe Sheaghain an aimsir seo. Leigeann
páipéir Lúnduin ortha ná cuirid siad suim i gcaint na
bpáipéar úd acht chífeá mar sin féin go bhfuil siad ar
buile dhearg. Féach, adeir páipéir Lunduin, nach ciuin,
measardha atá muid-ne i naindeóin an bhutúin atá ar
na Sasanaigh ins an Afric theas, ní bhfuilmid ag sgrea-
daigh gur dhíol duine éigin sinn mar do bhiadh glaigíní na
Fraince dá dtuitfeadh aon mhí-ádh ortha. Cromann na
Franncaigh ar gháiridhe mar tá fhios acu, adeir siad go
bhfuil na Sasanaigh nach beag as a gcéill i dtaobh an
ghreasáil atá ag na Bóraigh 'gá thabhairt dóibh. Seadh
bhí páipéir Lunduin go droch-mhúinte ag tabhairt íde ar
na Franncaigh tá tamall ó shoin nuair do bhí an t-achrann
úd ar siubhal mar gheall ar Dhréafus agus má bheidheas a
ngáire ag na Franncaigh anois ní cóir do'n tSasanach
gearan. Tá páipéir Almáin díreach chómh holc nó chómh
maith le páipéir na Fraince acht ní fhuil foidhne ag an
Sasanach chum suilt do léigheadh an aimsir seo agus cuireann
gach focal meidhreach fearg air toisg go bhfuil an Bórach
beag ag gabháil de chosaibh ann. Cuireann sé breill agus
pus goil air féin indiu agus deir sé ná'r mheas sé go raibh
Pól chómh láidir 'ná chómh calma agus atá. Tá an fhírinne
aige. Dá mbiadh an fios sain aige geallaim dhuit ná
biadh coga againn agus go mbiadh ná céadta fear tréana
atá sínte ins an Afric theas 'na mbeathaidh indiu. Beidh
a thuilleadh acu sínte ámh mar do dhruid Buller fá
dheireadh suas i gcoinnibh Ioubert. Níor thug sé aghaidh
ar Cholenso mar ar buadhadh air cheana acht do dhruid sé
siar ó Cholenso timcheall sé mhíle dhéag mar a bhfuil áth
agus droichead ar an abhainn Tugela agus meastar go ndéan-
faidh sé iarracht ar an bhFuíteach d'fhuasgailt láithreach.
Tá an Bórach ag feitheamh leis annsúd leis fá mar tá
sé ag Colenso agus beidh imreasgabháil acu. Nách dán an
fear Ioubert, tá an sluagh is mó ag Buller do chuir
Seághan i n-éinfheacht ar pháirc an bhualadh ar feadh na
haoise seo, dhá mhíle dhéag ar dá fhichead agus trí cínn agus
cheithre fichid gunna mór. Ní dócha go bhfuil trian an
méid sin ag Ioubert acht mar sin féin tá sé go meis-
neamhail ag feitheamh le Buller agus ní fhuil aon deabhadh
air-sean chum catha thabhairt dó. Tá Roberts thall
anois agus deirthear gurab é do ghríosaigh Buller 'sa
deireadh. Do ghnídh Ioubert tréan-iarracht ar an
bhFuíteach do mhilleadh an tseachtmhain do ghabh thart.
Chosain dream an Fhuítigh iad féin go cródha agus bhris na
Bóraigh le Sgáil-gréine go raibh sé i gcruadh-chás ag
Ioubert agus gidh go rabhadar ag troid ar feadh an lae
níor tháinig Buller chum a chabhartha. Is ait an sgéal é;
ní fear meata Buller agus is deacair a rádh go raibh eagla
air acht is í an fhírinne gheal í gur leig sé do Ioubert
bheith ag claoidh an Fhuítigh ó mhaidean go hoidhche gan
cabhair 'ná congnamh do thabhairt dó. Gabh na Bóraigh
thréana na claiseacha cois an longphoirt trí huaire acht
fá dheireadh chuir an Fuíteach ar gcúl iad. Deirthear
gur thuit naoi gcéad fear de shluagh an Fhuítigh acht deir
tuairisg eile náchar thuit acht cheithre chéad agus deich cínn
fhichead. Gibé acu is fíor bhí fuil go leór ann mar is
dócha gur thuit mórán de na Bórachaibh leis. Ní fhuil
fhios againn, deir páipéir Shasana go raibh dhá mhíle fear
acu ar lár acht innsid na páipéir úd an iomad sain
éithigh nách cóir focal do chreideamhaint uatha. Geallaim
dhuit go mbeidh greim ar bhónna casóige ag Ioubert ar
an bhFuíteach an chéad iarracht eile munab féidir le
Buller fóirithin do thabhairt air. Marbhuigheadh mac is
sine an Iarla Dubhthriana (Dufferin) annsúd agus mórán
oifigeacha eile, agus is beag tigh mór i Sasana nach bhfuil
cumha ann toisg an cogaidh. Shíleadar gur magadh dul
chum troda le Pól. Tá Metuen fós ag an abhainn
Modder agus Cronghe nós leómhain ar an gcasán roimis
agus muintir an bhaile mhóir Címberlí ag ithe na sála dhá
chéile. Deirtheas gur cuireadh fógairt chum Metuen
teacht abhaile agus go gcuirfear fear eile i n'ionad.
Támuid ag dul ar aghaidh go háluinn. An baile eile
úd dia thuas de Chimberlí go raibh dhream cosanta
Sasanach ag troid leis na Bóraigh ann Curuman do
ghlaodhaid siad air, do b'éigean do'n bhaile sin géilleadh
leis. Bhris na feirmeoirí thríotha do nós na tuile an
tseachtmhain seo agus thógadar leó céad go leith fear as.
Níor éirigh leis an bhFrínseach go maith ag Colesburg
an tseachtmhain ghabh thart. Mheas a cheannfeadhna, fear
d'ar b'ainm Uatron, cleas cogaidh do dhéanamh ar a shon


L. 706


féin agus thug an Frínseach cead dó. Bhuail sé amach
istoidhche agus sé chéad fear leis ar tí breith na gcodladh
ar dhream Bórach do bhí suidhte go macánta, mánla ar
taobh cnocáin cheithre mhíle uaidh. Mhusgail na Bóraigh
le fearg, chuireadar fáilte roimh Uatron le cioth piléar,
thuit seisean 'na phleist agus ceithre fichid fear i n-éinfeacht
leis, sceinn an chuid eile mar a bhiadh scata caorach acht
rug na Bóraigh ar chéad ceann acu agus thógadar leo iad.
Beidh muireal mór ar Phól ar ball. Ní fheadar cionnus
do gheabhaidh sé biadh dhóibh ar fad. Cipé ó'n dtaobh
thoir de Shasana is éadh iad súd. Gabhann na páipéir
a leath-sgéal, deir siad gur thug duine éigin an t-or-
dughadh "ar gcúl," dóibh go hobann agus dar leo is ceann
de na Bórachaibh do labhair é. Do réir dealraimh,
d'fhág an dream úd dhá chéad dá gcuid fear 'na ndiaidh
dá dtraochadh ag an mBórach, agus a gceann feadhna ar
lár. Bain an chluas díom gur meatacht é sin agus nach
cóir a leathsgéal do ghabháil. Is minic do léigheamar
gur tháinig sgéan obann ar fhearaibh bochta, mar ní
furusda d'éinneach dul ar aghaidh fá bhúitridh gunnaí
gearra na mBórach acht is deacair dearmhad go bhfuil-
mid bodhar riamh ó challaiseacht mhuintir Shasana nach
bhfuil dream ar druim an domhain mar iad féin. Níor
creideas féin riamh é sin agus ní chreidfead go deo.
Rug Éireannaigh agus Albanaigh gach bruighean mhór riamh
dóibh agus is beag do bhí dá bharr sain ag na hÉireannaigh
go háirighthe. Thóg Seághan an moladh agus an sochar.
An fear ciallmhar.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services