Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Óráid Phádraic Uí Bhirn os comhair na feise bhí ins na Frasa i dTír Chonaill
Title
Óráid Phádraic Uí Bhirn os comhair na feise bhí ins na Frasa i dTír Chonaill
Author(s)
Ó Beirn, Pádraic,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Óráid Phádraic Uí Bhirn Os comhair na feise bhí ins na Frasa i dTír Chonaill Tá sean-rádh inar measg adeir gur "fear gan teanga fear gan tír;" ag cur i gcuimhne dhúinn gur ionann cúis teanga agus cúis tíre; nach féidir iad do sgara- mhuint ó chéile, agus gurab í an teanga bun agus ceann, tús agus deireadh, brígh agus neart gach náisiúnachta. Má tá duine ar bith annso anocht a shaoileas nach bhfuil an sean-rádh so fíor, gheabhaidh sé dearbhadh a fhírinne i stáir tíre no dó 'san domhan, agus b'fhéidir go bhfuigheadh sé a fhírinne i sgeul dubh doilghiosach brónach ar dtíre bocht féin. Glacamaois an Ghreug mar shómpla. So tír bheag a chaill a saoirse, agus a luigh faoi smachd agus faoi dhaoirse an tíoránaigh ar feadh dhá mhíle bliadhain. B'fhada an t-am é sin do dhaoinibh ar bith a bheith i sglábhuidheachd, adeir sibh. Acht an raibh na Gréaguigh 'ná sclábhuidheachdibh dearbhtha ar feadh an ama so? Bhí agus ní raibh. Go cinnte bhí siad faoi riaghail agus faoi réim a námhad rith an ama - bhí a gcoirp i sclábhuidheachd, acht bhí inntinne agus spiorad na nGreugach glan saor agus gan truailleadh; chomh saor agus chomh neamh-thruaillighthe leis an ghaoith a bhí ag séideadh ar na sléibhtíbh thart timchioll Maraton ar feadh na gceudtadh mbliadhan inár mhair na daoine sin i mbrón agus i mbochtanas. Chaill siad a maoin, chaill siad a dtalamh, chaill siad a saoirse ar feadh tamaill, agus ar feadh tamaill mhóir fhada; acht bhí aon nídh amháin nár chaill siad; aon nídh amháin nár bh'fhéidir a bhuaint uatha, agus budh h-é an nídh sin, a dteanga dhúthchais féin. Ina mbuaidhreadh agus ina mbrón; in ndonas agus ina ndaoirse, ghreamuigh siad d'á dteanga. Ó ghlún go glún coimhéadaidh an Ghréigís bhinn; chleachd na daoine go léir í; budh h-í an Ghréigís an chéad teanga do labhair an páisde, agus budh h-í an teanga ina dtug an seanduine a bheannacht déidheannach d'á chloinn agus é ar leabaidh a bháis. Seadh, mhair an Ghréigis, agus léithi mhair sean-chuimhne a saoirse agus a mórdhachda ins na haoisibh a chuaidh tharsda, agus mhair dóchas ina gcroidhthibh go mbéidheadh sé ina gcumas lá éigin an saoirse agus an mhórdhachad sin do thabhairt d'á dtír ar ais arís. I bhfocal, chomh fhad agus mhair a dteanga féin ina mbeulaibh, chomh fad agus chongbhuigh siad nósa agus beusa a námhad as a mbeatha laetheamhail, bhí banna daingean eatorra, bhí'n spiorad ceart beó ina gcroidhthibh, agus fá dheireadh tháinic a n-ócáid. Trí fichid bliadhain ó shoin chaith sia dualach trom na daoirse uatha, agus d'éirigh siad suas buaidheach agus saor as leathtrom agus as sclábhuidheachd mhillteanaigh na míle bliadhain. Sin sompla a tharla tamaill ó shoin, acht tá sómpla eile inár súilibh anois. Mar atá fhios agaibh uile, agus mar atá fhios ag an domhan mór, tá cogadh trom ag dul ar aghaidh andiu sé míle mhíle ó'n áit so. Ní'l mé ag glacadh páirt le h-aon taobh amháin nó le h-aon taoibh eile san gcogadh so, de bhrígh nach bhfuil a leithid ceaduighthe i gcruin- niughadh mar é so atá againn anocht, acht siubhalfaidh mé ar imeall na trioblóide de bhrígh go mbaineann sé go dlúth le cúis na teanga. Ní deurfaidh mé níos mó 'ná go bhfuil bacla bheag feilmeoir amuigh i dtír chóigcríghe ag tabhairt a sáith troide do náisiún mór láidir cumhachdach agus saidhbhir. B'fhéidir go bhfuil an tír bheag 'san gceart agus b'fhéidir nach bhfuil, acht is cuma fá sin, óir ní'l buaint againn leis. So í an cheist atá againn d'fhuasgailt i dtaoibh an chogaidh sin; cad é an banna atá ag tarraing na ndaoineadh 'san tír bhig úd le chéile agus atá d'a gcongbháil le chéile mar aon fhear i n-aghaidh neirt agus cumhachta naisiúin chomh mór agus atá ar dhruim na cruinne andiú. Cluinimid go bhfuil na feilmeoiridhe so, - an t-óg agus an sean, an fear agus an bhean, an t-athair agus a mhac, - ag troid ar son a dtíre mar nár throid aon chineadh eile inár gcuimhne. Tá banna iongantach láidir éigin eatorra go cinnte, agus is é an banna sin, a dteanga dhúthchais choithchionn. Bhí difre idir an dá thír so go díreach mar bhídheas idir comhársanaibh go minic, agus is cosamhail go raibh na difre go léir ar bhealach a bheith socruighthe acht aon difir amháin. Dubhairt an cumhachd mór leis an gcumhachd bheag, deun súd agus deun so, agus dubhairt an cúmhacht beag, "tá mé sásta." Fá dheireadh ars' an cúmhacht mór:
"Caithfidh tú mo theanga-sa d'admhail agus do chleachdadh i n-áit do theanga féin, nó caithfidh tú, d'á laighead, áit a thabhairt dí taobh ar taoibh le do theanga féin." Annsin d'éirigh fearg an chumachda bhig, agus dubhairt: "ní bheidh a leithid de chúis in mo thír-se; ní bheidh aon teanga d'a cleachdadh againn acht an teanga atá againn anois. Is í do labhair ar n-aithreacha romhainn, agus tá sí maith go leór ag a gcloinn. Mar sin de má's mian leat do Bheurla do bhunáiteadh inár measg, dar m'fhocal caithfidh tú troid, agus troid mhaith mhór do dheunadh ar a shon." Sin é an fáth go bhfuil na gunnaidhe beaga agus na gunnaidhe móra ag pléasgadh, agus no bhfuil fir mhaithe cródha ag tuitim ar gach taoibh go díreach mar thuiteas gasracha coirce roimhe corrán no speil 'san bhfoghmhar. Bhí fhios ag an bhfear beag chomh luath geur agus thiocfadh teanga úr 'ga cleachdadh le n-a mhuinntir go dtiocfadh nósa agus beusa a námhad léithi, agus faoi thamall go mbrisfidhe an sean- bhanna láidir a mhair eatorra agus go raibh deireadh go deó le n-a chúmhacht féin agus le cúmhacht a mhuinntire. An bhfeiceann sibh léigheann ar bith i gcás an dá thír sin, nó an gcaithfidh mé sómpla eile a thabhairt daoibh. Go míofhortúnach ní'l agam le dhul taobh amuigh d'ár dtír féin le taisbeáint daoibh anuair a bristear banna na teanga go mbristear spiorad agus aondachd na ndaoineadh leis, agus go bhfághann mórán de na súbháilcibh a bhuain le beatha na ndaoineadh bás. An bhfuil fear nó bean 'san teach so anocht nach n-admhóchaidh go raibh spiorad na nÉireannach níos fearamhla agus níos treuna anuair do chleachd siad a nGaedhilg, agus anuair nár chleachd siad acht a nGaedhilg amháin, 'ná atá a spioradh anois. An bhfuil fear no bean i láthair annso nach n-admhóchaidh go raibh daoine na hÉireann níos subháilcighe agus níos diadhantaighe 'san tsean-aimsir ioná táid 'san naomhadh aois deug so? Ins an tsean- aimsir ar aon chaoi ní raibh eagla nó náire orra admháil gur Éireannaigh do bhí ionnta; acht mo mhíle brón! ní'l an sgeul sin fíor i dtaoibh móráin aca anois, gidh gur mórtusach atáid i dtaoibh a bhfoghlumtha. Seadh, d'fhoghluim cuid aca droch-Bheurla - Beurla chomh h-olc sin a's go bhfuilid anois gan teanga thuigsionaigh ar bith - agus i n-aoinfheacht leis an droch-Bheurla, d'fhógh- luim siad mórán neitheadh nach raibh maith no súbhailceach. Chaill, nó thréig, mórán aca Gaedhilg a n-aithreach, agus le cailleadh na Gaedhilge chaill siad na sean-nósa a bhí subháilceacha agus maith. Tá'n Ghaedhilg ag eugadh lá le lá, agus lá le lá tá'n banna coitchionn agus an muinnteardhas cinéalta agus an aondachd láidir a mhair i measg na ndaoineadh i n-aimsir ar sinnsir ag lagudhadh, muna bhfuil siad briste go h-iomlán. Támuid ag cathadh na Gaedhilge uainn andiú, agus támuid ag cathadh ar siúbhal léithi bídh ár n-anam agus ár naisiúnachta. Caidé tá againn ina h-áit? An Beurla agus gach nidh eile a leanas é, agus tá fios ag Dia agus agaibh-se go bhfuil mór-chuid de na neithibh sin nách bhfuil ró-fhalláin no ró-oireamhnach d'inntinn no do chorp Éireannaigh. Tá'n Beurla againn agus is dócha go mairfidh sé inar mbeulaibh go ceann tamaill fada le teacht, acht an é an Beurla teanga na tíre so go ceart? Feuchaidh thart in bhur dtimchioll agus freagraidh an cheist sin. Ní h-é. 'Sí an Ghaedhilg a cumadh dhúinn le láimh Dé, agus ní chóir dúinn a thabhairt suas go brath na bréithe. Choimeád ár sean-sinnsear í; throid siad ar a son le h-í do bheith 'na teanga ag a gcloinn ar feadh na síorruidheachta. D'fhág siad againn í mar oighreachhd, agus tá sinne gá díol go náireach gan proinn maith bracháin féin d'fhághail uirri. (Tuilleadh)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services