Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Óráid Phádraic Uí Bhirn os comhair na feise bhí ins na Frasa i dTír Chonaill

Title
Óráid Phádraic Uí Bhirn os comhair na feise bhí ins na Frasa i dTír Chonaill
Author(s)
Ó Beirn, Pádraic,
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Óráid Phádraic Uí Bhirn



Os comhair na feise bhí ins na Frasa i dTír Chonaill



Tá sean-rádh inar measg adeir gur "fear gan teanga
fear gan tír;" ag cur i gcuimhne dhúinn gur ionann
cúis teanga agus cúis tíre; nach féidir iad do sgara-
mhuint ó chéile, agus gurab í an teanga bun agus ceann, tús
agus deireadh, brígh agus neart gach náisiúnachta. Má tá
duine ar bith annso anocht a shaoileas nach bhfuil an
sean-rádh so fíor, gheabhaidh sé dearbhadh a fhírinne i
stáir tíre no dó 'san domhan, agus b'fhéidir go bhfuigheadh
sé a fhírinne i sgeul dubh doilghiosach brónach ar dtíre
bocht féin.



Glacamaois an Ghreug mar shómpla. So tír bheag
a chaill a saoirse, agus a luigh faoi smachd agus faoi dhaoirse
an tíoránaigh ar feadh dhá mhíle bliadhain. B'fhada an
t-am é sin do dhaoinibh ar bith a bheith i sglábhuidheachd,
adeir sibh. Acht an raibh na Gréaguigh 'ná sclábhuidheachdibh
dearbhtha ar feadh an ama so? Bhí agus ní raibh. Go
cinnte bhí siad faoi riaghail agus faoi réim a námhad rith
an ama - bhí a gcoirp i sclábhuidheachd, acht bhí inntinne
agus spiorad na nGreugach glan saor agus gan truailleadh;
chomh saor agus chomh neamh-thruaillighthe leis an ghaoith a bhí
ag séideadh ar na sléibhtíbh thart timchioll Maraton ar
feadh na gceudtadh mbliadhan inár mhair na daoine sin
i mbrón agus i mbochtanas. Chaill siad a maoin, chaill
siad a dtalamh, chaill siad a saoirse ar feadh tamaill,
agus ar feadh tamaill mhóir fhada; acht bhí aon nídh amháin
nár chaill siad; aon nídh amháin nár bh'fhéidir a bhuaint
uatha, agus budh h-é an nídh sin, a dteanga dhúthchais féin.
Ina mbuaidhreadh agus ina mbrón; in ndonas agus ina
ndaoirse, ghreamuigh siad d'á dteanga. Ó ghlún go
glún coimhéadaidh an Ghréigís bhinn; chleachd na daoine
go léir í; budh h-í an Ghréigís an chéad teanga do
labhair an páisde, agus budh h-í an teanga ina dtug an
seanduine a bheannacht déidheannach d'á chloinn agus é ar
leabaidh a bháis. Seadh, mhair an Ghréigis, agus léithi mhair
sean-chuimhne a saoirse agus a mórdhachda ins na haoisibh
a chuaidh tharsda, agus mhair dóchas ina gcroidhthibh go
mbéidheadh sé ina gcumas lá éigin an saoirse agus an
mhórdhachad sin do thabhairt d'á dtír ar ais arís. I
bhfocal, chomh fhad agus mhair a dteanga féin ina mbeulaibh,
chomh fad agus chongbhuigh siad nósa agus beusa a námhad as a
mbeatha laetheamhail, bhí banna daingean eatorra, bhí'n
spiorad ceart beó ina gcroidhthibh, agus fá dheireadh tháinic
a n-ócáid. Trí fichid bliadhain ó shoin chaith sia dualach
trom na daoirse uatha, agus d'éirigh siad suas buaidheach
agus saor as leathtrom agus as sclábhuidheachd mhillteanaigh
na míle bliadhain. Sin sompla a tharla tamaill ó shoin,
acht tá sómpla eile inár súilibh anois.



Mar atá fhios agaibh uile, agus mar atá fhios ag an
domhan mór, tá cogadh trom ag dul ar aghaidh andiu
sé míle mhíle ó'n áit so. Ní'l mé ag glacadh páirt le
h-aon taobh amháin nó le h-aon taoibh eile san gcogadh
so, de bhrígh nach bhfuil a leithid ceaduighthe i gcruin-
niughadh mar é so atá againn anocht, acht siubhalfaidh
mé ar imeall na trioblóide de bhrígh go mbaineann
sé go dlúth le cúis na teanga. Ní deurfaidh mé
níos mó 'ná go bhfuil bacla bheag feilmeoir amuigh i
dtír chóigcríghe ag tabhairt a sáith troide do náisiún
mór láidir cumhachdach agus saidhbhir. B'fhéidir go bhfuil
an tír bheag 'san gceart agus b'fhéidir nach bhfuil, acht is
cuma fá sin, óir ní'l buaint againn leis. So í an cheist
atá againn d'fhuasgailt i dtaoibh an chogaidh sin; cad
é an banna atá ag tarraing na ndaoineadh 'san tír
bhig úd le chéile agus atá d'a gcongbháil le chéile mar aon
fhear i n-aghaidh neirt agus cumhachta naisiúin chomh mór agus
atá ar dhruim na cruinne andiú. Cluinimid go bhfuil
na feilmeoiridhe so, - an t-óg agus an sean, an fear agus an
bhean, an t-athair agus a mhac, - ag troid ar son a dtíre
mar nár throid aon chineadh eile inár gcuimhne. Tá
banna iongantach láidir éigin eatorra go cinnte, agus
is é an banna sin, a dteanga dhúthchais choithchionn. Bhí
difre idir an dá thír so go díreach mar bhídheas idir
comhársanaibh go minic, agus is cosamhail go raibh na difre
go léir ar bhealach a bheith socruighthe acht aon difir
amháin. Dubhairt an cumhachd mór leis an gcumhachd
bheag, deun súd agus deun so, agus dubhairt an cúmhacht beag,
"tá mé sásta." Fá dheireadh ars' an cúmhacht mór:


L. 691


"Caithfidh tú mo theanga-sa d'admhail agus do chleachdadh
i n-áit do theanga féin, nó caithfidh tú, d'á laighead,
áit a thabhairt dí taobh ar taoibh le do theanga féin."
Annsin d'éirigh fearg an chumachda bhig, agus dubhairt:
"ní bheidh a leithid de chúis in mo thír-se; ní bheidh
aon teanga d'a cleachdadh againn acht an teanga atá
againn anois. Is í do labhair ar n-aithreacha romhainn,
agus tá sí maith go leór ag a gcloinn. Mar sin de
má's mian leat do Bheurla do bhunáiteadh inár measg,
dar m'fhocal caithfidh tú troid, agus troid mhaith mhór
do dheunadh ar a shon." Sin é an fáth go bhfuil na
gunnaidhe beaga agus na gunnaidhe móra ag pléasgadh,
agus no bhfuil fir mhaithe cródha ag tuitim ar gach taoibh
go díreach mar thuiteas gasracha coirce roimhe corrán
no speil 'san bhfoghmhar. Bhí fhios ag an bhfear beag
chomh luath geur agus thiocfadh teanga úr 'ga cleachdadh
le n-a mhuinntir go dtiocfadh nósa agus beusa a
námhad léithi, agus faoi thamall go mbrisfidhe an sean-
bhanna láidir a mhair eatorra agus go raibh deireadh go
deó le n-a chúmhacht féin agus le cúmhacht a mhuinntire.



An bhfeiceann sibh léigheann ar bith i gcás an dá thír
sin, nó an gcaithfidh mé sómpla eile a thabhairt daoibh.
Go míofhortúnach ní'l agam le dhul taobh amuigh d'ár
dtír féin le taisbeáint daoibh anuair a bristear banna
na teanga go mbristear spiorad agus aondachd na
ndaoineadh leis, agus go bhfághann mórán de na
súbháilcibh a bhuain le beatha na ndaoineadh bás. An
bhfuil fear nó bean 'san teach so anocht nach n-admhóchaidh
go raibh spiorad na nÉireannach níos fearamhla agus
níos treuna anuair do chleachd siad a nGaedhilg, agus
anuair nár chleachd siad acht a nGaedhilg amháin, 'ná
atá a spioradh anois. An bhfuil fear no bean i láthair
annso nach n-admhóchaidh go raibh daoine na hÉireann níos
subháilcighe agus níos diadhantaighe 'san tsean-aimsir
ioná táid 'san naomhadh aois deug so? Ins an tsean-
aimsir ar aon chaoi ní raibh eagla nó náire orra admháil
gur Éireannaigh do bhí ionnta; acht mo mhíle brón!
ní'l an sgeul sin fíor i dtaoibh móráin aca anois, gidh
gur mórtusach atáid i dtaoibh a bhfoghlumtha. Seadh,
d'fhoghluim cuid aca droch-Bheurla - Beurla chomh h-olc
sin a's go bhfuilid anois gan teanga thuigsionaigh ar
bith - agus i n-aoinfheacht leis an droch-Bheurla, d'fhógh-
luim siad mórán neitheadh nach raibh maith no súbhailceach.
Chaill, nó thréig, mórán aca Gaedhilg a n-aithreach, agus
le cailleadh na Gaedhilge chaill siad na sean-nósa a bhí
subháilceacha agus maith. Tá'n Ghaedhilg ag eugadh lá
le lá, agus lá le lá tá'n banna coitchionn agus an
muinnteardhas cinéalta agus an aondachd láidir a
mhair i measg na ndaoineadh i n-aimsir ar sinnsir ag
lagudhadh, muna bhfuil siad briste go h-iomlán.
Támuid ag cathadh na Gaedhilge uainn andiú, agus
támuid ag cathadh ar siúbhal léithi bídh ár n-anam agus
ár naisiúnachta. Caidé tá againn ina h-áit? An
Beurla agus gach nidh eile a leanas é, agus tá fios ag
Dia agus agaibh-se go bhfuil mór-chuid de na neithibh sin
nách bhfuil ró-fhalláin no ró-oireamhnach d'inntinn no do
chorp Éireannaigh. Tá'n Beurla againn agus is dócha
go mairfidh sé inar mbeulaibh go ceann tamaill fada
le teacht, acht an é an Beurla teanga na tíre so go
ceart? Feuchaidh thart in bhur dtimchioll agus freagraidh
an cheist sin. Ní h-é. 'Sí an Ghaedhilg a cumadh dhúinn
le láimh Dé, agus ní chóir dúinn a thabhairt suas go
brath na bréithe. Choimeád ár sean-sinnsear í; throid
siad ar a son le h-í do bheith 'na teanga ag a gcloinn
ar feadh na síorruidheachta. D'fhág siad againn í mar
oighreachhd, agus tá sinne gá díol go náireach gan proinn
maith bracháin féin d'fhághail uirri.



(Tuilleadh)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services