Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear An bhfuil aon nídh 'sá pháipéar an mhaidean seo?" deir fear le fear eile, agus má deireas an fear eile go bhfuil cuireann an chéad fhear cluas air féin. Is é an sgéal do theasduígheann uatha sgéal nua ar an gcogadh, agus muna bhfuil sé 'sa pháipéar deir an bheirt i n-aon ghuth nách fiú leathphinginn aon pháipéar 'sa chathair. Fir thuig- sineacha is eadh fir eagair na bpáipéar agus tá fhios acu go ndeirid na leightheóirí a leithéid siúd. Dá réir sin bainid siad smiot amach as sean-sgéal, cuirid siad blúire de sgéal eile leis - is cuma an bhfuil fírinne ann nó nách bhfuil - agus annsain cuirid siad blas air le rothaseama nó ráiméis éigin eile do réir mar déarfá, d'innis bean dom gur innis bean di. Sin é an saghas tuairisge atá ins na páipéaraibh le coicthigheas i dtaobh an chogaidh. Ní fhuil leigheas ag na páipéir air is dócha. Tá an sreang teinntreach ó'n Aifric theas fá smacht Sheághain agus ní leigfidh an Riaghaltas aon sgéal thársa nách maith leó d'fhoillsiughadh. Ní fhuil aon sgéal maith ag an Riaghaltas, mar geallaim díbh dá mbiadh go gcloisfimís é go tapaidh agus bhiadh gach scaothaire i Sasana ag cur a tháthain amach ag liughraigh. Deirthear go bhfuil Buller ar tí iarracht eile do thabhairt fá Ioubert ag Colenso. Bhí sé ag bailiúghadh na mílte fear le trí seachtmhaine agus deirtheas go bhfuil trí fichid gunna mór aige anois agus ós cionn dá fhichead míle fear. Tá a thrí oiread fear aige agus tá ag Ioubert agus má mheathann sé arís tá sé chómh maith ag na Sasanaigh teacht abhaile. Deir páipéir Lúnduin go bhfuil sé riachtanach ar Bhuller fóirithin do thabhairt do'n Fhuíteach láithreach siúd agus go gcaillfeadh sé na mílte fear. Na fir bhochta! Ní mheasaim go bhfuil aon mhian ortha chum an chatha, acht caithfid dul ar aghaidh má abarthar leo é. Tá an fuí- teach i ndroch-chás. Tá an gearra agus an fiabhras ag gabháil dá shluaighte agus cloisimíd go mbíonn cúigear nó seisear acu marbh gach lá leis an mbreóiteacht, i dteannta an mhéid do mharbhuigheann sleagáin bhuile Ioubert mar tá seisean dá bpléasgadh gach aon lá. Tá Buller annsúd i ngearracht dhá mhíle dhéag dóibh agus ní fhuil sé 'na chumas cabhair do thabhairt dóibh. Fág an tslíghe uaim nó cuirfead d'fhiachaibh ort é, adeir sé le Ioubert. Buail i leith chúgam arú, adeir Ioubert, bhí gaoth bhúr ndóthain agaibh thall i Sasana, agus féach anois cad tá dá bhárr agaibh, tá an Fuíteach go cluthmhar annso agam agus fan-sa amach uaidh adeirim leat, nó bíodh ort féin. Cuireann Buller fairirí amach gach oidhche, buaileann fo-cheann acu go haireach fá dhéin Cholenso d'fhéachaint cad tá ag na Bóraigh 'gá dhéanamh. Cloiseann na fairirí eile cos-in-áirde agus fuaim piléir, tagann capall gan marcach go longphort Bhuller, an srian ar sile léi agus cúbhrán bán uirthe. Cia bhí ar a mhuin? adeir saighdiúir. An marcach dán úd Captaen Circuood ó Roscomáin, adeir an fear eile. Beidh fuil na sruthaibh acu. Bhí súil le bruighin eatortha Lá Nodlag Beag. Tá na feirmeóirí calma go dán, misneamhail, ag feitheamh leis an gcath agus an abha Tugéla go glórach agus na fiolair fola go cíocrach. Tá dream an bhaile mhóir Cimberlí i gcruaidh-chás leis, an gearra agus an gríos agá gclaoidh agus piléir na mBórach, Metuen luath- chosach bladhmannach ag féachaint fá na ndéin ó'n abhainn Modder agus Cronghe ag faireadh air. Briseann dream cosanta Chimerblí amach ar na Bóraigh uaire- annta acht gabhann na Bóraigh de chosaibh ionnta. Ní fhuil speach ionnta anois, le trí seachtmhainíbh. Tá an baile mór úd dhá chéad míle ó Cholenso. Tá Mafecing ins an riocht chéadna. Tá na Bóraigh suidhte annsúd le dhá mhí nó breis. Bhris an dream cosanta amach ortha an lá eile, ceithre fichid fear acu, acht níor fhill ar n-ais acu acht fiche fear. Is ait an sgéal é, saigh- diuirí Sheaghain nós broc i bpluais cnoic, agus céad míle fear aige ar láthair agus nach féidir dó iad d'fhuasgailt agus gan 'na choinnibh acht maith-shluagh beag feirmeóirí bhí ag treabhadh le n-a sean-chapallaibh ar machairibh rátha ó shoin. Mar sin féin táid siad so ag múineadh cleas cogaidh dó féin agus dá thaoiseachaibh. Dubhairt Árd- thaoiseach airm Shasana gurab iad na feirmeóirí úd an daosgar-sluagh is aineólaighe do bhuail riamh leis. Dubhairt sé an méid úd ámh tá rátha ó shoin. Ceapaim go bhfuil athrúghadh cainte anois aige. Tá bailtí eile dia theas de Chimberlí, mar a bhfuil na Bóraigh agus na Sasanaigh ag rith ar a chéile ar feadh na seachtmhaine ghabh thart. Ní féidir liom bun 'ná bárr do bhaint as an dtuairisg. Measaim go bhfuil an iomad éithigh 'gá
leathadh 'na thaobh. Léigheamar aon lá amháin an sgéal gur chuir an cheannphort Frínseach an rith ar na Bóra- chaibh as baile darab ainm Colesburg agus bhí rinnce fada againn ar feadh leath an lae gur tháinig sgéala eile gurab é an Frínseach do bhí ag teicheadh. Tháinig breall orainn annsain. Chualamar arís gur thiomáin sé na Bóraigh ar gcúl acht gur thángadar ar n-ais ar feadh na hoidhche agus gur b'éigean do-san buidhean eile do thabhairt as áit eile chum é féin do chosaint ar na Bórachaibh. Bhuail Sasanach eile agus a shluaighte fá dhéin baile beag cois Abhann Modder go ngairmthear Dúbhghlas air. D'fhág na Bóraigh an bhaile úd go hobann agus toisg gur Sasanaigh muintir an bhaile bhíodar ag léimnigh as a gcroiceann le háthas, phógadar na saighdiúirí agus an ceannphort acht i lár an tsuilt chas na Bóraigh ar a gcois agus seo chum siubhail an ceannphort, na saighdiúrí, agus muintir an bhaile, agus thóg na Bóraigh seilbh. An féidir ciall ná éifeacht do bhaint as a leithéid sin de ráfla. Tá an sgéal céadna i dtaobh Ghatacre an fear úd do chaill an míle fear ag Stormberg an tseachtmhain fa dheireadh, acht tá droch-ionntaoibh aige-siúd as an Bóra- chaibh agus cloisim ná cuirfidh sé cath ortha go mbeidh ocht míle dhéag fear aige. "Bíonn an eagla ar an leanbh a dóightear." Ceapann Gatacre go bhfuil siad ar tí é mhealladh agus ní gan fáth. I dtaobh an Fhrínsigh tá sé féin agus na Bóraigh ag stealladh sleagán buile ar a chéile acht ní fhuil cuntus cruinn againn ar an ngnó agus b'fhéidir go mbiadh brúighean go dáiríribh acu fós. Acht aon nídh amháin ní bhfuiltear go maith ag Seághan agus ní chuirfidh sé bonn a choise ins an Transbhaal go fóil. Is iomdha páisde bheidh gan athair agus bean gan fear céile acht is cuma le fearaibh na sparán bhfada má bheidheas breise- acht acu as a gcuid airgid agus síoda ar a mnáibh. Sin é an saoghal - duine ag gol agus duine a' gáire. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services