Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <!DOCTYPE TEI [ <!ENTITY hellip "…"> ]> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt><title type="main">Cúrsaidhe an tSaoghail</title><author><name type="main">Conán Maol</name></author><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt><editionStmt> <edition> <note type="N">CS1900_01_13_689</note> <note type="L">689</note> <note type="B">1900</note> <note type="C">Prós</note> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt><publicationStmt> <publisher>Foclóir na Nua-Ghaeilge</publisher> <pubPlace>19 Dawson Street, Dublin 2</pubPlace> <pubPlace>http://www.ria.ie/research/focloir-na-Nua-Ghaeilge.aspx</pubPlace><date>2016</date><idno>CS1900_01_13_689</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <sourceDesc><biblStruct><analytic><author>Conán Maol</author><title>Cúrsaidhe an tSaoghail</title></analytic><monogr> <title level="j">An Claidheamh Soluis</title><imprint><publisher>An Claidheamh Soluis</publisher><date>1900</date></imprint> </monogr> </biblStruct></sourceDesc></fileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p> <lb n="1"/><span>Cúrsaidhe an tSaoghail</span></p> <lb n="2"/> <lb n="3"/><p><span>Tar Lear</span></p> <lb n="4"/> <lb n="5"/><p><span>An bhfuil aon nídh 'sá pháipéar an mhaidean seo?"</span> <lb n="6"/><span>deir fear le fear eile, agus má deireas an fear eile go</span> <lb n="7"/><span>bhfuil cuireann an chéad fhear cluas air féin. Is é an</span> <lb n="8"/><span>sgéal do theasduígheann uatha sgéal nua ar an gcogadh,</span> <lb n="9"/><span>agus muna bhfuil sé 'sa pháipéar deir an bheirt i n-aon ghuth</span> <lb n="10"/><span>nách fiú leathphinginn aon pháipéar 'sa chathair. Fir thuig-</span> <lb n="11"/><span>sineacha is eadh fir eagair na bpáipéar agus tá fhios acu</span> <lb n="12"/><span>go ndeirid na leightheóirí a leithéid siúd. Dá réir sin</span> <lb n="13"/><span>bainid siad smiot amach as sean-sgéal, cuirid siad</span> <lb n="14"/><span>blúire de sgéal eile leis - is cuma an bhfuil fírinne</span> <lb n="15"/><span>ann nó nách bhfuil - agus annsain cuirid siad blas air le</span> <lb n="16"/><span>rothaseama nó ráiméis éigin eile do réir mar déarfá,</span> <lb n="17"/><span>d'innis bean dom gur innis bean di. Sin é an saghas</span> <lb n="18"/><span>tuairisge atá ins na páipéaraibh le coicthigheas i dtaobh</span> <lb n="19"/><span>an chogaidh. Ní fhuil leigheas ag na páipéir air is dócha.</span> <lb n="20"/><span>Tá an sreang teinntreach ó'n Aifric theas fá smacht</span> <lb n="21"/><span>Sheághain agus ní leigfidh an Riaghaltas aon sgéal thársa</span> <lb n="22"/><span>nách maith leó d'fhoillsiughadh. Ní fhuil aon sgéal maith</span> <lb n="23"/><span>ag an Riaghaltas, mar geallaim díbh dá mbiadh go</span> <lb n="24"/><span>gcloisfimís é go tapaidh agus bhiadh gach scaothaire i Sasana</span> <lb n="25"/><span>ag cur a tháthain amach ag liughraigh. Deirthear go bhfuil</span> <lb n="26"/><span>Buller ar tí iarracht eile do thabhairt fá Ioubert ag</span> <lb n="27"/><span>Colenso. Bhí sé ag bailiúghadh na mílte fear le trí</span> <lb n="28"/><span>seachtmhaine agus deirtheas go bhfuil trí fichid gunna mór</span> <lb n="29"/><span>aige anois agus ós cionn dá fhichead míle fear. Tá a thrí</span> <lb n="30"/><span>oiread fear aige agus tá ag Ioubert agus má mheathann sé</span> <lb n="31"/><span>arís tá sé chómh maith ag na Sasanaigh teacht abhaile.</span> <lb n="32"/><span>Deir páipéir Lúnduin go bhfuil sé riachtanach ar Bhuller</span> <lb n="33"/><span>fóirithin do thabhairt do'n Fhuíteach láithreach siúd agus go</span> <lb n="34"/><span>gcaillfeadh sé na mílte fear. Na fir bhochta! Ní</span> <lb n="35"/><span>mheasaim go bhfuil aon mhian ortha chum an chatha, acht</span> <lb n="36"/><span>caithfid dul ar aghaidh má abarthar leo é. Tá an fuí-</span> <lb n="37"/><span>teach i ndroch-chás. Tá an gearra agus an fiabhras ag</span> <lb n="38"/><span>gabháil dá shluaighte agus cloisimíd go mbíonn cúigear nó</span> <lb n="39"/><span>seisear acu marbh gach lá leis an mbreóiteacht, i</span> <lb n="40"/><span>dteannta an mhéid do mharbhuigheann sleagáin bhuile</span> <lb n="41"/><span>Ioubert mar tá seisean dá bpléasgadh gach aon lá.</span> <lb n="42"/><span>Tá Buller annsúd i ngearracht dhá mhíle dhéag dóibh agus</span> <lb n="43"/><span>ní fhuil sé 'na chumas cabhair do thabhairt dóibh. Fág an</span> <lb n="44"/><span>tslíghe uaim nó cuirfead d'fhiachaibh ort é, adeir sé le</span> <lb n="45"/><span>Ioubert. Buail i leith chúgam arú, adeir Ioubert, bhí</span> <lb n="46"/><span>gaoth bhúr ndóthain agaibh thall i Sasana, agus féach anois</span> <lb n="47"/><span>cad tá dá bhárr agaibh, tá an Fuíteach go cluthmhar annso</span> <lb n="48"/><span>agam agus fan-sa amach uaidh adeirim leat, nó bíodh ort</span> <lb n="49"/><span>féin. Cuireann Buller fairirí amach gach oidhche,</span> <lb n="50"/><span>buaileann fo-cheann acu go haireach fá dhéin Cholenso</span> <lb n="51"/><span>d'fhéachaint cad tá ag na Bóraigh 'gá dhéanamh. Cloiseann</span> <lb n="52"/><span>na fairirí eile cos-in-áirde agus fuaim piléir, tagann</span> <lb n="53"/><span>capall gan marcach go longphort Bhuller, an srian ar</span> <lb n="54"/><span>sile léi agus cúbhrán bán uirthe. Cia bhí ar a mhuin? adeir</span> <lb n="55"/><span>saighdiúir. An marcach dán úd Captaen Circuood</span> <lb n="56"/><span>ó Roscomáin, adeir an fear eile. Beidh fuil na</span> <lb n="57"/><span>sruthaibh acu. Bhí súil le bruighin eatortha Lá Nodlag</span> <lb n="58"/><span>Beag. Tá na feirmeóirí calma go dán, misneamhail,</span> <lb n="59"/><span>ag feitheamh leis an gcath agus an abha Tugéla go glórach</span> <lb n="60"/><span>agus na fiolair fola go cíocrach. Tá dream an bhaile</span> <lb n="61"/><span>mhóir Cimberlí i gcruaidh-chás leis, an gearra agus an</span> <lb n="62"/><span>gríos agá gclaoidh agus piléir na mBórach, Metuen luath-</span> <lb n="63"/><span>chosach bladhmannach ag féachaint fá na ndéin ó'n</span> <lb n="64"/><span>abhainn Modder agus Cronghe ag faireadh air. Briseann</span> <lb n="65"/><span>dream cosanta Chimerblí amach ar na Bóraigh uaire-</span> <lb n="66"/><span>annta acht gabhann na Bóraigh de chosaibh ionnta. Ní</span> <lb n="67"/><span>fhuil speach ionnta anois, le trí seachtmhainíbh. Tá an</span> <lb n="68"/><span>baile mór úd dhá chéad míle ó Cholenso. Tá Mafecing</span> <lb n="69"/><span>ins an riocht chéadna. Tá na Bóraigh suidhte annsúd</span> <lb n="70"/><span>le dhá mhí nó breis. Bhris an dream cosanta amach</span> <lb n="71"/><span>ortha an lá eile, ceithre fichid fear acu, acht níor fhill</span> <lb n="72"/><span>ar n-ais acu acht fiche fear. Is ait an sgéal é, saigh-</span> <lb n="73"/><span>diuirí Sheaghain nós broc i bpluais cnoic, agus céad míle</span> <lb n="74"/><span>fear aige ar láthair agus nach féidir dó iad d'fhuasgailt</span> <lb n="75"/><span>agus gan 'na choinnibh acht maith-shluagh beag feirmeóirí bhí</span> <lb n="76"/><span>ag treabhadh le n-a sean-chapallaibh ar machairibh rátha</span> <lb n="77"/><span>ó shoin. Mar sin féin táid siad so ag múineadh cleas</span> <lb n="78"/><span>cogaidh dó féin agus dá thaoiseachaibh. Dubhairt Árd-</span> <lb n="79"/><span>thaoiseach airm Shasana gurab iad na feirmeóirí úd an</span> <lb n="80"/><span>daosgar-sluagh is aineólaighe do bhuail riamh leis.</span> <lb n="81"/><span>Dubhairt sé an méid úd ámh tá rátha ó shoin. Ceapaim</span> <lb n="82"/><span>go bhfuil athrúghadh cainte anois aige. Tá bailtí eile</span> <lb n="83"/><span>dia theas de Chimberlí, mar a bhfuil na Bóraigh agus na</span> <lb n="84"/><span>Sasanaigh ag rith ar a chéile ar feadh na seachtmhaine</span> <lb n="85"/><span>ghabh thart. Ní féidir liom bun 'ná bárr do bhaint as</span> <lb n="86"/><span>an dtuairisg. Measaim go bhfuil an iomad éithigh 'gá</span></p> </div> <pb n="690"/> <div><lb n="87"/><p><span>leathadh 'na thaobh. Léigheamar aon lá amháin an sgéal</span> <lb n="88"/><span>gur chuir an cheannphort Frínseach an rith ar na Bóra-</span> <lb n="89"/><span>chaibh as baile darab ainm Colesburg agus bhí rinnce fada</span> <lb n="90"/><span>againn ar feadh leath an lae gur tháinig sgéala eile</span> <lb n="91"/><span>gurab é an Frínseach do bhí ag teicheadh. Tháinig breall</span> <lb n="92"/><span>orainn annsain. Chualamar arís gur thiomáin sé na</span> <lb n="93"/><span>Bóraigh ar gcúl acht gur thángadar ar n-ais ar feadh</span> <lb n="94"/><span>na hoidhche agus gur b'éigean do-san buidhean eile do</span> <lb n="95"/><span>thabhairt as áit eile chum é féin do chosaint ar na</span> <lb n="96"/><span>Bórachaibh. Bhuail Sasanach eile agus a shluaighte fá dhéin</span> <lb n="97"/><span>baile beag cois Abhann Modder go ngairmthear Dúbhghlas</span> <lb n="98"/><span>air. D'fhág na Bóraigh an bhaile úd go hobann agus toisg</span> <lb n="99"/><span>gur Sasanaigh muintir an bhaile bhíodar ag léimnigh as</span> <lb n="100"/><span>a gcroiceann le háthas, phógadar na saighdiúirí agus an</span> <lb n="101"/><span>ceannphort acht i lár an tsuilt chas na Bóraigh ar a</span> <lb n="102"/><span>gcois agus seo chum siubhail an ceannphort, na saighdiúrí,</span> <lb n="103"/><span>agus muintir an bhaile, agus thóg na Bóraigh seilbh. An féidir</span> <lb n="104"/><span>ciall ná éifeacht do bhaint as a leithéid sin de ráfla.</span> <lb n="105"/><span>Tá an sgéal céadna i dtaobh Ghatacre an fear úd do</span> <lb n="106"/><span>chaill an míle fear ag Stormberg an tseachtmhain fa</span> <lb n="107"/><span>dheireadh, acht tá droch-ionntaoibh aige-siúd as an Bóra-</span> <lb n="108"/><span>chaibh agus cloisim ná cuirfidh sé cath ortha go mbeidh ocht</span> <lb n="109"/><span>míle dhéag fear aige. "Bíonn an eagla ar an leanbh a</span> <lb n="110"/><span>dóightear." Ceapann Gatacre go bhfuil siad ar tí é</span> <lb n="111"/><span>mhealladh agus ní gan fáth. I dtaobh an Fhrínsigh tá sé féin</span> <lb n="112"/><span>agus na Bóraigh ag stealladh sleagán buile ar a chéile acht</span> <lb n="113"/><span>ní fhuil cuntus cruinn againn ar an ngnó agus b'fhéidir go</span> <lb n="114"/><span>mbiadh brúighean go dáiríribh acu fós. Acht aon nídh</span> <lb n="115"/><span>amháin ní bhfuiltear go maith ag Seághan agus ní chuirfidh sé</span> <lb n="116"/><span>bonn a choise ins an Transbhaal go fóil. Is iomdha</span> <lb n="117"/><span>páisde bheidh gan athair agus bean gan fear céile acht is</span> <lb n="118"/><span>cuma le fearaibh na sparán bhfada má bheidheas breise-</span> <lb n="119"/><span>acht acu as a gcuid airgid agus síoda ar a mnáibh. Sin é</span> <lb n="120"/><span>an saoghal - duine ag gol agus duine a' gáire.</span></p> <lb n="121"/> <lb n="122"/><p><span>Conán Maol</span></p></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services