Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



An bhfuil aon nídh 'sá pháipéar an mhaidean seo?"
deir fear le fear eile, agus má deireas an fear eile go
bhfuil cuireann an chéad fhear cluas air féin. Is é an
sgéal do theasduígheann uatha sgéal nua ar an gcogadh,
agus muna bhfuil sé 'sa pháipéar deir an bheirt i n-aon ghuth
nách fiú leathphinginn aon pháipéar 'sa chathair. Fir thuig-
sineacha is eadh fir eagair na bpáipéar agus tá fhios acu
go ndeirid na leightheóirí a leithéid siúd. Dá réir sin
bainid siad smiot amach as sean-sgéal, cuirid siad
blúire de sgéal eile leis - is cuma an bhfuil fírinne
ann nó nách bhfuil - agus annsain cuirid siad blas air le
rothaseama nó ráiméis éigin eile do réir mar déarfá,
d'innis bean dom gur innis bean di. Sin é an saghas
tuairisge atá ins na páipéaraibh le coicthigheas i dtaobh
an chogaidh. Ní fhuil leigheas ag na páipéir air is dócha.
Tá an sreang teinntreach ó'n Aifric theas fá smacht
Sheághain agus ní leigfidh an Riaghaltas aon sgéal thársa
nách maith leó d'fhoillsiughadh. Ní fhuil aon sgéal maith
ag an Riaghaltas, mar geallaim díbh dá mbiadh go
gcloisfimís é go tapaidh agus bhiadh gach scaothaire i Sasana
ag cur a tháthain amach ag liughraigh. Deirthear go bhfuil
Buller ar tí iarracht eile do thabhairt fá Ioubert ag
Colenso. Bhí sé ag bailiúghadh na mílte fear le trí
seachtmhaine agus deirtheas go bhfuil trí fichid gunna mór
aige anois agus ós cionn dá fhichead míle fear. Tá a thrí
oiread fear aige agus tá ag Ioubert agus má mheathann sé
arís tá sé chómh maith ag na Sasanaigh teacht abhaile.
Deir páipéir Lúnduin go bhfuil sé riachtanach ar Bhuller
fóirithin do thabhairt do'n Fhuíteach láithreach siúd agus go
gcaillfeadh sé na mílte fear. Na fir bhochta! Ní
mheasaim go bhfuil aon mhian ortha chum an chatha, acht
caithfid dul ar aghaidh má abarthar leo é. Tá an fuí-
teach i ndroch-chás. Tá an gearra agus an fiabhras ag
gabháil dá shluaighte agus cloisimíd go mbíonn cúigear nó
seisear acu marbh gach lá leis an mbreóiteacht, i
dteannta an mhéid do mharbhuigheann sleagáin bhuile
Ioubert mar tá seisean dá bpléasgadh gach aon lá.
Tá Buller annsúd i ngearracht dhá mhíle dhéag dóibh agus
ní fhuil sé 'na chumas cabhair do thabhairt dóibh. Fág an
tslíghe uaim nó cuirfead d'fhiachaibh ort é, adeir sé le
Ioubert. Buail i leith chúgam arú, adeir Ioubert, bhí
gaoth bhúr ndóthain agaibh thall i Sasana, agus féach anois
cad tá dá bhárr agaibh, tá an Fuíteach go cluthmhar annso
agam agus fan-sa amach uaidh adeirim leat, nó bíodh ort
féin. Cuireann Buller fairirí amach gach oidhche,
buaileann fo-cheann acu go haireach fá dhéin Cholenso
d'fhéachaint cad tá ag na Bóraigh 'gá dhéanamh. Cloiseann
na fairirí eile cos-in-áirde agus fuaim piléir, tagann
capall gan marcach go longphort Bhuller, an srian ar
sile léi agus cúbhrán bán uirthe. Cia bhí ar a mhuin? adeir
saighdiúir. An marcach dán úd Captaen Circuood
ó Roscomáin, adeir an fear eile. Beidh fuil na
sruthaibh acu. Bhí súil le bruighin eatortha Lá Nodlag
Beag. Tá na feirmeóirí calma go dán, misneamhail,
ag feitheamh leis an gcath agus an abha Tugéla go glórach
agus na fiolair fola go cíocrach. Tá dream an bhaile
mhóir Cimberlí i gcruaidh-chás leis, an gearra agus an
gríos agá gclaoidh agus piléir na mBórach, Metuen luath-
chosach bladhmannach ag féachaint fá na ndéin ó'n
abhainn Modder agus Cronghe ag faireadh air. Briseann
dream cosanta Chimerblí amach ar na Bóraigh uaire-
annta acht gabhann na Bóraigh de chosaibh ionnta. Ní
fhuil speach ionnta anois, le trí seachtmhainíbh. Tá an
baile mór úd dhá chéad míle ó Cholenso. Tá Mafecing
ins an riocht chéadna. Tá na Bóraigh suidhte annsúd
le dhá mhí nó breis. Bhris an dream cosanta amach
ortha an lá eile, ceithre fichid fear acu, acht níor fhill
ar n-ais acu acht fiche fear. Is ait an sgéal é, saigh-
diuirí Sheaghain nós broc i bpluais cnoic, agus céad míle
fear aige ar láthair agus nach féidir dó iad d'fhuasgailt
agus gan 'na choinnibh acht maith-shluagh beag feirmeóirí bhí
ag treabhadh le n-a sean-chapallaibh ar machairibh rátha
ó shoin. Mar sin féin táid siad so ag múineadh cleas
cogaidh dó féin agus dá thaoiseachaibh. Dubhairt Árd-
thaoiseach airm Shasana gurab iad na feirmeóirí úd an
daosgar-sluagh is aineólaighe do bhuail riamh leis.
Dubhairt sé an méid úd ámh tá rátha ó shoin. Ceapaim
go bhfuil athrúghadh cainte anois aige. Tá bailtí eile
dia theas de Chimberlí, mar a bhfuil na Bóraigh agus na
Sasanaigh ag rith ar a chéile ar feadh na seachtmhaine
ghabh thart. Ní féidir liom bun 'ná bárr do bhaint as
an dtuairisg. Measaim go bhfuil an iomad éithigh 'gá


L. 690


leathadh 'na thaobh. Léigheamar aon lá amháin an sgéal
gur chuir an cheannphort Frínseach an rith ar na Bóra-
chaibh as baile darab ainm Colesburg agus bhí rinnce fada
againn ar feadh leath an lae gur tháinig sgéala eile
gurab é an Frínseach do bhí ag teicheadh. Tháinig breall
orainn annsain. Chualamar arís gur thiomáin sé na
Bóraigh ar gcúl acht gur thángadar ar n-ais ar feadh
na hoidhche agus gur b'éigean do-san buidhean eile do
thabhairt as áit eile chum é féin do chosaint ar na
Bórachaibh. Bhuail Sasanach eile agus a shluaighte fá dhéin
baile beag cois Abhann Modder go ngairmthear Dúbhghlas
air. D'fhág na Bóraigh an bhaile úd go hobann agus toisg
gur Sasanaigh muintir an bhaile bhíodar ag léimnigh as
a gcroiceann le háthas, phógadar na saighdiúirí agus an
ceannphort acht i lár an tsuilt chas na Bóraigh ar a
gcois agus seo chum siubhail an ceannphort, na saighdiúrí,
agus muintir an bhaile, agus thóg na Bóraigh seilbh. An féidir
ciall ná éifeacht do bhaint as a leithéid sin de ráfla.
Tá an sgéal céadna i dtaobh Ghatacre an fear úd do
chaill an míle fear ag Stormberg an tseachtmhain fa
dheireadh, acht tá droch-ionntaoibh aige-siúd as an Bóra-
chaibh agus cloisim ná cuirfidh sé cath ortha go mbeidh ocht
míle dhéag fear aige. "Bíonn an eagla ar an leanbh a
dóightear." Ceapann Gatacre go bhfuil siad ar tí é
mhealladh agus ní gan fáth. I dtaobh an Fhrínsigh tá sé féin
agus na Bóraigh ag stealladh sleagán buile ar a chéile acht
ní fhuil cuntus cruinn againn ar an ngnó agus b'fhéidir go
mbiadh brúighean go dáiríribh acu fós. Acht aon nídh
amháin ní bhfuiltear go maith ag Seághan agus ní chuirfidh sé
bonn a choise ins an Transbhaal go fóil. Is iomdha
páisde bheidh gan athair agus bean gan fear céile acht is
cuma le fearaibh na sparán bhfada má bheidheas breise-
acht acu as a gcuid airgid agus síoda ar a mnáibh. Sin é
an saoghal - duine ag gol agus duine a' gáire.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services