Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Is deas an tuarasdal chúig phúint gach aon nóimit. Sin é an bhleathach do bhí ag fear do cailleadh i Sasana roimh Nodlaig seo. An tighearna Thiarmainistir nó Westminister do b'ainm dó. Bhíos lá ag feachaint ar thigh leis Eaton Hall do gairmthear air, agus dubhart liom féin dá mbiadh fear-an-tighe agus a bhean chéile amuich le chéile gur bhfurusda dhóibh dul i bhfolach ó n-a chéile mar ní tigh é siúd acht tighthe. Do chuirfidhe míle duine a codladh annsúd gan baoghal go mbuailfeadh ceann acu uille ins an cheann eile. Fuair an bás amach fear-an- tighe dá mhéid a stór. Deirthear go raibh sé ina fhear fhial acht níor bhaoghal dó an gábhatar. Ba bheag é a thruagh d'Éirinn agus chuir sé 'na coinnibh in gach uile nídh. Mar sin féin ó tá sé imthighthe go n-eirghidh a bhóthar leis, agus má táthar chomh maith leis ar an saoghal eile agus do bhítheas annso ní gearánta dhó. "Ochón an t-ór agus Mucros na gcraobh," ar sean Herbert Mhucrois nuair do bhí sé ag fághail bháis, acht is beag an mhaitheas maoin an tsaoghail mar sciobann an bás leis sinn idir saidhbhir agus daidhbhir. Ní thabharfaidh an smuaineadh sain ciall do dhaoinibh, ní mó ná chuirfidh sé cosg le héagcóir agus i n-aindeóin na chreidimh measaim féin go mebidh mian chum óir ar dhaoinibh go bráth. Chím ins na páipéaraibh go bhfuil muintir Shasana ar tí aon lá amháin do chur ar leithiligh le haghaidh paid- reacha do rádh ar son a dtíre. Is maith é sin. Ní fhaghaim aon locht air, acht amháin go bhfeaca ins na páipéaraibh céadna tá rátha ó shoin go rabhadar ag magadh fá Phól toisg gur iarr seisean cabhair Dé i dtosach an chogaidh. Tá athrúghadh cáinte acu indiu acht measaim féin da mb'eol dóibh an rith agus ár do chur ar na feirmeoirí ag Colenso ná cloisfeamuis a thuilleadh i dtaobh na bpáidreach. Ní fhuil aon sgéal nua ó'n gcogadh ó cuireadh an ruagadh ar Bhuller. Cuireadh ar lár dhá chéad déag saighdiúir annsúd. Deir fear dom' chómhursanaibh liom ná'r chodail sé féin néal ar feadh dhá oidhche d'éis tuairisg na bhruighne úd do chlos agus dearim leis gurab é an fear ceart é chum áirneáin ag tigh tórraimh ar an dtuath. Tá aithne agam ar fhear eile agus deir seisean liom gur léigh sé cúntus na bhruighne leis acht gur chuir an tuairisg suan air. Bhí an fear macánta 'na chnap codlata chomh luath agus do bhuail sé a phlaosg ar adhairt nó peiliúr na leabtha. Tá Sasana ar tí trí fichid míle fear do sheóladh chum na hAfrice theas. Tá cuid aca so bailighthe aici anois, is é an taoiseach do bheidh ortha annsud Roberts, i n-ionad Bhuller. Mheath Buller bocht agus toisg nách bhfuil foidhne ag an Riaghaltas chuireadar ceannphort eile ós a chionn láithreach. Measaim féin gur throid Buller go tréan agus ní haon náire dho gur bhuaidh Ioubert air. Deir tuarasgóir páipéir - sean-thuaras- góir go raibh taithighe ar chogadh aige - ná feacaidh sé riamh aon bhladhm búithreach do nós lámhach na mBórach. Chrom na gunnaí gearra ar liúghraigh timcheall a seacht de chlog agus bhí an liúghraigh ag dul i neart go hocht de chlog nuair do chuaidh sí i laighead ar feadh tamaill, mar is dócha go raibh na Bóraigh ag cruinniughadh 'na ndreamaibh. Acht annsain agus go hobann bhéic na gunnaí arís agus níor staon an cioth piléar úd agus an tóirneach lasrach ar feadh dhá uair an chloig gur sceinn na Sasa- naigh ag gcúl. Is clisde an fear cogaidh Buller agus is mór an truagh aon mhilleán do thabhairt dó. Muna mbiadh gur léirigh sé go maith a chuid saighdiúirí in gach áit go raibh sgáth acu ó na piléaraibh ní bhiadh aithid acu beó le breith ar gcúl aige. Deirthear go bhfuil sé ar tí iarracht eile do thabhairt fá Ioubert. Fuair sé chúig mhíle fear eile, ó lá na bruighne, agus gan amhras beidh sé ag iarraidh bún- táiste d'fhághail i ndiaidh an chúil ar na Bórachaibh i gcómhair fóirithinn do thabhairt ar an bhFuíteach. Mar- bhuigheadh aon mhac amháin do bhí ag an taoiseach Roberts ins an mbrúighin úd. Ceann dreama do b'eadh é agus fear óg, an-mhisneamhail. Thuit sé ins an ár ag iarraidh na ngunnaí móra d'fhuasgailt acht ba bheag an mhaitheas é mar bhuaidh na Bóraigh agus thógadar chúca féin gunnaí móra Sheághain. D'fhág Roberts Lúnduin an Sathairn do ghabh thart. Bhí na mílte dá thionnlacan fá mar do bhíodar ag tionn- lacan Bhuller i dtosach na Samhna. Tá muinighin mhór acu as an bhfear so agus deir siad go gcuirfidh siad dhá chéad míle saighdiúir chuige. Ní misde dhóibh sin. Caith-
fear ceathrar Sasanach do bheith annsud chum gach fear de na Bórachaibh. Tá Seághan i nguais indiu agus tá a fhios aige. Má bheidheas an lá le Pól bheidh Ímpereacht na Breataine brisde gan súil le heirghe go bráth arís aici. Is ó Phortláirge do Roberts, an fear is feárr ins an Arm agus is as an áit gcéadna an fear is feárr i Loingeacht Shasana, an tighearna Cormac Dúsméarach (Beresford). Ní fhuil fhios agam an bhfuil na Portláirgigh mórdhálach i dtaobh na bhfear úd do thugadar do Sheághan acht ceapaim nách bhfuil puinn de bhárr na bhfear acu. Mar sin féin bíodh de rogha agat a Phortláirgigh, cródhacht Roberts, calmacht an Dúsméaraigh, filidheacht Dhonnchadh Ruaidh, agus caint sgurtha Sheághain Pléimionn agus Mhíchil Ó hIceadha. Is mó an trácht atá ar fhuil ná ar fhile i Sasana indiu, agus an méid filidheacht atá 'gá déanamh annsud anois is ag gríosadh na saighdiúirí chum fola é, siud agus go bhfuil sé chómh holc go gcuirfeadh an fhuaim ag aiseag thu, gcead a' chuideachta. Cloisim nách bhfuil sé i gcumas Phóil leath-bheann do chur le chéile acht ceolthóir maith is eadh é, seinneann sé port binn le gunna geárr. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services