Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1900
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Is deas an tuarasdal chúig phúint gach aon nóimit.
Sin é an bhleathach do bhí ag fear do cailleadh i Sasana
roimh Nodlaig seo. An tighearna Thiarmainistir nó
Westminister do b'ainm dó. Bhíos lá ag feachaint ar
thigh leis Eaton Hall do gairmthear air, agus dubhart liom
féin dá mbiadh fear-an-tighe agus a bhean chéile amuich le
chéile gur bhfurusda dhóibh dul i bhfolach ó n-a chéile mar
ní tigh é siúd acht tighthe. Do chuirfidhe míle duine a
codladh annsúd gan baoghal go mbuailfeadh ceann acu
uille ins an cheann eile. Fuair an bás amach fear-an-
tighe dá mhéid a stór. Deirthear go raibh sé ina fhear
fhial acht níor bhaoghal dó an gábhatar. Ba bheag é a
thruagh d'Éirinn agus chuir sé 'na coinnibh in gach uile nídh.
Mar sin féin ó tá sé imthighthe go n-eirghidh a bhóthar leis,
agus má táthar chomh maith leis ar an saoghal eile agus do
bhítheas annso ní gearánta dhó. "Ochón an t-ór agus
Mucros na gcraobh," ar sean Herbert Mhucrois nuair
do bhí sé ag fághail bháis, acht is beag an mhaitheas maoin
an tsaoghail mar sciobann an bás leis sinn idir saidhbhir
agus daidhbhir. Ní thabharfaidh an smuaineadh sain ciall do
dhaoinibh, ní mó ná chuirfidh sé cosg le héagcóir agus i
n-aindeóin na chreidimh measaim féin go mebidh mian
chum óir ar dhaoinibh go bráth.



Chím ins na páipéaraibh go bhfuil muintir Shasana ar
tí aon lá amháin do chur ar leithiligh le haghaidh paid-
reacha do rádh ar son a dtíre. Is maith é sin. Ní
fhaghaim aon locht air, acht amháin go bhfeaca ins na
páipéaraibh céadna tá rátha ó shoin go rabhadar ag
magadh fá Phól toisg gur iarr seisean cabhair Dé i
dtosach an chogaidh. Tá athrúghadh cáinte acu indiu acht
measaim féin da mb'eol dóibh an rith agus ár do chur ar na
feirmeoirí ag Colenso ná cloisfeamuis a thuilleadh i
dtaobh na bpáidreach.



Ní fhuil aon sgéal nua ó'n gcogadh ó cuireadh an
ruagadh ar Bhuller. Cuireadh ar lár dhá chéad déag
saighdiúir annsúd. Deir fear dom' chómhursanaibh liom
ná'r chodail sé féin néal ar feadh dhá oidhche d'éis
tuairisg na bhruighne úd do chlos agus dearim leis gurab
é an fear ceart é chum áirneáin ag tigh tórraimh ar an
dtuath. Tá aithne agam ar fhear eile agus deir seisean
liom gur léigh sé cúntus na bhruighne leis acht gur
chuir an tuairisg suan air. Bhí an fear macánta 'na
chnap codlata chomh luath agus do bhuail sé a phlaosg ar
adhairt nó peiliúr na leabtha.



Tá Sasana ar tí trí fichid míle fear do sheóladh chum
na hAfrice theas. Tá cuid aca so bailighthe aici anois,
is é an taoiseach do bheidh ortha annsud Roberts, i
n-ionad Bhuller. Mheath Buller bocht agus toisg nách
bhfuil foidhne ag an Riaghaltas chuireadar ceannphort
eile ós a chionn láithreach. Measaim féin gur throid
Buller go tréan agus ní haon náire dho gur bhuaidh
Ioubert air. Deir tuarasgóir páipéir - sean-thuaras-
góir go raibh taithighe ar chogadh aige - ná feacaidh sé
riamh aon bhladhm búithreach do nós lámhach na mBórach.
Chrom na gunnaí gearra ar liúghraigh timcheall a seacht
de chlog agus bhí an liúghraigh ag dul i neart go hocht de
chlog nuair do chuaidh sí i laighead ar feadh tamaill, mar
is dócha go raibh na Bóraigh ag cruinniughadh 'na
ndreamaibh. Acht annsain agus go hobann bhéic na gunnaí
arís agus níor staon an cioth piléar úd agus an tóirneach
lasrach ar feadh dhá uair an chloig gur sceinn na Sasa-
naigh ag gcúl.



Is clisde an fear cogaidh Buller agus is mór an truagh
aon mhilleán do thabhairt dó. Muna mbiadh gur léirigh
sé go maith a chuid saighdiúirí in gach áit go raibh sgáth
acu ó na piléaraibh ní bhiadh aithid acu beó le breith ar
gcúl aige. Deirthear go bhfuil sé ar tí iarracht eile
do thabhairt fá Ioubert. Fuair sé chúig mhíle fear eile,
ó lá na bruighne, agus gan amhras beidh sé ag iarraidh bún-
táiste d'fhághail i ndiaidh an chúil ar na Bórachaibh i
gcómhair fóirithinn do thabhairt ar an bhFuíteach. Mar-
bhuigheadh aon mhac amháin do bhí ag an taoiseach Roberts
ins an mbrúighin úd. Ceann dreama do b'eadh é agus
fear óg, an-mhisneamhail. Thuit sé ins an ár ag iarraidh
na ngunnaí móra d'fhuasgailt acht ba bheag an mhaitheas
é mar bhuaidh na Bóraigh agus thógadar chúca féin gunnaí
móra Sheághain.



D'fhág Roberts Lúnduin an Sathairn do ghabh thart. Bhí
na mílte dá thionnlacan fá mar do bhíodar ag tionn-
lacan Bhuller i dtosach na Samhna. Tá muinighin mhór
acu as an bhfear so agus deir siad go gcuirfidh siad dhá
chéad míle saighdiúir chuige. Ní misde dhóibh sin. Caith-


L. 674


fear ceathrar Sasanach do bheith annsud chum gach fear
de na Bórachaibh. Tá Seághan i nguais indiu agus tá a
fhios aige. Má bheidheas an lá le Pól bheidh Ímpereacht
na Breataine brisde gan súil le heirghe go bráth arís
aici.



Is ó Phortláirge do Roberts, an fear is feárr ins
an Arm agus is as an áit gcéadna an fear is feárr i
Loingeacht Shasana, an tighearna Cormac Dúsméarach
(Beresford). Ní fhuil fhios agam an bhfuil na Portláirgigh
mórdhálach i dtaobh na bhfear úd do thugadar do Sheághan
acht ceapaim nách bhfuil puinn de bhárr na bhfear acu.
Mar sin féin bíodh de rogha agat a Phortláirgigh,
cródhacht Roberts, calmacht an Dúsméaraigh, filidheacht
Dhonnchadh Ruaidh, agus caint sgurtha Sheághain Pléimionn
agus Mhíchil Ó hIceadha. Is mó an trácht atá ar fhuil ná
ar fhile i Sasana indiu, agus an méid filidheacht atá 'gá
déanamh annsud anois is ag gríosadh na saighdiúirí chum
fola é, siud agus go bhfuil sé chómh holc go gcuirfeadh an
fhuaim ag aiseag thu, gcead a' chuideachta. Cloisim
nách bhfuil sé i gcumas Phóil leath-bheann do chur le
chéile acht ceolthóir maith is eadh é, seinneann sé port
binn le gunna geárr.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services