Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Tar Lear Is luath-chosach, lúthmhas, an fear Seághan gidh ná'r dhóich leat é le féachaint air. Ba han-mhaith an choisí- dheacht í siúd ó Ghleann Comhan go Ladysmith agus gidh gur bhris sé na droichid 'na dhiaidh léan an Bórach malluighthe sin é. Bhíomar go léir 'gá rádh ná leanfadh agus dá leanfadh féin go gcuirfidhe an rith air, mar tá chúig míle dhéag fear ag Seághan ins an phríomh-longphort. Ní fhuil an méid sin aige anois ann, fóiríor, mar do mhairbh an biothamhnach Bóraigh cuid mhaith acu ó shoin agus támuid ag lógóireacht agus ag caoi ar feadh na seacht- mhaine 'na dtaobh súd. Ceileann Seághan an-chuid de'n droich sgéal acht tá amhras againn air anois toisg go bhfuaramar amach gurab éitheach ar fad do bhí aige 'gá leathadh i dtosach an chogaidh. Táim féin amuich leis indiu i dtaobh an éithigh agus na gaoithe úd gidh go bhfuil fhios ag cách gur mhór liom é go dtí so. Measann sé áiteamh orainn náchar chaill sé acht dhá mhíle fear gus indiu, acht ceapann a lán gur chaill sé dhá oiread sain. Dhá mhíle! adéarfair, nách miorbhúileach an t-ár é sin agus gan 'na choinnibh acht feirmeóirí. Mo thruagh thú ní fhuil annsain acht beagán seachas an chosgairt atá le teacht, agus níos measa 'ná sain cloisimíd nár marbhuigheadh ó thúis de na Bórachaibh acht céad fear, agus nár gabhadh agus nár gonntadh acht cheithre chéad eile acu. Tá an méid sin olc go leór acht is beag é i gcomórtas le cheithre mhíle do shaighdiúiribh Sheághain atá ar lár, agus is baoghalach go mbeidh a thuilleadh acu ins an gcruith gcéadna. I dtosach na seachtmhaine seo ghabh thart chonnarcthas dream capall le tuitim na h-oidhche ar chnocán cois Ladysmith. "Fan! cia tá annsúd?" ar an fear faire, acht bhí na caraill as láthair fá mar do shúghfadh an talamh go h-obann iad. Sin mar do thagann na Bóraigh ort: chífá iad agus ar an nóimit bheidís as radhairc ar nós na gcat fiadhaigh. Táthar chúgainn, do ráidh an ceannphort. Bíodh súla na gcat ist oidhche agaibh, ar seisean leis na fearaibh faire, agus chuaidh na saighdiúirí eile a chodladh acht amháin dhá chipe do gléasadh agus do cuireadh ar siubhal fá dhéin Nec (log) Nicólson dhá mhíle ó'n longphort, i gcás go dtiocfaidís i ndiaidh a chúil ar an mBórach neamh- ghlic. Ní túisge bhí na h-éin ag canntain - mar tá tosach an tsamhraidh annsúd anois - ná dúisígheadh macalla na ngleannta le gunna mór na mBórach na shuidhe ar thaobh cnuic cheithre mhíle ó bhaile. Tá an gunna mór úd ag búithridh fós. Is maith an chuisle atá aige mar steall sé sleaghán buile leath-chéad i dtroimeacht ó ghualainn an chnuic úd isteach i longphort na Sasanach. Bhí Pól Kruger ag caint léo. D'fhreagair an Fuíteach é go calma, Gaedheal-Ghall as Uladh is eadh eisean. D'éirigh na Bóraigh as an dtalamh do nós na gcorra mhíola. Bhí dream acu i log annso agus dream eile ar ardán annsúd agud dá bhféachfá i gceart ortha chífá go rabhadar beasuighthe i bhfóirm crúdh chapaill. Dubhairt an Times Lunduin nách raibh ann acu acht cheithre mhíle dhéag, agus dubhairt páipéar eile i Sasanach nách rabhadar acht naoi mhíle. Ghléas, chóirigh agus cheartuigh an Fuiteach tréan a shluaighte líonmhara, labhair a sheacht gceap gunnaí móra - sé gunna in gach ceap - leo, d'fhreagair na Bóraigh é le n-a gcuid gunnaí móra - bhí níos mó acu ná síleadh ar dtúis - agus níor chualaidh cnuic Natál a leithéid súd de thoirn-chleas riamh fós. Chualaidh na hAsbhóge? - fiolair fola, búithreadh na ngunnaí agus d'eiteall na h-éin chíochracha sain thríd an aer ó gach áird. Bhí cuirp uatha. Fá mheadhón lae bhí Ioubert ag druidim ar gcúl, bhí céad fear caillte ag an bhFuíteach acht shíligh sé go raibh an lá leis agus rinne sé ruathar ar an gcliathán, deas i gcás é bhriseadh. Ghéill an cliathán leis táid siad agam ar seisean, acht nuair d'fhéach sé i leathtaoibh chonnairc sé an Bórach glic ag casadh idir é féin agus an longphort. Ní raibh ag an bhFuíteach acht amháin an a dhóthain le sceinneadh ar gcúl. I gcionn leath-uair eile an chloig bhiadh Ioubert agus a laocha i bhfoirm crúdh chapaill idir an fuíteach agus an longphort agus bhiadh gnó an Fhuítigh déanta. Fá mar do bhí do b'éigean dó gach órlach de'n dá mhíle dhi idir é féin agus an longphort do thriall ar gcúl ar feadh dhá uair an chloig, gunnaí gearra Ioubert ag liughraigh ar a thaobh agus ar a aghaidh. Bhí an báire leis na feirmeoiribh agus is deallrathach go mbiadh arm Shasana caillte ar fad muna mbiadh gur choisg na gunnaí móra an ruathar agus go mór mhór ceap gunnaí móra do thug máirnéalaigh ar pháirc an bhualadh i lár na bruíghne ó long cogaidh i gcuan Durban. Ní fheadramar - ní fhuil
fhios againn an mó fear do chaill an Fuíteach acht deirthear gur chaill sé seacht gcéad. Tá sé i ndaing- nibh an loingphoirt ó shoin. Deirthear go bhfuil na Bóraigh thimcheall air ag iarraidh na ndaingean do bhriseadh isteach air acht ní fhuil tuairisg uatha mar gheárr na Bóraigh an sreanga agus tá an Fuíteach bocht ar nós franncaigh i bpoll claidhe. Acht tá fóiri- thin chuige má's féidir leis Ioubert do chongbháil de go dtí sin. Tá an ridire Buller agus fiche míle fear ag gluaiseacht chuige go mear agus beidhid chum a chonganta is dócha sul a mbeidh an sgríbhinn seo i gcló. Is é an Buller so taoiseach Shasana ins an gcogadh, agus tá misneach mór as. Dubhramair shuas gur chuir an Fuíteach dhá chipe go Log Nicolson an oidhche roimh an chath i gcóir teacht i ndiaidh an chúil ar an mBórach. Is deacair breith ar an mada ruadh 'na shuan. Mo thruagh an dá chipe úd, bhí dhá mhíle fear ionnta adeirthear agus cheithre oifigeach agus da fhichead. Bhuail an Bórach neamh-chodlathach leo agus mhairbh sé an chuid is mó acu is dócha, agus ghabh an chuid eile. Deir na páipéir gur throid na fir bhochta fad do bhí piléar sa cliathán-sparán acu agus nár ghéilleadar go raibh a ndéantus catha caithte acu. Is dearbhtha gur throidecadar go maith acht ní fhuil fhios againn go ceart. D'fhill ceann acu le cead Ioubert chum an longphoirt le h-iarraidh ar an bhFuíteach liaigh do chur amach chum na bhfear ngonnta, agus shaighdiúirí chum corp na coda eile do chur. Ní bhfuair na Sasanaigh a leithéid do bhriseadh riamh lem' chuimhne. Bhí an fear bocht d'fhill ar an longphort i gcruadh-chás. Bhí a lámh brisde, scoilt i n'éadan, fuil ar sileadh le na chorp, a chapall tabhartha agus é féin leath-mharbh. Éireannach do b'eadh é mar Éireannaigh bochta do b'eadh cipe dhíobh, an sean- chipe cómhraic úd gurab é a ngáir catha "fág an bealach!" Is iomda cath dian go gcualathas a ngleó agus a mbéim buadhthach. Mo thruagh iad n hamadáin. - Is beag dá bhárr atá na bhí acu riamh. Is minic do chuir a ngaisge cóiste dhá chapall fá chaile i Lúnduin nó i Libherpool, síoda uirthe agus slaod uirthe, bolg ar a fear, slabhra óir ar a mhéadal, pluic air, srón dearg air le fíon, acht Pádruig bocht buile i dtigh na mbocht sa bhaile, cos adhmaid air agus é ag itheadh leitean. Dá dtiocfadh sé go dorus tíghe na mná úd ag iarraidh cabhartha chuirfeadh sí na gadhair leis. Ar a shon sain agus eile má tá sé na thubaiste ar Éireannach bheith na shaighdiúir déanfaidh sé a ghnó gan cealg mar tá fhios agam go maith nach bhfuil fear ar dhruim an domhain is dúthrachtaighe agus is úmhla 'ná an tÉireannach. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services