Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Tar Lear



Is luath-chosach, lúthmhas, an fear Seághan gidh ná'r
dhóich leat é le féachaint air. Ba han-mhaith an choisí-
dheacht í siúd ó Ghleann Comhan go Ladysmith agus gidh
gur bhris sé na droichid 'na dhiaidh léan an Bórach
malluighthe sin é. Bhíomar go léir 'gá rádh ná leanfadh
agus dá leanfadh féin go gcuirfidhe an rith air, mar tá
chúig míle dhéag fear ag Seághan ins an phríomh-longphort.
Ní fhuil an méid sin aige anois ann, fóiríor, mar do
mhairbh an biothamhnach Bóraigh cuid mhaith acu ó shoin agus
támuid ag lógóireacht agus ag caoi ar feadh na seacht-
mhaine 'na dtaobh súd. Ceileann Seághan an-chuid de'n
droich sgéal acht tá amhras againn air anois toisg go
bhfuaramar amach gurab éitheach ar fad do bhí aige 'gá
leathadh i dtosach an chogaidh. Táim féin amuich leis
indiu i dtaobh an éithigh agus na gaoithe úd gidh go bhfuil
fhios ag cách gur mhór liom é go dtí so. Measann sé
áiteamh orainn náchar chaill sé acht dhá mhíle fear gus
indiu, acht ceapann a lán gur chaill sé dhá oiread sain.
Dhá mhíle! adéarfair, nách miorbhúileach an t-ár é sin agus
gan 'na choinnibh acht feirmeóirí. Mo thruagh thú ní fhuil
annsain acht beagán seachas an chosgairt atá le teacht,
agus níos measa 'ná sain cloisimíd nár marbhuigheadh ó
thúis de na Bórachaibh acht céad fear, agus nár gabhadh agus
nár gonntadh acht cheithre chéad eile acu. Tá an méid
sin olc go leór acht is beag é i gcomórtas le cheithre
mhíle do shaighdiúiribh Sheághain atá ar lár, agus is baoghalach
go mbeidh a thuilleadh acu ins an gcruith gcéadna.



I dtosach na seachtmhaine seo ghabh thart chonnarcthas
dream capall le tuitim na h-oidhche ar chnocán cois
Ladysmith. "Fan! cia tá annsúd?" ar an fear faire,
acht bhí na caraill as láthair fá mar do shúghfadh an talamh
go h-obann iad. Sin mar do thagann na Bóraigh ort:
chífá iad agus ar an nóimit bheidís as radhairc ar nós na
gcat fiadhaigh. Táthar chúgainn, do ráidh an ceannphort.
Bíodh súla na gcat ist oidhche agaibh, ar seisean leis na
fearaibh faire, agus chuaidh na saighdiúirí eile a chodladh acht
amháin dhá chipe do gléasadh agus do cuireadh ar siubhal fá
dhéin Nec (log) Nicólson dhá mhíle ó'n longphort, i gcás
go dtiocfaidís i ndiaidh a chúil ar an mBórach neamh-
ghlic. Ní túisge bhí na h-éin ag canntain - mar tá
tosach an tsamhraidh annsúd anois - ná dúisígheadh
macalla na ngleannta le gunna mór na mBórach na
shuidhe ar thaobh cnuic cheithre mhíle ó bhaile. Tá an gunna
mór úd ag búithridh fós. Is maith an chuisle atá aige
mar steall sé sleaghán buile leath-chéad i dtroimeacht
ó ghualainn an chnuic úd isteach i longphort na Sasanach.
Bhí Pól Kruger ag caint léo. D'fhreagair an Fuíteach
é go calma, Gaedheal-Ghall as Uladh is eadh eisean.
D'éirigh na Bóraigh as an dtalamh do nós na gcorra
mhíola. Bhí dream acu i log annso agus dream eile ar
ardán annsúd agud dá bhféachfá i gceart ortha chífá go
rabhadar beasuighthe i bhfóirm crúdh chapaill. Dubhairt
an Times Lunduin nách raibh ann acu acht cheithre mhíle
dhéag, agus dubhairt páipéar eile i Sasanach nách rabhadar
acht naoi mhíle. Ghléas, chóirigh agus cheartuigh an Fuiteach
tréan a shluaighte líonmhara, labhair a sheacht gceap
gunnaí móra - sé gunna in gach ceap - leo, d'fhreagair
na Bóraigh é le n-a gcuid gunnaí móra - bhí níos mó
acu ná síleadh ar dtúis - agus níor chualaidh cnuic Natál
a leithéid súd de thoirn-chleas riamh fós. Chualaidh na
hAsbhóge? - fiolair fola, búithreadh na ngunnaí agus
d'eiteall na h-éin chíochracha sain thríd an aer ó gach
áird. Bhí cuirp uatha. Fá mheadhón lae bhí Ioubert ag
druidim ar gcúl, bhí céad fear caillte ag an bhFuíteach
acht shíligh sé go raibh an lá leis agus rinne sé ruathar
ar an gcliathán, deas i gcás é bhriseadh. Ghéill an
cliathán leis táid siad agam ar seisean, acht nuair
d'fhéach sé i leathtaoibh chonnairc sé an Bórach glic
ag casadh idir é féin agus an longphort. Ní raibh ag
an bhFuíteach acht amháin an a dhóthain le sceinneadh
ar gcúl. I gcionn leath-uair eile an chloig
bhiadh Ioubert agus a laocha i bhfoirm crúdh chapaill idir an
fuíteach agus an longphort agus bhiadh gnó an Fhuítigh déanta.
Fá mar do bhí do b'éigean dó gach órlach de'n dá mhíle
dhi idir é féin agus an longphort do thriall ar gcúl ar
feadh dhá uair an chloig, gunnaí gearra Ioubert ag
liughraigh ar a thaobh agus ar a aghaidh. Bhí an báire leis na
feirmeoiribh agus is deallrathach go mbiadh arm Shasana
caillte ar fad muna mbiadh gur choisg na gunnaí móra
an ruathar agus go mór mhór ceap gunnaí móra do thug
máirnéalaigh ar pháirc an bhualadh i lár na bruíghne ó
long cogaidh i gcuan Durban. Ní fheadramar - ní fhuil


L. 546


fhios againn an mó fear do chaill an Fuíteach acht
deirthear gur chaill sé seacht gcéad. Tá sé i ndaing-
nibh an loingphoirt ó shoin. Deirthear go bhfuil na
Bóraigh thimcheall air ag iarraidh na ndaingean do
bhriseadh isteach air acht ní fhuil tuairisg uatha mar
gheárr na Bóraigh an sreanga agus tá an Fuíteach
bocht ar nós franncaigh i bpoll claidhe. Acht tá fóiri-
thin chuige má's féidir leis Ioubert do chongbháil de
go dtí sin. Tá an ridire Buller agus fiche míle fear ag
gluaiseacht chuige go mear agus beidhid chum a chonganta
is dócha sul a mbeidh an sgríbhinn seo i gcló. Is é an
Buller so taoiseach Shasana ins an gcogadh, agus tá
misneach mór as.



Dubhramair shuas gur chuir an Fuíteach dhá chipe go
Log Nicolson an oidhche roimh an chath i gcóir teacht
i ndiaidh an chúil ar an mBórach. Is deacair breith ar
an mada ruadh 'na shuan. Mo thruagh an dá chipe úd,
bhí dhá mhíle fear ionnta adeirthear agus cheithre oifigeach agus
da fhichead. Bhuail an Bórach neamh-chodlathach leo agus
mhairbh sé an chuid is mó acu is dócha, agus ghabh an chuid
eile. Deir na páipéir gur throid na fir bhochta fad
do bhí piléar sa cliathán-sparán acu agus nár ghéilleadar
go raibh a ndéantus catha caithte acu. Is dearbhtha
gur throidecadar go maith acht ní fhuil fhios againn go
ceart. D'fhill ceann acu le cead Ioubert chum an
longphoirt le h-iarraidh ar an bhFuíteach liaigh do chur
amach chum na bhfear ngonnta, agus shaighdiúirí chum corp
na coda eile do chur. Ní bhfuair na Sasanaigh a leithéid
do bhriseadh riamh lem' chuimhne. Bhí an fear bocht
d'fhill ar an longphort i gcruadh-chás. Bhí a lámh brisde,
scoilt i n'éadan, fuil ar sileadh le na chorp, a chapall
tabhartha agus é féin leath-mharbh. Éireannach do b'eadh é
mar Éireannaigh bochta do b'eadh cipe dhíobh, an sean-
chipe cómhraic úd gurab é a ngáir catha "fág an
bealach!" Is iomda cath dian go gcualathas a ngleó
agus a mbéim buadhthach. Mo thruagh iad n hamadáin. -
Is beag dá bhárr atá na bhí acu riamh. Is minic do
chuir a ngaisge cóiste dhá chapall fá chaile i Lúnduin nó
i Libherpool, síoda uirthe agus slaod uirthe, bolg ar a fear,
slabhra óir ar a mhéadal, pluic air, srón dearg air le
fíon, acht Pádruig bocht buile i dtigh na mbocht sa
bhaile, cos adhmaid air agus é ag itheadh leitean. Dá
dtiocfadh sé go dorus tíghe na mná úd ag iarraidh
cabhartha chuirfeadh sí na gadhair leis.



Ar a shon sain agus eile má tá sé na thubaiste ar
Éireannach bheith na shaighdiúir déanfaidh sé a ghnó gan
cealg mar tá fhios agam go maith nach bhfuil fear ar
dhruim an domhain is dúthrachtaighe agus is úmhla 'ná an
tÉireannach.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services