Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúis Dréifús
Title
Cúis Dréifús
Author(s)
Ultach Beadaidhe,
Pen Name
Ultach Beadaidhe
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúis Dréifús Tá an domhan mór le tuilleadh agus bliadhain ag teacht thar chúis Dréifús. Do réir na bpáipéar nuaidheachta i Sasana, san Alamáin, san Eadáil agus i nAmericá, is é brígh an sgéil gur daoradh fear neamh-chionntach agus go bhfuil an éagcóir is mó dá ndeárnadh riamh déanta ag muinntir na Frainnce, sa ríocht go bhfuil clú agus cáil an náisiúin Fhranncaigh caillte go deó na ndeór. Tá a fhios ag an saoghal gur túisge do leigfeadh fear nuaidheachta an ceann a bhaint de ná bréag d' innsint faoi chúis ar bith. Ní abraim nach n-innseochadh sé bréigín beag suarach anois agus arís faoi charaid, acht an bhfacaidh aonduine riamh bréagh dhá innsint i bpái- péar nuaidheachta faoi námhaid? Tá an Alamáin agus an Eadáil sa Choimh-cheangal Trianach i n-aghaidh na Frainnce agus na Rúise. Ní creidte go deó go n-innseóchadh Almánach ná Eadálach bréag ag súil le droch-mheas do chaitheamh ar an bhFrainnc agus go mór-mhór ar arm na Frainnce. Go deimhin ní creidte. Agus nár shaoil an Franncach Faiseóda do sgiobadh leis ó n-ár gcaraid Sean Buidhe? Agus nach bhfuil an bheirt aca go nimh- neach náimhdeach chum a chéile riamh ó shoin? Nach follusach dá bhárr sin gur fírinne ghlan gach uile fhocal dá n-abrann lucht nuaidheachta Sasan i dtaobh na Frainnce? Tá Séonach thall go han-mhuinnteardha le Seán ó thosuigh sé féin ag cur smacht ar dhaoinibh ile i n-aghaidh a dtola, agus ó tá Seán ag innsint na fírinne, nár bh'olc an caradas é Seónach a heith dhá bhréagnughadh. Muna bhfágann sin gurab í an fhírinne ghlan atá ghá hinnsint aca go léir thoir thuaidh thiar agus theas, tabhair amadán ormsa. An nuaidheacht atá ar na páipéaraibh seo, ní cóir a mheas gurab iad lucht na bpáipéar a cheapas nó a chumas uatha féin í. Dá mbadh iad do cheapfadh an nuaidheacht dúinn, ní dócha go mbeadh sí chómh fírinneach agus tá sí. Is amhlaidh atá a dó nó a trí de chuideachta- naibh móra ann agus fir ionaid aca is gach tír beag nach ar dhruim an talmhan. Is iad na fir ionaid sin a chuireas nuaidheacht gach tíre thríd an sreangán tinn- tireach ag triall ar pháipéaraibh an domhain. Is iongantach mór an obair í agus ní gan airgead a cuireadh ar bun í. Is iad na hIúdaidhthe an cineadh is saidhbhre ar bith agus do réir mar airighim agus ní fheadar ar fíor é, is iad na hIúdaidhthe a chuir ar bun na móir-chuideachtain úd a sgaipeas sgéala an domhain ó thír go tír. Má's iad a d'íoc an píobaire, is iad a chuirfeas ainm ar an bport, agus ar ndóigh ní thaithnigheann aon phort leó acht fonn na fírinne. D'fhéadfaidhe go reicfeadh Iúdaidhe leat ar dhá phunnt uaradóir nár bh'fhiú acht dhá sgilling. Ort féin atá a locht soin, dar leis. Dá mbeitheá sáthach críonna, gheabhfá ar cheithre sgilling é. Acht is é croidhe na fírinne an clúdaidheach má's trácht dó ar Iúdaidheach eile. Iúdaidhthe is eadh lucht sgaipthe agus craobhsgaoilte na sgéalta nuaidheachta, má's fíor- Iúdaidhe is eadh Dréifús. An té adéarfas liom ina dhiaidh sin go bhfuil focal nach fírinne go bhfuil bun cleite istigh ná barr cleite amuigh sa nuaidheacht ú mar gheall ar Dhréifús, bíodh air féin! Fear saidhbhir is eadh Dréifús, agus a chuid daoine go léir, daoine saidhbhre iad. Ní cúram dhom a rádh go mbíonn bréaga dá reic ó mhaidin go hoidhche mar gheall ar dhaoinibh bochta. Acht cé chuala riamh go n-innseochadh aonduine bréag ar son duine saidhbhir? Tá muinntir Shasan ag dul ar buile mar gheall ar an gcúis seo agus ar an éagcóir uaithbhásaigh do rinneadh ar Dhréifús. Do bhuail Sasanach mór láidir le cara liom i siopa an lá cheana. Bhí aithne aca ar a chéile. D'fhiafruigh me chara dhe an saghad sé go Páras an ath- bhliadhain go dtí an "Exhibition." Do las an fhearg ar a éadan. Bhuail cos ar an urlár agus dorn ar an gclár cunntais. B'fheárr liom dul go fíor-íochtair Ifrinn, ar sé, ná dul i gcomhluadar na bhFranncach malluighthe sin! Bhí an ceart aige. Daoine atá chomh dúlmhar sin sa gceart agus sa bhfírinne, is feárr go mór a réiteóchadh fíor-íochtar Ifrinn leó ná Páras Mór na Frainnce. Dá gcuirtheá de cheisd ar na daoine seo cia an choir a cuireadh i leith Dhréifús nó caidé mar thárla an chúis ar aon chor, ní'l duine i n-aghaidh an mhíle aca d'fhéad- fadh freagra díreach a thabhairt ort. Ní locht ortha sin agus an mhuinghin is cóir do bheith aca as lucht na bpáipéar agus as lucht eolais lucht na bpáipéar agus as lucht an airgid atá ag tabhairt tuarasdail do lucht an eolais, ós iad lucht na fírinne ar fad iad. Is é rud adeir lucht nuaidheachta Sasan linn go bhfuil an cineadh Franncach d'aon ruathar amháin ag iarraidh Dréifús do mhilleadh agus do dhaoradh. Do bhíos-sa sa bhFrainnc an tseachtmhain deireannach de chúis Dréifús. Do bhinn ag dul ó bhaile mór go baile mór, ag cur fúm agus ag ithe mo bhéileidhe is na tighthibh ósda, Franncaigh ins suidhe ar gach taobh dhíom, ar m'aghaidh agus ar mo chúl, agus ar aon bhord liom. Bhídís ag caint agus ag comhrádh ar gach ar mhian leó. Fad na seachtmhaine sin níor airigheas trácht ar Dhréifús ná ar aon nídh do bhain leis acht aon uair amháin. Is maith is cuimhin liom an tráthnóna daoradh é. Do bhíos féin i dTrouville, baile mór ar bord na fairrge ó thuaidh, mar a gcleachtann na mílte teacht chum an tsáile rith an tsamhraidh. Bhí teach cunntais i lár an bhaile agus réir mar thagadh an nuaidheacht ar an sreangán ó Reinnes, cuirtí suas os comhair na sluaighte i, i bhfuinneoig an tighe seo. Faoi dheireadh tháinig an sgéal: Tá Dréifús daortha. Cuireadh deich mbliadhna i bpríosún air. Do ghluais monbhar beag mar chrónán saithe beach thríd an sluagh le chéile, agus do chuadar 'na mbeirt agus 'na dtriúr go síothach síothchánach a-bhaile. Bhíodar sásta. B'é bara- mhail a bhformhóir gur breith chóir a rugadh ar Dhréifús, agus gur thuill sé a bhfuair sé. D'aindeoin lucht nuaidheachta Sasan agus Americá agus Almáine agus Eadáile, tá mise chomh cinnte le muinntir na Frainnce gur thuill Dréifús a dhaoradh. Tá dhá adhbhar agam faoi sin a chreideamhaint. 1. Nuair daoradh Dréifús an chéad uair d'admhuigh sé os comhair beirte oifigeach go raibh an chúis ina aghaidh acht go raibh súil aige go saorfaidhe é faoi cheann trí mbliadhan.
2. Tá sé aitighthe go láin-dearbhtha go raibh Dréifús láithreach ag feachaint ar chleacht-bheartaibh (manouvres) an airm Almanaigh ag Mulhausen i nAlsás. Nuair cuiradh sin ina leith, shéan sé é. Nuair do dhearbh an fhiadhnaise é ina aghaidh, thosuigh sé ag cúlughadh, ó'n séanadh agus cheap sé leithsgéal. Is follus as an méid sin gur bréagadóir é agus nach aon mhaith choidhche dhó bheith ag glaodhach "Táim neamh-chionntach!" Deireadh an sgéil, níor ghabh aon fhear de'n dream atá ar thaobh Dhréifús air féin a rádh, chómhfhad agus bhí an chúis da plé ó chianaibh, ná gur daoine fírinneacha córa an móirsheisear oifigeach a bhí ar an gcúirt chogaidh. Acht ar an taobh eile tá sé dearbhtha ar fhormhór na bhfear nuaidheachta tháinig as Sasana ag tabhairt fais- néise na cúise i Rennes gur bhasg agus gur chiorrbhuigh siad a gcuid sgéala, go rabhadar i gcomhnuidhe i gcomhluadar lucht cosanta Dhréifús, agus gur iarradar ar chompánach leó gan an t-iomlán d'innsint. Croidhe na fírinne iad, ní bhreág é. Má tá an eagcóir chomh follus úd, cia an chiall bheith ag obair ar an gcuma sin? Ultach Beadaidhe
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services