Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúis Dréifús

Title
Cúis Dréifús
Author(s)
Ultach Beadaidhe,
Pen Name
Ultach Beadaidhe
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúis Dréifús



Tá an domhan mór le tuilleadh agus bliadhain ag teacht
thar chúis Dréifús. Do réir na bpáipéar nuaidheachta
i Sasana, san Alamáin, san Eadáil agus i nAmericá,
is é brígh an sgéil gur daoradh fear neamh-chionntach agus
go bhfuil an éagcóir is mó dá ndeárnadh riamh déanta
ag muinntir na Frainnce, sa ríocht go bhfuil clú agus cáil
an náisiúin Fhranncaigh caillte go deó na ndeór.



Tá a fhios ag an saoghal gur túisge do leigfeadh
fear nuaidheachta an ceann a bhaint de ná bréag d'
innsint faoi chúis ar bith. Ní abraim nach n-innseochadh
sé bréigín beag suarach anois agus arís faoi charaid, acht
an bhfacaidh aonduine riamh bréagh dhá innsint i bpái-
péar nuaidheachta faoi námhaid? Tá an Alamáin agus an
Eadáil sa Choimh-cheangal Trianach i n-aghaidh na Frainnce
agus na Rúise. Ní creidte go deó go n-innseóchadh
Almánach ná Eadálach bréag ag súil le droch-mheas
do chaitheamh ar an bhFrainnc agus go mór-mhór ar arm na
Frainnce. Go deimhin ní creidte. Agus nár shaoil
an Franncach Faiseóda do sgiobadh leis ó n-ár gcaraid
Sean Buidhe? Agus nach bhfuil an bheirt aca go nimh-
neach náimhdeach chum a chéile riamh ó shoin? Nach
follusach dá bhárr sin gur fírinne ghlan gach uile fhocal
dá n-abrann lucht nuaidheachta Sasan i dtaobh na
Frainnce? Tá Séonach thall go han-mhuinnteardha le
Seán ó thosuigh sé féin ag cur smacht ar dhaoinibh ile
i n-aghaidh a dtola, agus ó tá Seán ag innsint na fírinne,
nár bh'olc an caradas é Seónach a heith dhá bhréagnughadh.
Muna bhfágann sin gurab í an fhírinne ghlan atá ghá
hinnsint aca go léir thoir thuaidh thiar agus theas, tabhair
amadán ormsa.



An nuaidheacht atá ar na páipéaraibh seo, ní cóir a
mheas gurab iad lucht na bpáipéar a cheapas nó a
chumas uatha féin í. Dá mbadh iad do cheapfadh an
nuaidheacht dúinn, ní dócha go mbeadh sí chómh fírinneach
agus tá sí. Is amhlaidh atá a dó nó a trí de chuideachta-
naibh móra ann agus fir ionaid aca is gach tír beag nach
ar dhruim an talmhan. Is iad na fir ionaid sin a
chuireas nuaidheacht gach tíre thríd an sreangán tinn-
tireach ag triall ar pháipéaraibh an domhain. Is
iongantach mór an obair í agus ní gan airgead a cuireadh
ar bun í. Is iad na hIúdaidhthe an cineadh is saidhbhre
ar bith agus do réir mar airighim agus ní fheadar ar fíor é,
is iad na hIúdaidhthe a chuir ar bun na móir-chuideachtain
úd a sgaipeas sgéala an domhain ó thír go tír. Má's
iad a d'íoc an píobaire, is iad a chuirfeas ainm ar an
bport, agus ar ndóigh ní thaithnigheann aon phort leó acht
fonn na fírinne. D'fhéadfaidhe go reicfeadh Iúdaidhe
leat ar dhá phunnt uaradóir nár bh'fhiú acht dhá sgilling.
Ort féin atá a locht soin, dar leis. Dá mbeitheá
sáthach críonna, gheabhfá ar cheithre sgilling é. Acht is é
croidhe na fírinne an clúdaidheach má's trácht dó ar
Iúdaidheach eile. Iúdaidhthe is eadh lucht sgaipthe agus
craobhsgaoilte na sgéalta nuaidheachta, má's fíor-
Iúdaidhe is eadh Dréifús. An té adéarfas liom ina
dhiaidh sin go bhfuil focal nach fírinne go bhfuil bun
cleite istigh ná barr cleite amuigh sa nuaidheacht ú
mar gheall ar Dhréifús, bíodh air féin!



Fear saidhbhir is eadh Dréifús, agus a chuid daoine go
léir, daoine saidhbhre iad. Ní cúram dhom a rádh go
mbíonn bréaga dá reic ó mhaidin go hoidhche mar gheall
ar dhaoinibh bochta. Acht cé chuala riamh go n-innseochadh
aonduine bréag ar son duine saidhbhir?



Tá muinntir Shasan ag dul ar buile mar gheall ar
an gcúis seo agus ar an éagcóir uaithbhásaigh do rinneadh
ar Dhréifús. Do bhuail Sasanach mór láidir le cara
liom i siopa an lá cheana. Bhí aithne aca ar a chéile.
D'fhiafruigh me chara dhe an saghad sé go Páras an ath-
bhliadhain go dtí an "Exhibition." Do las an fhearg
ar a éadan. Bhuail cos ar an urlár agus dorn ar an
gclár cunntais. B'fheárr liom dul go fíor-íochtair
Ifrinn, ar sé, ná dul i gcomhluadar na bhFranncach
malluighthe sin! Bhí an ceart aige. Daoine atá chomh
dúlmhar sin sa gceart agus sa bhfírinne, is feárr go mór
a réiteóchadh fíor-íochtar Ifrinn leó ná Páras Mór na
Frainnce.



Dá gcuirtheá de cheisd ar na daoine seo cia an choir
a cuireadh i leith Dhréifús nó caidé mar thárla an chúis
ar aon chor, ní'l duine i n-aghaidh an mhíle aca d'fhéad-
fadh freagra díreach a thabhairt ort. Ní locht ortha sin
agus an mhuinghin is cóir do bheith aca as lucht na bpáipéar
agus as lucht eolais lucht na bpáipéar agus as lucht an airgid
atá ag tabhairt tuarasdail do lucht an eolais, ós iad
lucht na fírinne ar fad iad.



Is é rud adeir lucht nuaidheachta Sasan linn go bhfuil
an cineadh Franncach d'aon ruathar amháin ag iarraidh
Dréifús do mhilleadh agus do dhaoradh. Do bhíos-sa sa
bhFrainnc an tseachtmhain deireannach de chúis Dréifús.
Do bhinn ag dul ó bhaile mór go baile mór, ag cur
fúm agus ag ithe mo bhéileidhe is na tighthibh ósda, Franncaigh
ins suidhe ar gach taobh dhíom, ar m'aghaidh agus ar mo chúl,
agus ar aon bhord liom. Bhídís ag caint agus ag comhrádh ar
gach ar mhian leó. Fad na seachtmhaine sin níor
airigheas trácht ar Dhréifús ná ar aon nídh do bhain
leis acht aon uair amháin. Is maith is cuimhin liom an
tráthnóna daoradh é. Do bhíos féin i dTrouville, baile
mór ar bord na fairrge ó thuaidh, mar a gcleachtann
na mílte teacht chum an tsáile rith an tsamhraidh. Bhí
teach cunntais i lár an bhaile agus réir mar thagadh an
nuaidheacht ar an sreangán ó Reinnes, cuirtí suas os
comhair na sluaighte i, i bhfuinneoig an tighe seo. Faoi
dheireadh tháinig an sgéal: Tá Dréifús daortha.
Cuireadh deich mbliadhna i bpríosún air. Do ghluais
monbhar beag mar chrónán saithe beach thríd an sluagh
le chéile, agus do chuadar 'na mbeirt agus 'na dtriúr go
síothach síothchánach a-bhaile. Bhíodar sásta. B'é bara-
mhail a bhformhóir gur breith chóir a rugadh ar Dhréifús, agus
gur thuill sé a bhfuair sé.



D'aindeoin lucht nuaidheachta Sasan agus Americá agus
Almáine agus Eadáile, tá mise chomh cinnte le muinntir
na Frainnce gur thuill Dréifús a dhaoradh. Tá dhá
adhbhar agam faoi sin a chreideamhaint.



1. Nuair daoradh Dréifús an chéad uair d'admhuigh
sé os comhair beirte oifigeach go raibh an chúis ina
aghaidh acht go raibh súil aige go saorfaidhe é faoi cheann
trí mbliadhan.


L. 436


2. Tá sé aitighthe go láin-dearbhtha go raibh Dréifús
láithreach ag feachaint ar chleacht-bheartaibh (manouvres)
an airm Almanaigh ag Mulhausen i nAlsás. Nuair
cuiradh sin ina leith, shéan sé é. Nuair do dhearbh an
fhiadhnaise é ina aghaidh, thosuigh sé ag cúlughadh, ó'n
séanadh agus cheap sé leithsgéal. Is follus as an méid
sin gur bréagadóir é agus nach aon mhaith choidhche dhó bheith
ag glaodhach "Táim neamh-chionntach!"



Deireadh an sgéil, níor ghabh aon fhear de'n dream
atá ar thaobh Dhréifús air féin a rádh, chómhfhad agus bhí an
chúis da plé ó chianaibh, ná gur daoine fírinneacha córa
an móirsheisear oifigeach a bhí ar an gcúirt chogaidh.
Acht ar an taobh eile tá sé dearbhtha ar fhormhór na
bhfear nuaidheachta tháinig as Sasana ag tabhairt fais-
néise na cúise i Rennes gur bhasg agus gur chiorrbhuigh
siad a gcuid sgéala, go rabhadar i gcomhnuidhe i
gcomhluadar lucht cosanta Dhréifús, agus gur iarradar
ar chompánach leó gan an t-iomlán d'innsint. Croidhe
na fírinne iad, ní bhreág é. Má tá an eagcóir chomh
follus úd, cia an chiall bheith ag obair ar an gcuma
sin?



Ultach Beadaidhe

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services