Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clódhanna Nua.
Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLÓDHANNA NUA. ÉIGSE SUADH IS SEANCHAIDH: Sliocht do sheinleabhraibh an chuid is mó don méidse idir prós agus filidheacht. Iar n-a cur in eagar agus in ordughadh maille re gluais agus sanas ag comhdhaltaibh do chuallacht Choluim Cille atá ag Maigh Nuadhad. Iar na chraobhscaoileadh dhon choitcheanntacht ag Muintir Ghoill [.i. an t-athair agus a mhac] i mBaile Átha Cliath, Price, Two Shillings, Nett. Leabhar eile seo ó dhaltaíbh Choluim Cille - Dia dhá mbeannachadh! Gach duine a chuireann spéis i dteangain is i litridheacht na Gaedhilge cuirfidh sé fáilte ó chroidhe roimh an leabhar so; ceannóchaidh sé é, agus léighfidh ar a shocracht é. Ní baoghal 'ná go bhfuighe sé blas air - blas na seanndacht, murab ionann is an tseanchuirm. Dar liom-sa, nach miste dhúinn an leabhar so d'áireamh n-a chomhartha, nó n-a event dá ndéarfainn é. Don chéad dul síos, is comhartha sofheicseanna é ar an éitheach do thugann an dream adeir ná fuil sa Ghaedhilg acht callaireacht agus spadchainnt lucht taithighthe margaidhe. Seadh go deimhin. "Oidheadh Chon- laoich" agus "Scéal ar Naomh Greagóir" dá n-aithris ar chliatháin páirce aonaigh! Ta leitridheacht againne nach gábhadh dhúinn scáth ná ceannfé a bheith orainn n-a thaobh, agus, dá ngabhadh ceart de réir aoise agus uaisleachta, do bhuadhfadh sí ionad árd i measc leitridheacht an domhain uile. Acht tá an lá ag teacht. "Tá lámh Dé san obair." Acht, n-a theannta-san, is comhartha an leabhar so ar bhuidhin ógscoláirí Gaedhilge a bheith ag fás chughainn abhfus i nÉirinn féin. Is furus an deigh- mhiteal a aithint. Ní gábhadh d'éinne acht scéal nó dán dá bhfuil ann i gcló a scrúdughadh, agus an tagradh a ghabhann leis do léigheamh, agus chífidh go bhfuil an miteal go maith ann. Na daoine a thug an leabhar so dhúinn, tá sé ar a gcumas obair fhóghanta a dhéanamh, agus tá súil againn go leanfaid siad di. Cadé adhbhar an leabhair? Tá, scéalta agus dánta do baineadh as na láimh- scríbhinnibh i gColláiste Muighe Nuadhad. An chéad scéal, ámhthach, ní as láimh- scríbhinn do baineadh é, acht a béal duine éigin de Déisibh Mumhan. Agus ní nár don té d'aithris é. Tá ceacht don uile Ghaedheal ann. Tá dhá innsint ar "Oidheadh Chonlaoich" ann - an seanscéal mar do-gheibhtear isna láimhscríbh- innibh é, agus an innsint athchumair dobheir an Céitinneach air. "Fachain Bháis Mheidhbhe" de réir Chéitinn, tá soin ann, agus "Blogh de Sgathán Shácraimínte na hAithrighe" ó Aodh Mac Aingil. N-a bhfochair sin tá roinnt scéalta ar naomhaibh, agus giotaí filidheachta. Tá tagra fóghanta ag gabháil le gach ní dá bhfuil ann, agus i ndeireadh an leabhair, foclóir oireamhnach, i gcás ná fuil snaidhm ná ceangal ná fadhb ann ná faghann a ródhóthain de réidhteach. Fear- aimíd "fíorchaoin fáilte" roimh "Éigse Suadh is Seanchaidh," agus badh bhinn linn tuilleadh dhe. Tá súil againn go mbeidh cóib den leabhar ina sheilbh ag gach léightheóir den IRISLEABHAR. Ní heol dúinn slighe a b'fhearr n-a bhféadhfadh duine píosa dhá scilling a chur.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services