Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clódhanna Nua.

Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLÓDHANNA NUA.



ÉIGSE SUADH IS SEANCHAIDH: Sliocht do sheinleabhraibh an chuid is mó don
méidse idir prós agus filidheacht. Iar n-a cur in eagar agus in ordughadh
maille re gluais agus sanas ag comhdhaltaibh do chuallacht Choluim Cille
atá ag Maigh Nuadhad. Iar na chraobhscaoileadh dhon choitcheanntacht
ag Muintir Ghoill [.i. an t-athair agus a mhac] i mBaile Átha Cliath,
Price, Two Shillings, Nett.



Leabhar eile seo ó dhaltaíbh Choluim Cille - Dia dhá mbeannachadh! Gach
duine a chuireann spéis i dteangain is i litridheacht na Gaedhilge cuirfidh sé
fáilte ó chroidhe roimh an leabhar so; ceannóchaidh sé é, agus léighfidh ar a
shocracht é. Ní baoghal 'ná go bhfuighe sé blas air - blas na seanndacht, murab
ionann is an tseanchuirm.



Dar liom-sa, nach miste dhúinn an leabhar so d'áireamh n-a chomhartha, nó n-a
event dá ndéarfainn é. Don chéad dul síos, is comhartha sofheicseanna é ar
an éitheach do thugann an dream adeir ná fuil sa Ghaedhilg acht callaireacht
agus spadchainnt lucht taithighthe margaidhe. Seadh go deimhin. "Oidheadh Chon-
laoich" agus "Scéal ar Naomh Greagóir" dá n-aithris ar chliatháin páirce
aonaigh! Ta leitridheacht againne nach gábhadh dhúinn scáth ná ceannfé a bheith
orainn n-a thaobh, agus, dá ngabhadh ceart de réir aoise agus uaisleachta, do
bhuadhfadh sí ionad árd i measc leitridheacht an domhain uile. Acht tá an lá ag
teacht. "Tá lámh Dé san obair."



Acht, n-a theannta-san, is comhartha an leabhar so ar bhuidhin ógscoláirí
Gaedhilge a bheith ag fás chughainn abhfus i nÉirinn féin. Is furus an deigh-
mhiteal a aithint. Ní gábhadh d'éinne acht scéal nó dán dá bhfuil ann i gcló a
scrúdughadh, agus an tagradh a ghabhann leis do léigheamh, agus chífidh go bhfuil
an miteal go maith ann. Na daoine a thug an leabhar so dhúinn, tá sé ar a
gcumas obair fhóghanta a dhéanamh, agus tá súil againn go leanfaid siad di.



Cadé adhbhar an leabhair? Tá, scéalta agus dánta do baineadh as na láimh-
scríbhinnibh i gColláiste Muighe Nuadhad. An chéad scéal, ámhthach, ní as láimh-
scríbhinn do baineadh é, acht a béal duine éigin de Déisibh Mumhan. Agus ní
nár don té d'aithris é. Tá ceacht don uile Ghaedheal ann. Tá dhá innsint ar
"Oidheadh Chonlaoich" ann - an seanscéal mar do-gheibhtear isna láimhscríbh-
innibh é, agus an innsint athchumair dobheir an Céitinneach air. "Fachain Bháis
Mheidhbhe" de réir Chéitinn, tá soin ann, agus "Blogh de Sgathán Shácraimínte
na hAithrighe" ó Aodh Mac Aingil. N-a bhfochair sin tá roinnt scéalta ar
naomhaibh, agus giotaí filidheachta. Tá tagra fóghanta ag gabháil le gach ní dá
bhfuil ann, agus i ndeireadh an leabhair, foclóir oireamhnach, i gcás ná fuil
snaidhm ná ceangal ná fadhb ann ná faghann a ródhóthain de réidhteach. Fear-
aimíd "fíorchaoin fáilte" roimh "Éigse Suadh is Seanchaidh," agus badh bhinn
linn tuilleadh dhe. Tá súil againn go mbeidh cóib den leabhar ina sheilbh ag
gach léightheóir den IRISLEABHAR. Ní heol dúinn slighe a b'fhearr n-a bhféadhfadh
duine píosa dhá scilling a chur.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services