Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Domhnall Gabha agus a Ingheanacha. II.
Title
Domhnall Gabha agus a Ingheanacha. II.
Author(s)
Ó hÉigeartaigh, Diarmaid,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Domhnall Gabha agus a Ingheanacha. II. DIARMAID Ó hÉIGEARTAIGH do scríobh. Thar éis breacfasta lá, dubhairt sí le Cáit go raibh mórán gnótha ar láimh ag á máthair, agus, ó ná raibh aon deithineas ortha féin, go raghadh sí chum cabhrughadh léi. Sin mar bhí. D'imthigh sí léi, acht má imthigh, ní ar thigh a máthar thug sí aghaidh acht ar Chóbh Chorcaighe. Ní tháinig sí a mbáireach ná amanarthar, ná an lá n-a dhiaidh. Mheas Cáit gur i dteannta a máthar a bhí sí, agus shíl an mhuinntir sa bhaile gur i dteannta Cháit a bhí sí go dtáinig an Domhnach. Nuair tháinig Nóra isteach sa tsiopa ar maidin Dia Domhnaigh d'fhiafraigh Cáit di cád n-a thaobh ná raibh Sighle ag teacht go dtí an Aifreann. "It is you ought to know that," arsa Nóra, go neam- shuimeamhail.
"O! she left me Wednesday morning to go to help ye, as she said ye were very busy, and I did not see her since," arsa Cáit, go ceistinneach. "Joking you are," arsa Nóra. "Faith it is no joking; she left here Wednesday after breakfast and did not return since." "We didn't see her since Sunday," arsa Nóra, go hiongantach. "'Tis a curious state of things," arsa Cáit. Le linn na bhfocal soin tháinig a n-athair agus a máthair an doras isteach. "A leithéid seo," arsa Nóra leó, agus d'innis dóibh láithreach bonn an méid bhí thar éis tuitim amach idir í féin agus Cáit. D'fhéachadar araon ar Cháit go ceistinneach, agus nuair dheimhnigh sí dhóibh go raibh an scéal mar mhínigh Nóra é, chrith Domhnall ó thalamh i n-áirde, agus do leog a máthair caolscread aisti; agus an nóimeat 'na dhiaidh dubhairt sí: "where could she go?". I gcionn tamaill bhig chuaidh Cáit go bosca an airgid, agus fuair sí amach go raibh cúig phúint déag i n-easnamh air. Bhí tuairim annsan aca cad a bhí déanta aici. T'réis Aifrinn chuireadar a tuairisc ins gach aon bhall, agus an lá 'n-a dhiaidh sin fuaradar scéala le congnamh na gconnstábla gur sheol sí amach ó Chóbh Chorcaighe an Satharn roimhe sin ar bhórd luinge ag dul go Mericeá. Ó an lá soin go lá a mbáis ní bhfuaradar a thuilleadh tásc ná tuairisc ar Shighle. "Acht cad do imthigh ar Bhueldon?" adéarfaidh duine éigin. D'fhág sé Pórtsmut ar maidin Diardaoin go moch ar an traen go Libherpúl, agus shroich sé an baile cuain sin ar an dódhéag. Bhí dulús maith airgid taiscithe aige, mar nár scaip- theóir é ar chor ar bith. I dteannta an airgid, bhí ualach asail de bhréagánaibh agus de sheódaibh beaga bailighthe aige ós gach áit ina raibh sé na trí bliadhna roimhe sin. Bhí an oiread málaí agus boscaí beaga agus móra aige agus chífidhe ag sean-mhangaire saidhbhir. D'fhág sé iad go léir ag oifig na traenach nuair tháinig sé amach i Libherpúl. Cé gur mór a bhí siubhalta aige, níor chuir sé a shúil ar an mbaile cuain sin riamh roimhe sin. Siúd chum siubhail é ag feicsint na cathrach. Bhí sé ag cur tuairisc ar thigh annso agus ar shráid annsúd, acht níor bh'fhada dó mar seo nuair
bhuail fear beag deas eolgaiseach uime bhí i n-ann eólas a thabhairt dó ar gach nídh bhí uaidh. Ní raibh a dhóthain de sna bréag- ánaibh fós aige, agus an fhaid bhí an giolla i n-éinfheacht leis cheannuigh sé dó nó trí cinn eile aca. Thomhais an giolla láithreach é. Rug sé síos sráid é agus suas sráid eile é; thasbeáin sé siopa breagh i n-áit do, agus ceann níos breághtha i n-áit eile i n-a raibh rudaí ghá ndíol 'ná feaca sé fós. Níor fhág sé siopa gan rud beag éigin a cheannach ann. Sular fhág sé port na traenach ar maidin fuair sé eolas cathain a sheolfadh an chéad long i mbáireach go hiath ghlas na hÉireann. Go Baile Átha Cliath bhí an chéad cheann ag dul, agus bhí sí chum cuan fhágaint ar a haon a chlog. Bhí an céibh go raibh sí le fágaint suas le míle go leith ó phort na traenach, agus ba mhó ba mhór le Bhuillí an méid sin slighe ar maidin. Cheap sé go dtógfadh sé lóistín i n-áit éigin láimh leis an gcéibh. "Tá dhá nídh eile uaim anois," ar seisean le n-a ghiolla; "tá ocras ag teacht orm agus badh mhaith liom rud beag d'fhagháil le n-ithe, agus táim ag dul go Baile Átha Cliath i mbáireach agus badh mhaith lóistín fhagháil láimh leis an gcéibh, i gcás ná beadh an iomad aistir ar maidin orm." "Teasbánfad-sa toghadh lóistín duit i n-aice leis an luing, áit ina bhfuighir ionad codlata agus biadh chomh maith agus chomh saor agus táid siad le fagháil i Libherpúl," dubhairt an fear eile. "Is fearr ná riamh é," arsa Bhueldon 'na aigne féin. "Siubhlaigh leat, máiseadh," ar seisean. "Gaibh mar seo," ars' an fear beag. Lean sé é agus budh ghearr gur iompuigh sé isteach i dtigh deas glan go raibh nuadhfhéachaint agus cosamhlacht siopa air. Ní raibh puinn earraí ar an bhfuinneóig, ná ar na cúilíní taobh thiar den gconntabhairt. Bhí bean óg áluinn i mbun an tsiopa, agus nuair d'iarr Bhueldon lóistín uirthi dubhairt sí go raibh soin le fagháil aige agus fáilte. Bhí soin go maith. "An dteastóidh dinnéar uait," dubhairt sí. "Teastóidh," arsa Bhueldon. "Seadh anois," ars' an giolla, "faid bheidh an biadh ghá ullmhughadh raighmíd síos go dtí an luing."
"Téanam ort mar sin," arsa Bhueldon. Chuadar síos agus níor bh'fhada uatha é. Nuair bhí féachta aca ar an árthach deas triopalach, dubhairt an giolla leis: "Slán agat anois, níl a thuilleadh gnótha agat díomsa." "Ná himthigh mar sin uaim," arsa Bhueldon, "fan agus beidh dinnéar againn i dteannta a chéile, tá an lá caithte agat liom." "Ó! go raibh maith agat, go raibh maith agat," ars' an fear beag, "tá mo dhinnéar féin ullamh um an taca so romham sa bhaile agus ní thógaim dinnéar i n-aon bhall eile." "Beidh deoch againn mar sin," arsa Bhueldon. "Ní theighim isteach i dtighthibh tábhairne i n-aon-chor," dubhairt an fear beag ag iompáil ar a sháil agus ag cur de. Thar éis filleadh thar n-ais go dtí an lóistín agus a dhinnéar d'ithe chuaidh Bhueldon ar lorg a chuid earraidhe go port na traenach, agus do thug leis iad go dtí an lóistín. Chaith sé an chuid eile den tráthnóna ag siubhal le hais an chuain ag éisteacht agus ag féachaint ar na faoilinn, agus na cúirliúin, agus na seagaí ag cur an tsaoghail társa mar do órduigh Dia dhóibh. Shroich sé an lóistín ar thuitimín na hoidhche agus chuaidh a chodladh. Roimh dhul chum suain dó, dubhairt sé le bean an tighe gan glaodhach air go dtí a deich a chlog ar maidin; acht mara mothóghach sí ag éirighe um an taca soin é, gan leogaint dó codladh níos sia. Gheall sí dhó go ndéanfadh, agus do ghuid codladh fé chompórd dó i gcomhair na hoidhche. Sin mar fághadh an scéal. Ní túisce sa leabaidh Bhuillí ná mar bhí sé 'n-a chodladh. Dhúisigh sé ag amharc an lae, acht bhí an uile nídh chomh ciúin sin nár bh'fada 'na dhúiseacht é nuair thuit toirchim throm eile air, agus níor dhúisigh sé as go dtí abhfad amach sa lá. Fé dheire dhúisigh sé agus phreab sé 'na shuidhe. Bhí gach aon nídh chomh ciúin leis an uaigh agus nuair fhág sé a sheómra féin chonnaic sé doirse na seomraí eile go léir dúnta. Bhí fhios aige ná raibh sé ró-mhoch, agus gan moill chuaidh sé síos go dtí an siopa, as soin go dtí an chistin, agus ón gcistin go dtí an áit i n-ar fhág sé a thriomaga an oidhche roimhe sin, acht má chuaidh ní raibh roimis i ngach áit aca acht na fallaí follamha. Do bhuail agus do ghlaoidh. Ní raibh maith ann. Ní raibh freagra le fagháil i n-aon bhall aige. Chuaidh sé suas an staidhre agus do bhuail agus do ghlaoidh, acht má dhein ní bhfuair sé duine ná daonaidhe beó ná marbh ann.
Siúd amach é agus ghlaoidh isteach an chéad connstábla bhuail uime. D'oscladar an uile sheómra agus an uile phóirse; níor fhágadar cúil ná cúinne gan innfiúchadh go géar agus go cruinn; acht ní raibh sciot le fagháil. Bhí a raibh aige imthighthe gan tásc gan tuairisc. Scrios an líon tighe leó am éigin den oidhche, agus sciobadar leó a raibh faoi iadh an tighe acht amháin na rudaí bhí sa seómra 'n-ar chodail sé. Faoi uair a' chluig bhí connstábla ins gach áird ag cur tuairisc agus ag cuardach, acht ní raibh bean an tighe ná an fear beag a thug go dtí an lóistín é, ná an cailín aimsire, ná an garsún bhí i bhfeidhil an chapaill le fagháil thíos ná thuas. Lean an cuardach mar seo ar feadh dhá lá. D'fhan Bhueldon fé dhídion na gconnstáblaithe feadh an scaithimh sin, agus gan suaimhneas nóimit aige, acht ag síormhachtnamh cad badh cheart dó dhéanamh. Ní raibh de airgead aige thar éis an léirscrios acht dosaon éigin scillingí, agus níor fágadh de shaidhbhreas aige acht an t-éadach a bhí ar a chnámhaibh. Bhí an scéal go dona aige. Ní fhéadfadh sé suidhe agus scríobh chun Sighle Ní Shíocháin. Ní leog- fadh náire dhó an fhírinne do innsint dí, agus ní raibh ann leath- scéal creideamhnach a cheapadh. Níor fágadh sa ghuais seo i bhfad é. Bhí na Sínigh agus daoine nách iad de sna náisiúnaibh buidhe ag imirt bhradghaile ar Sheaghán Buidhe i n-imeallaibh na hIndiacha Thoir. Chuir an Riaghaltas fógradh amach go raibh árdughadh páidh agus céime dos na saighdiúirí agus do sna márnéalachaibh raghadh soir, le na dtoil, chun smacht do chur ar an nDream Buidhe. Cé go raibh Bhueldon tuirseach a dhóthain de sna tíorthaibh iasachta, tháinig an tapa so go hádhbharach chuige. Chuir sé isteach air mar chuirfeadh duine isteach ar phost do chuirfeadh Dia féin 'na threó. Chuaidh sé thar n-ais ar an gcéad traen bhí ag dul go Pórtsmut agus do sheól sé amach ar a trí a chlog an lá 'na dhiaidh ar bórd an chéad luing d'fhág cuan ag triall ar na hIndiachaibh. Dé Domhnaigh d'fhill sé thar n-ais ó Libherpúl - b'é seo an lá bhí ceap- aithe aige dul chun cainte le hathair Shighle. Bhí sé ar seól thríd an Muir Toirrian sular sgríobh Sighle an chéad litir ar a thuairisc. Nuair shroich sé deire a chúrsa bhí sé ró-ghnóthach chun scríobhnóireachta, agus 'na theannta san bhí fhios aige ná raibh caoi aige ar phost fhaghail chun litir a stiúradh go hÉirinn.
Bhí leathbhliadhain caithte sul fuair sé post oireamhnach chun litir a stiúradh go Portláirge, cé go raibh an litir scríobhtha ráithe, nach mór. Sa litir seo chuir sé síos go beacht ar gach matalanng a theangmhaigh dó, agus ar na seódannaibh luachmhara bhí aige ag teacht go hÉirinn. Agus fós, d'innis sé an teacht ar aghaidh bhí gealltha dhó de bhárr an chúrsa thug sé. Acht bhí Sighle imhthighthe ráithe sular shroich an litir seo siopa Cháit Ní Shíocháin. Seachtmhain lom díreach, ó lá go á, i ndiaidh í chur sa phost, fuair sé na cúig litreacha scríobh Sighle ar a thuairisc sular sceinn sí ó dhídion tighe a hathar. Bhí sé anois ar a shuaimhneas i gcuan Mhadras, agus scríobh sé freagra fada lán go béal le grádh agus le hathtruagh, agus ag athchuingidhe uirthi gan bheith buartha ná neamhfoidhneach, agus ag deimhniughadh dhí ná buailfidhe bob an darna huair air nuair bheadh sé ag teacht go hÉirinn. Dubhairt sé léi gan scríobhadh chuige i n-aonchor, mar go mbeadh sé ag fágaint na háite sula shroichfeadh a litir é, agus go scríobhfadh sé arís an nóimeat bhuailfeadh a long cuan i Sasana. Tháinig na litreacha so go siopa Cháit agus do fhoscail sí iad, agus theasbáin sí dá muinntir sa bhaile iad. Chuireadar a gcomhairle le chéile, agus fé na gcomhairle scríobh sí chuige go gearr, cruinn, géar, ghá chur i n-umhail dó ná raibh Sighle le fagháil, agus ar an ádhbhar san ná raibh aon ghnó aige chun a n-áit, ná aon fháilte ann roimis dó. Ní feacathas Bhueldon i bPortláirge ó shoin. Ghoill an mífhortún so go mór ar an ngabha agus ar a mhnaoi. Chuadar deich mbliadhna i n-aostacht d'réir dollaibh i n-aon bhliadhain amháin. Níor dhein sé dochar ar bith do sna daoinibh óga. Siúd is go rabhadar tromchroidheach buartha n-a taobh, níor lean sé i bhfad dóibh. Bhí an t-aos ag druidim leis an tsean- lánamhain, agus ní raibh ionnta an oiread oibre a dhéanamh, ná an oiread airgid a thuilleamh agus thuillidís i n-aois a hóige. 'Na theannta soin dhein imtheacht Shighle míniughadh mór ar stáisiúntacht Dhomhnaill, i gcás, nuair hiarradh air é, gur thug sé cead do Nóra connstábla do phósadh. Spriosán óg do b'eadh é seo, ná raibh de aimsir curtha isteach aige acht dhá bhliadhain go leith; agus dá dheascaibh sin ní raibh cead pósta aige ó na uachtaránaibh. Do fhan Nóra i dtigh a hathar an fhaid fágadh a fear san áit
sin. Acht i gcionn bliadhna do haistrigheadh é go Cúig' Uladh, agus ba ghearr 'na dhiaidh sin gur thóg sé lóistín di i bPort an Dúin, an áit ina raibh sé féin suidhte - agus do rug sé leis ó thuaidh í. Fear macánta ciallmhar b'eadh é, agus bhí Nóra agus a beirt pháistí chomh socair sásta agus d'fhéadfaidís bheith. B'fhearr le Domhnall anois ná rud mór Cáit a fheicsint pósta. Ní raibh sí ró-óg feasta, agus bhí na deirbhshéaracha b'óige ná í ag déanamh dóibh féin. Rud eile, níor mhaith leis í bheith n-a haonar i mbun siopa ar thaobh sráide. Is dócha nár mhiste léi féin leis taca éigin bheith aici i gcomhair an tsaoghail a bhí roimpi. Bhí fear óg de mhuinntir Dhála thar eis teacht ó Chealafóirne agus na céadta airgid aige. Thug sé deich mbliadhna amuigh agus i rith na haimsire sin, ní raibh sé lá díomhaoin ná lá breóidhte. Bhí aithne mhaith ag Cáit agus é féin ar a chéile roimh imtheacht dó. Is iomdha lá fada thug sé ag ceardchain a hathar ag feitheamh le "peidhre" cruidhte nó le breacadh bhaint as ráinn nó as grafán. Tuairim comhnaos do b'eadh iad. Ní raibh aon tsúil aca i ndiaidh a chéile sular imthigh an Dálach go Merice agus ní dóca gur chuimhnigh duine aca ar an nduine eile feadh na ndeich mbliadhna bhí sé amuigh. Bhí sé sa bhaile mí sular casadh ar a chéile iad lá Domhnaigh ag doras an tsiopa. Bhí Cáit taobh thiar den chonntabhairt roimh Aifrinn nuair chuaidh a hathair thar an bhfuinneóig, agus i n-ionad teacht isteach mar ba ghnáthach leis do lean leis thar an doras. Bhí iongnadh uirthi cad ba fáth le na dhul thar an doras gan teacht isteach, agus chuaidh sí go dtí an thársigh ag amharc n-a dhiaidh. Cionus a bheadh, acht é féin agus Mac Uí Dhála ag caint le chéile i ngoireacht trí slata dhon doras; agus ní túisce chuir sí a ceann amach ná gur aithin an Dálach í, agus do bheannaigh dhi go carthannach muinteartha. Tháinig sé féin agus an gabha isteach sa siopa, agus bhí caint agus comhrádh aca as soin go ham Aifrinn. Thug Cáit cuireadh dhóibh araon teacht isteach thar éis Aifrinn agus do ghlacadar an cuireadh. Chaitheadar an tráthnóna i dteannta a chéile, agus is ag dul i gceanamhlacht ar a chéile bhí an muintir óg. Ní raibh uair n-a dhiaidh sin go dtagadh an Dálach don tsráid ná go dtugadh sé cuaird ar Cháit. B'é críoch an scéil é gur pósadh iad, agus ní miste a rádh ná gur sásta an lánamhain Domhnaill Gabha agus
Sighle Ní Chatháin an lá san. Ba bheag an iongnadh soin, mar bhí cliamháin anois aca go raibh meas ag gach éinne air, agus rud do b'fhearr 'ná soin, bhí meas aige fhéin air fhéin. Níor bh'fhada dhóibh pósta nuair thosnuigheadar ar thigh nuadh a thógáilt. I gcionn bliadhna bhí siopa agus inead comhnuidhthe aca mhaith a dhóthain don tsráid is fearr i mBaile Átha Cliath. Bhí áthas agus mórdhálacht anois ar chroidhe an "Chailín Deas Donn", mar a ghlaodhadh Domhnall ar a mhnaoi, nuair bhíodh fonn spóirt air; agus go deimhin níor mhó a háthas agus a bród ná áthas agus bród Dhomhnaill fhéin. Acht, fóiríor! Is annamh lá gréine gan scamall. Slán gach éinne chloiseann é, agus an áit i n-a n-innstear é! Bádhadh fear Nóra lá breagh gréine agus é féin agus beirt chonnstábhla eile ag snámh. Ní raibh na seacht mbliadhna ar fad curtha isteach aige, agus, dá bhithin sin, ní raibh cead pósta faghálta aige. Ní raibh aon fhios ag á mháighistiríbh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath go raibh bean agus clann aige. Leis sin ní raibh phinnse ná cabhair eile le fagháil ag a mhnaoi ón Riaghaltas thar éis a bháis. Do fhág sé triúr clainne aici - beirt gharsún agus cailín beag. Chaith sí filleadh a-bhaile le n-a triúr páistí go teinnteán a máthar, go duairc agus go dealbh. Acht bhí aon mhaith amháin sa scéal: ba chneasta an t-inead di filleadh ar Dhomhnall agus ar Shighle, agus ba mhaith an chabhair dóibh í anois nuair bhí a lúth ag imtheacht leis na bliadhantaibh. Mhaireadar i dteannta chéile go ceann dosaon éigin bliadhan chum go bhfuair an gabha bás. Dhíoladar an áit thar éis a bháis, agus chuadar chum comhnuidhthe go tigh Cháit. Bhí gnó ag Cáit anois díobh. Bhí mórsheisear cloinne aici, agus siopa mór, lán de shaidhbhreas agus de ghnó. Dá fheabhas í féin chum aghaidh na ndaoine a tharrac uirthi, b'fhearr 'ná san a fear. Ba mhó bhí dhá dhíol agus dhá cheannach 'na siopa ná sa sráid uile go léir. Níl acht achar gearr ó cuireadh an tseanbhean, agus ar leabaidh a báis thug sí moladh agus buidheachas agus altughadh do Dhia agus dá Mac Naomhtha mar gheall ar an sólás aigne thug sógh Cháit di. (Críoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services